Bí ag súil le cleas nua as mála cleasanna Joe Schmidt agus le bua eile ag na Gaeil

Tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh an lá leis na Gaeil in aghaidh na Pumas arís i mbliana agus ní haon iontas sin i bhfianaise a láidre is atá an fhoireann atá ainmnithe ag Schmidt

Bí ag súil le cleas nua as mála cleasanna Joe Schmidt agus le bua eile ag na Gaeil

Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is fada an lá ó bhí deireadh seachtaine chomh maith ag foirne gairmiúla rugbaí na tíre seo agus a bhí deireadh seachtaine seo caite. Bhí bua réasúnta éasca ag an gceithre chúige i mBabhta 8 den Pro 14, comórtas atá ar scor anois go ceann trí seachtaine.

Ní hamháin sin, ach bhí an fhoireann idirnáisiúnta ag imirt freisin i gcoinne na hIodáile in Chicago. Tá drogall orm a rá gur foireann lag a thug Joe Schmidt leis go Chicago, ach is fíor a rá gur thug sé seans do neart ógánach atá ar bheagán taithí ag an leibhéal seo a lámh a chur in airde agus é ag réiteach do chuairteanna na hAirgintíne, na nAll Blacks agus Mheiriceá ar an Aviva sna trí seachtaine atá amach romhainn.

Seans nár thug Conor O’Shea, bainisteoir na hIodáile, a chéad rogha imreoirí féin leis go dtí an Soldier Field ach oiread ach mar sin féin bhí na Gaeil i bhfad róláidir dóibh, iad ag aimsiú bua éasca le farasbarr 47 pointe (54 – 7) acu.

Tá foireann éagsúil eile á cur chun páirce ag Schmidt an Satharn seo i gcoinne Pumas na Airgintíne san Aviva.  Foireann fíorláidir í leis. Dream iad na Pumas atá ag teacht go dtí an limistéar seo agus gan ach dhá bhua aimsithe acu sna sé chluiche a d’imir siad sa gCraobhchomórtas Rugbaí. Sa naoú háit ar chlár rugbaí an domhain atá an Airgintín, sa dara háit atá na Gaeil faoi láthair.

Chas na foirne seo ar a chéile seacht mbabhta déag ó 1990 i leith agus bhí an lá leis na Gaeil aon uair déag acu sin.  Mar sin féin, is fiú a rá gur ag na Pumas a bhí an lámh in uachtar sna trí chluiche sa gcorn domhanda ar imir muid ina n-aghaidh, sa mBreatain Bheag in 2015, i bPáras in 2007 agus i Lens na Fraince i 1999. Chuir na torthaí sin deireadh le rás na hÉireann sna comórtais sin. Bhí an Airgintín ar cuairt ar an Aviva an t-am seo anuraidh freisin, cluiche a chaill siad 28-19. 

Tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh an lá leis na Gaeil arís i mbliana agus ní haon iontas sin i bhfianaise a láidre is atá an fhoireann atá ainmnithe ag Schmidt. Mar sin féin, ní foláir don bhainisteoir agus dá chuid imreoirí a bheith an-chúramach ar fad.  Bíonn na Pumas thar a bheith fisiciúil agus ní mór dúinn gortuithe a sheachaint go háirithe agus na All Blacks, foireann atá ar bharr chlár rugbaí an domhain, ag teacht chugainn faoi cheann seachtaine.

Tá mise ag súil le sárchluiche, ceann a bheas fisiciúil agus oscailte.  Tá mé ag súil freisin le cúpla cleas nua as mála cleasanna Joe Schmidt agus le bua eile ag na Gaeil.

Foireann na hÉireann

15. Jordan Larmour
14. Keith Earls
13. Robbie Henshaw
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Jonathan Sexton
9. Kieran Marmion
1. Cian Healy
2. Rory Best (c)
3. Tadhg Furlong
4. Iain Henderson
5. James Ryan
6. Peter O’Mahony
7. Sean O’Brien
8. CJ Stander

Fir ionaid

16. Sean Cronin
17. Jack McGrath
18. Andrew Porter
19. Devin Toner
20. Dan Leavy
21. Luke McGrath
22. Joey Carbery
23. Andrew Conway

Fág freagra ar 'Bí ag súil le cleas nua as mála cleasanna Joe Schmidt agus le bua eile ag na Gaeil'