Bhí Taoiseach in ann saotharlann Ghaeltachta a shábháil os cionn 30 bliain ó shin…

Tá sampla spéisiúil de ghníomhaíocht Chathail Uí Eochaidh tagtha chun cinn sa nGaeltacht san gcartadh ar sheancháipéisí stáit i mbliana – an dteastaíonn a leithéid de ghníomh arís?

Bhí Taoiseach in ann saotharlann Ghaeltachta a shábháil os cionn 30 bliain ó shin…

Tugann eolas atá tagtha chun cinn san gclár deireadh bliana a rinne Breandán Delap agus Máire T. Ní Mhadaoin do TG4 nach raibh fuacht ná faitíos ar  Chathal Ó hEochaidh a chumhacht mar Thaoiseach a úsáid go forleathan.   Tá samplaí de sin in iarthar na hÉireann cheana, ar ndóigh, Aerfort Chnoc Mhuire ina measc.  Tá sampla spéisiúil eile de ghníomhaíocht Chathail Uí Eochaidh tagtha chun cinn sa nGaeltacht san gcartadh ar sheancháipéisí stáit i mbliana.

Mar Thaoiseach rinne Charlie Haughey, idirghabháil phearsanta agus é ina Thaoiseach lena chinntiú nach ndúnfaí an tIonad Taighde Muireolaíochta i gCarna in iarthar Chonamara. An ‘Lab’ a thugtaí, agus a thugtar fós, ar an tSaotharlann Mhara go háitiúil. Tá comhad de chuid Roinn an Taoisigh ar an ábhar le fáil anois sa Chartlann Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain.   Tá an comhad seo cíortha ag Máire T. Ní Mhadaoin agus ag Breandán Delap sa gclár teilifíse.  Tá an ‘Lab’ fós ann ach níl cosa ná bunchloch faoi ar an gcaoi ar samhlaíodh é don Ollamh Pádraig Ó Céidigh.

I mBealtaine na bliana 1988 scríobh an tOllamh Pádraig Ó Céidigh ó Roinn na Zó-Eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, litir óna chroí amach chuig an Taoiseach. Dúirt Ó Céidigh go raibh an saotharlann le dúnadh agus go gcaillfeadh an seachtar a bhí fostaithe ann a gcuid postanna.  Bhí fógra scoir faighte ag an bhfoireann faoin tráth sin.

Ní raibh an t-airgead a theastódh ar fáil, a dúradh san Ollscoil i nGaillimh.

Rinne an Céideach, saineolaí mara a raibh a cháil i bhfad agus i ngearr, achainí láidir ar an Taoiseach.  Bhí aithne mhaith ag an mbeirt ar a chéile.  Scríobh an Céideach mar seo chuig Cathal Ó hEochaidh:  “I know you will appreciate the anxiety that  the uncertainty over the last number of months is causing both here and at Carna but most particularly among the staff involved”, arsa an tOllamh Ó Céidigh.

Ní raibh trí lá féin caite nó gur ghníomhaigh an Taoiseach.  Cuireadh moladh chun cinn ó Roinn an Taoisigh a thabharfadh an Saotharlann Mara ón mbaol ina raibh sé.  Moladh go dtabharfaí an ‘Lab’ isteach faoi scáth Fhoras na Mara a bhí le bunú san am sin.  Ar an gcaoi sin thiocfadh cuid mhaith d’airgead agus d’acmhainní na Saotharlainne ón earnáil tráchtála.   Idir an dá linn, leagadh de dhualgas ar Aire na Mara, Brendan Daly bord stiúrtha sealadach a chur i bhfeighil na saotharlainne agus thabharfadh Roinn na Mara £80,000 breise leis an saotharlann a choinneáil ag imeacht.   Socraíodh freisin nach mbeadh aon airgead ag dul d’Ollscoil na Gaillimhe as aistriú na saotharlainne uathusan go Foras na Mara.  Sí an chúis a tugadh leis seo ná gur airgead Stáit a caitheadh ar fhorbairt na saotharlainne an chéad lá ariamh.

Bhain beart seo an Taoisigh geit as Údaráis na hOllscoile agus bhí sé ina theannas idir an tOllamh Ó Céidigh agus Uachtarán an Choláiste, Colm Ó hEocha.

Scríobh an Taoiseach chuig Ó hEocha, ar an 20 Bealtaine agus chuir an plean tarrthála faoina bhráid. Seachtain ina dhiaidh sin, chuir Ó hEocha in iúl don Taoiseach gur ghlac Údarás na hOllscoile leis an bplean ach níos gaire de láthair bhí olc ar an Ollamh Ó Céidigh.   Cheap seisean go raibh a gcosa beaga ag rith ó údaráis na hollscoile agus iadsan ag iarraidh freagraí uaidhsean de léim ar an leagan amach a bhí i gceist ar an bplean tarrthála.  San am céanna bhí sé sásta leis an bplean i bprionsabal.  Scríobh sé mar seo: “I am quite prepared to go ahead with whatever course the present Taoiseach wishes. He originally funded the lab and has always been its friend”, a mheabhraigh sé do Cholm Ó hEocha.

Tugadh conarthaí nua sealadacha do na hoibrithe i Maínis i gCarna.   Ach ní raibh an saol suaimhneach ag na  hoibrithe fós agus tarraingíodh an Taoiseach isteach sa scéal aríst.  Chuir an Taoiseach Paddy McPhillips ó Roinn na Mara ag obair ar an gcás.   Bhí seisean in ann a rá le Charles Haughey, théis a chuid oibre, go raibh imní na n-oibrithe maolaithe – bhíodar buartha faoina gcuid postanna roimhe sin.

Ansin scríobh an Taoiseach chuig Bill Attley, ceannaire ceardchumainn, ag rá nach raibh aon chúis nach ndéanfaí athnuachan ar chonarthaí na n-oibrithe nuair a thiocfadh deireadh leis na socruithe sealadacha.

Ba mhór an iarraidh í idirghabháil Chathail Uí Eochaidh san am sin ach ní mó ná sásta atáthar in Iorras Aithneach nach bhfuil tuilleadh forbartha déanta ar an ‘Lab’ ariamh ó shin.  Rinne grúpaí áitiúla go leor stocaireachta le súil agus go neartófaí an ‘Lab’.   Ach, tá obair na mara san Ollscoil lonnaithe go mór ar an gcampas i nGaillimh anois.

Síleadh go raibh beart láidir déanta ar mhaithe le forbairt ‘Lab’ Charna cuid mhaith de scór blianta ó shin nuair a d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhadar ag cur €4m. ar fáil le méadú agus forbairt a dhéanamh ar an obair ar thailte agus ar láthair na saotharlainne i Maínis.  Bheadh an obair seo le déanamh i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, ar leo an ‘Lab’ anois.   Ach fiú agus gur choinnigh grúpaí forbartha áitiúla leis an bhfeachtas níor tharla tada.  Dúradh sa deireadh nach raibh Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe in ann a theacht ar réiteach eatarthu faoi chúrsaí talún ar an láthair.  Chuir an freagra seo iontas ar dhaoine sa gceantar.

Mar sin a bhí agus tá na ceisteanna ann i gcónaí.

Bhí a bhealaí féin ag baint le Charles Haughey. Ach sna saolta seo nuair atá an oiread sin dintiúirí ag baint le mórán rud ar bith a dhéanamh, is díol suntais é go raibh Taoiseach in ann an ‘Lab’ i gCarna a shábháil as a oifig i mBaile Átha Cliath os cionn 30 bliain ó shin.  Tá oibrithe díograiseacha sa tsaotharlann ar na saolta seo.  Ach tádar ann a déarfadh gur cheart don Ollscoil an réimse oibre/taighde a leathnú agus an líon atá fostaithe sa tsaotharlann a mhéadú dá réir.

Fág freagra ar 'Bhí Taoiseach in ann saotharlann Ghaeltachta a shábháil os cionn 30 bliain ó shin…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní thugtar a leathcheart do Haughey as an méid a rinne sé. Bheadh mórán Éireann daoine i mbroid inniu murach é, ealaíontóirí go háirithe. Bhí sé go maith don tír i gcoitinne…agus dó féin leis!

  • Seosamh Ó Beirgin

    Aontaim leat go raibh sé go maith dó féin.