Biden ag déanamh ar Mhaigh Eo don lá deireanach dá thuras ar Éirinn

I ndiaidh a aithisc stairiúil sa Dáil inné, tabharfaidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá óráid inniu taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muireadhach i mBéal an Átha

Biden ag déanamh ar Mhaigh Eo don lá deireanach dá thuras ar Éirinn

I Maigh Eo a chaithfidh Joe Biden an lá deireanach dá thuras ceithre lá ar Éirinn tar éis dó eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Aerfort Iarthar Éireann maidin inniu.

Thug Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá aitheasc stairiúil i nDáil Éireann inné inar labhair sé beagáinín Gaeilge agus ina ndúirt sé gur chóir don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair “níos dlúithe” le hÉirinn chun an tsíocháin a chosaint.

D’fhreastail sé aréir ar fhéasta oifigiúil ina onóir i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Tabharfaidh sé cuairt inniu ar scrín na maighdine i gCnoc Mhuire agus ar Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo sula ngabhfaidh sé go Béal an Átha, mar a gcuirfidh sé deireadh lena chuairt.

Tabharfaidh sé óráid taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muireadhach sa mbaile mór agus tuairiscítear go raibh an-tóir ag daoine ar chead freastal ar an ócáid sin.

“Ceiliúradh ar an gceangal domhain stairiúil atá idir ár muintir agus ár dhá thír” ábhar na cainte ansin. Ócáid Mhaigh Eo an ceann oifigiúil deiridh dá thuras sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe anocht.

Is as Béal an Átha Mhaigh Eo ó dhúchas iad cuid de shinsir Biden, muintir Blewitt. In 1850 a d’imigh Patrick Blewitt ar imirce as Éirinn.

Thagair John Kirby, Comhordaitheoir na Cumarsáide Straitéisí Chomhairle Náisiúnta Slándála na Stát Aontaithe, don 27,000 bríce a dhíol Edward Blewitt, sin-sin-sin-seanathair an Uachtaráin Biden leis an Ardeaglais sin in 1827.

“Úsáideadh na brící sin chun an ardeaglais bhreá sin a thógáil agus a neartú agus chuidigh siad le Edward Blewitt ticéid a cheannach dó féin agus dá theaghlach blianta ina dhiaidh sin le seoladh go Meiriceá in 1851.

“Tá an tUachtarán ag súil go mór leis an turas agus an deis seo a fháil leis na ceangail stairiúla atá idir ár dhá thír a cheiliúradh, ceangail atá láidir idir pobal an dá thír go fóill,” a deir Kirby.

Ina óráid sa Dáil inné,  phléigh Biden go leor ábhar – cúrsaí síochána, cogadh na hÚcráine, an t-athrú aeráide agus an teicneolaíocht – agus dúirt sé nach bhféadfaí filleadh ar an bhforéigean polaitiúil in Éirinn.

Dúirt sé gurb í an oidhreacht is mó a d’fhág Comhaontú Aoine an Chéasta againn ná go saolaítear páistí inniu “nach mbíonn aon phointí seiceála ina mbac ar a gcuid brionglóidí”.

“Ní mór seasamh ar son na síochána agus í a chothú,” ar sé.

Thriail sé Gaeilge a labhairt i dtús a aithisc do dhá Theach an Oireachtais.

Maith dom m’iarracht bhacach ar Ghaeilge, a dúirt an tUachtarán, sula ndúirt sé: “Tá mise abhaile [Tá mé sa bhaile].”

Faraor géar nach bhféadfainn fanacht níos faide, ar sé.

Ba é an chéad Uachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a rinne iarracht abairt bheag Ghaeilge a labhairt sa Dáil, cé gur bhain Bill Clinton úsáid as an dá fhocal “caisleáin óir” ina aitheasc i 1995.

Dúirt Biden go raibh an óráid ar cheann de mhór-onóracha a shaoil agus gurb é an t-údar aiféala is mó a bhí aige ná nach raibh a mháthair beo chun é a fheiceáil.

Níos luaithe inné, bhuail an tUachtarán Biden leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin. Le linn na hócáide sin, chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá crann darach agus bhuail sé Clog na Síochána, a cuireadh suas in 2008 mar chomóradh deich mbliana ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug Biden le fios gur scríobh sé leagan Béarla de sheanfhocal Gaeilge i leabhar na gcuairteoirí san Áras – ‘Your feet will bring you where your heart is’ [An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfaidh do chosa thú].

Chas Biden chomh maith leis an Taoiseach Leo Varadkar i dTeach Farmleigh, mar ar labhair siad faoin bpróiseas síochána, faoi na ceangail eacnamaíochta idir Tuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, an cogadh san Úcráin agus na dúshláin atá roimh an ngeilleagar domhanda.

Fág freagra ar 'Biden ag déanamh ar Mhaigh Eo don lá deireanach dá thuras ar Éirinn'