Bím ag scríobh chuig Santa ó fuair mé sean….

CARTLANN NA FÉILE: Is cúis áthais dúinn ‘Achainí Seanduine’, dán ón gcartlann leis an sárscríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain a fhoilsiú inniu

Bím ag scríobh chuig Santa ó fuair mé sean….

Achainí seanduine

Bím ag scríobh
chuig Santa
ó fuair mé sean,
ach ní fhaigheann mé
mórán airde;
tá sé deacair, is dóigh,
an scríobh a léamh,
mar tá beagán creathadh
i mo láimh.

Bíonn mo stoca feistithe
súil le Dia,
is é crochta
ar lúib an phota,
ach mugal fhéin
ní bhíonn dhá bharr
mar tá cúpla poll
sa stoca.

I ngan fhios don saol
a chuaigh mé in aois
is airím uaim an suáilceas,
go síoraí seasta
ag caint liom féin,
mar is minic aosta
uaigneach.

Ní bhíonn aon chrann
na Nollag agam,
níor chleacht mé
ach an cuileann,
ní mórán soilse
a bhíos i mo theach
is ní léir do Santa
an choinneal.

Sílim nach fiú
bheith ag scríobh níos mó
is ní chrochfaidh mé
aon stoca,
beidh mé ar mo ghlúine
ins an gclúid
is mé ag labhairt
le Santa i gcogar.

Theastódh éadach,
nó péire bróg,
mar tá airgead
sách gann,
ach níl mé ag iarraidh mobile phone
mar níl aon scil agam ann.

Le mála móna
a thabhairt isteach
is mó
a theastaíonn cúnamh,
is ó stromp na cosa
ní bhím in ann
a dhul ag aifreann
maidin Domhnaigh. 

Ní iarraim, a Santa,
ach lúth na ngéag:
bheith in ann éirí
asam féin,
is a dhul ag an siopa
de shiúl mo chos,
ag iarraidh builín
is gráinne tae.

Is nuair a mhúchann
mo choinneal
faoi dheireadh thiar
bíodh m’anam ar stáid na ngrásta,
ná lig dom bás
a fháil liom féin
is beidh mise
sona sásta.

-Tá an dán seo ar fáil i Fad Saoil, cnuasach Joe Steve Ó Neachtain, atá ar díol sna siopaí agus anseo ó Chló Iar-Chonnacht ar €10

Fág freagra ar 'Bím ag scríobh chuig Santa ó fuair mé sean….'