‘Bhí sí iontach agus lán eolais’ – moladh do Mhéara de chuid an DUP as tacú le hócáid Ghaeilge

Dúirt Paul Reid, DUP, gur údar ‘áthais’ dó aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus fáilte a chur roimh lucht a labhartha

‘Bhí sí iontach agus lán eolais’ – moladh do Mhéara de chuid an DUP as tacú le hócáid Ghaeilge

Tá moladh tugtha d’Ard-Mhéara Chomhairle Bhardasach Lár agus Oirthear Aontroma, Paul Reid, as tacú le hócáid chultúrtha a eagraíodh Dé Céadaoin chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

Dúirt Reid, polaiteoir de chuid DUP, gur ócáid “iontach agus lán eolais’ a bhí san ócáid in Ionad Ealaíon The Braid ag ar labhair an gníomhaí teanga agus teagascaóir aitheanta Linda Ervine faoi na nascanna idir an Ghaeilge in Éirinn agus in Albain, nascanna atá go láidir sa Bhaile Meánach.

Dúirt Reid gur údar “áthais” dó aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus fáilte a chur roimh lucht a labhartha go dtí an ócáid.

Dúirt sé gur chóir “mbraithfeadh an uile dhuine atá ina gcónaí nó ag obair i Lár agus Oirthear Aontroma go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil siad sábháilte, go bhfuil meas orthu agus go ndéanfar iad a cheiliúradh”.

“Tá ócáidí mar seo tábhachtach don Chomhairle agus sinn ag obair as lámha a chéile chun go mbeadh saol níos fearr againn ar fad amach anseo,” a dúirt Ard-Mhéara Chomhairle Bhardasach Lár agus Oirthear Aontroma.

Tá an ócáid agus tacaíocht an Mhéara di molta ag an An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí thar ceann An Dream Dearg, gur “dul chun cinn beag ach tábhachtach” a bhí i gceist.

Ghabh Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer buíochas leis an Ard-Mhéara agus leis an gComhairle as a dtacaíocht ag ceiliúradh na Gaeilge 125 bliain ó thús na hathbheochana.

Fág freagra ar '‘Bhí sí iontach agus lán eolais’ – moladh do Mhéara de chuid an DUP as tacú le hócáid Ghaeilge'

  • MacAnRí

    An rud is annamh is iontach …léaró dóchais b’fhéidir !!