‘Bhí rudaí chomh dona gur rith muid amach as body bags’ – cur síos ag altra Gaeltachta ar an saol in aonad Covid-19 i SAM

Tá cur síos déanta ag altra arb as Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara di ar an mbrú uafásach a bhaineann leis an iarracht atá ar bun in ospidéil áirithe i Meiriceá déileáil leis an bpaindéim

‘Bhí rudaí chomh dona gur rith muid amach as body bags’ – cur síos ag altra Gaeltachta ar an saol in aonad Covid-19 i SAM

Agus í faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Orla Nic Dhonncha, atá ag obair in ospidéal in Norwood i Massachusetts, gur easpa áiseanna agus ganntanas PPE, nó trealamh cosanta pearsanta, na fadhbanna is mó a bhí ag lucht leighis agus rinne sí cur síos ar a dheacra is a bhí an saol san ospidéal nuair ba mhór a bhí brú air coicís ó shin.

 “An tseachtain seo caite ní raibh sé ródhona, ach an tseachtain roimhe sin bhí gá againn cúpla patient a chur isteach go Boston mar ní raibh na leapacha againn.  Bhí muid ag rith amach as go leor stuif san ICU – ní raibh na pumpanna ann, na intubators le haghaidh na patients…”

Dúirt sí, fearacht go leor eile, nach raibh a ndóthain éadaí cosanta acu. 

“Níl muid feistithe amach chor ar bith.  An weekend seo caite, ba ghá dhomsa an naprún céanna a chaitheamh le haghaidh mo shift 12 uair … an naprún céanna a chaitheamh ag dul isteach chuig patient COVID amháin, agus an chéad cheann eile … Na N95 masks,  fuair mise mo dhara masc an tseachtain seo caite.  An chéad cheann a fuair mé roimhe sin bhí sé nó seacht seachtaine ó shin.  

“B’éigean dom dhul síos go dtí an té atá os cionn an ospidéil agus a rá leis cén fáth ar theastaigh sé uaim, cén fáth go raibh sé chomh tábhachtach.  Níl siad ag iarraidh iad a thabhairt amach mar níl an stuif acu.  Tá sé uafásach.”

Dúirt sí gur cheart, de ghnáth, na mascanna sin a athrú théis gach seal oibre.   Dúirt sí freisin go raibh go leor den bhás feicthe acu, agus gurbh éigean leoraí a thabhairt isteach chun na coirp a aistriú nuair ba mheasa an scéal.

“Bhí rudaí chomh dona coicís ó shin, agus an oiread patients ag fáil bháis, gur rith muid amach as málaí … na body bags.  Tá sé sin uilig sách dona, ach ansin ní raibh áit ar bith sa morgue againn dóibh, bhí sé lán … [agus bhí] truck taobh amuigh den ospidéal le haghaidh na créatúir seo a chur isteach ann.  Leoraí mór.”

Dúirt sí go raibh an-bhrú ar na haltraí uilig, agus go raibh an taithí chéanna acu uilig ar gan a bheith in ann codladh.

“Tá muid uilig ag dul thríd an rud céanna.  I dtosach nuair a thosaigh mise, ní chodlóinn néal, bhíodh brionglóidí aisteacha agam.   Dhúiseoinn i lár na hoíche agus bhíodh mé ag cuimhneamh ar na patients seo agus iad ag fáil bháis agus mé ag breathnú thríd an doras orthu ag fáil bháis agus gan aon duine isteach leo.  Dhúiseoinn suas.  Cheap mé gur just mise a bhí ann ach ansin thosaigh mé ag caint leis na nursannaí eile, déarfadh siad níl mé ag codladh tada, tada … sin é an chaoi a mbíonn sé, bíonn do chroí just ag imeacht i gcónaí, ’gcónaí, ’gcónaí.”

Bhí Orla Nic Dhonncha faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt.

Fág freagra ar '‘Bhí rudaí chomh dona gur rith muid amach as body bags’ – cur síos ag altra Gaeltachta ar an saol in aonad Covid-19 i SAM'