Bhí orm bogadh abhaile – nó ní bheadh teagmháil ar bith agam le mo mháthair feasta

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: nuair ba léir nár thuig máthair ár gcolúnaí coincheap an fhísghlao a thuilleadh, bhí ar ár gcolúnaí cinneadh a dhéanamh a bhí á chur ar an méar fhada aige le fada

Bhí orm bogadh abhaile – nó ní bheadh teagmháil ar bith agam le mo mháthair feasta

Am éigin san fhómhar, b’fhacthas dom féin, do mo ghaolta agus do na hoibrithe san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu mar a bhfuil cónaí ar mo mháthair le bliain go leith anuas nach dtuigeann mo mháthair coincheap an fhísghlao a thuilleadh.

Níl mé ag caint faoin gcnaipe ceart a bhrú chun glaoch a fhreagairt; níl mo mháthair in ann guthán póca a láimhseáil le cúig nó sé bliana anuas. Ach fiú amháin agus duine in aice léi a chuideodh leis an teicneolaíocht, bhí ag teip ar mo chuid iarrachtaí físghlao a dhéanamh léi. Níor thuig sí a thuilleadh go raibh sí ceaptha breathnú ar an scáileán; níor thuig sí go raibh a mac ar an taobh eile den líne. B’fhánach mo chuid iarrachtaí comhrá a mhealladh aisti. D’éiríodh sí corrthónach agus cantalach agus tar éis soicind nó dhó d’imíodh sí ar shiúl ó pé scáileán a chuirtí os a comhair.

Ba iad na físghlaonna sin an t-aon bhealach cumarsáide a bhí agam léi. Tá cónaí ar mo mháthair san Ísiltír; bhí cónaí ormsa ar an taobh eile den domhan, sa Bhrasaíl.

Tuigeadh dom go raibh cinneadh deacair le déanamh agam gan mhoill. Bhí orm bogadh abhaile – nó ní bheadh teagmháil ar bith agam le mo mháthair feasta.

Gan dabht bhí an cheist sin – bogadh abhaile – ar chúl m’aigne ó deimhníodh go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair nach mór seacht mbliana ó shin. Go deimhin rinne mé tástáil bheag. I lár phaindéim an choróinvíris, tráth a raibh dhá obráid ar na cromáin ar mo mháthair (a bhí fós ina cónaí ina teach féin ag an am) chaith mé cúig mhí sa bhaile ag tabhairt aire di. Ní raibh sé sin rómhaith do mo shláinte mheabhrach. Is deacra aire a thabhairt do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi ná do leanbh dhá bhliain d’aois; ní i bhfeabhas ach i ndonas a bhíonn cúrsaí ag dul.

Lena chois sin bhí mo shaol féin agam sa Bhrasaíl – áit a raibh cónaí orm le fada sular tháinig galar Alzheimer ar mo mham an chéad lá riamh. Bhí mé i ngrá, bhí saol sóisialta agus go deimhin saol teaghlaigh de chineál agam, agus bhí úrscéal á scríobh agam a bhí lonnaithe sa tír.

Coinneáil orm mar a bhí sa Bhrasaíl ach mí nó dhó a chaitheamh san Ísiltír faoi dhó sa bhliain, ba é sin an buachaill, a shíl mé – go dtí gur thit an tóin as na físghlaonna.

Scéal sin na bhfísghlaonna an phríomhchúis a thug orm slán a fhágáil leis an mBrasaíl tar éis 16 bliain, ach bhí cúiseanna eile ann, leis. Thug mé faoi deara mar shampla, an uair dheireanach go raibh mé sa bhaile roimhe seo, gur teagmháil fhisiciúil seachas comhrá (nach bhfuil ar a cumas a choinneáil) a theastaíonn ó mo mháthair na laethanta seo, agus ar ndóigh ní bhíonn tú in ann barróg a thabhairt do dhuine agus tú ar an taobh eile den domhan.

Anuas air sin bhí teach mo mháthar, a fágadh folamh ó bhog sí isteach san ionad cúraim (agus nach féidir liom féin agus le mo dheartháir óg a dhíol go dtí go bhfaighimid le hoidhreacht é), bhí an teach sin ina ábhar imní.

Bhí thart ar fiche cúis eile ann lena chois, agus ní bhaineann cuid acu le scéal mo mháthar ar chor ar bith. Ach tá rud amháin cinnte. Nuair a thagann galar Alzheimer ar dhuine, ní saol an duine sin féin amháin a thiontaítear bunoscionn, ach saol na ngaolta gairide chomh maith

Fág freagra ar 'Bhí orm bogadh abhaile – nó ní bheadh teagmháil ar bith agam le mo mháthair feasta'

  • Máire

    Is fíor duit. Galar uafásach. Tabhair aire duit fhéin freisin.

  • Seán H

    Uafásach mar ghalar, cinnte. Go bhfaighe an bheirt agaibh faoiseamh as d’fhilleadh abhaile.

  • Norita Ní Chartúir

    Alex, a chara,

    Tá mé ag léamh do cholún ó thosaigh tú é agus is léargas cumhachtach é d’aon duine nach dtuigeann an galar. Cheap mé ón gcéad lá go raibh do chur síos ar an turas trí Ghaeilge an-láidir. Bíonn mo chroí dubh duit. Bíonn tú i mo chuimhne.

  • Laura Egan

    Mise ag dul tríd an rud díreach céanna, a Alex. Níl sé éasca, ach ar a laghad tá am againn chun ullmhú don rud nach féidir a sheachaint.