Bhí ómós an domhain ag a chuid imreoirí do Mhick O’Dwyer agus aigesean dóibh

Duine agus bainisteoir ar leith ab ea Mick O’Dwyer a bhí géar ar a chuid imreoirí ach a thuig go raibh bealaí níos fearr ná faitíos ná eagla leis an sprioc a bhaint amach

Bhí ómós an domhain ag a chuid imreoirí do Mhick O’Dwyer agus aigesean dóibh

Agus Mick O’Dwyer mar bhainisteoir orthu idir 1975 agus 1989 d’imir peileadóirí Chiarraí 51 cluiche craoibhe. Níor chailleadar ach seacht gcinn acu.

A bhuíochas sin fuair mé deiseanna go leor a bheith ina ngaireacht, cé nach mbeadh sé de dhánaíocht ionam a rá go raibh aithne mhaith agam ar an mbainisteoir féin.

Tharla an chuid is mó d’aon chomhrá a bhí eadrainn i seomraí feistis théis na himeartha nó níos minicí fós ag na tráthnónta a bhíodh eagraithe i gCill Airne do lucht na meán an tseachtain sula n-imrítí Cluiche Ceannais na hÉireann.

Bíodh mé ceart nó mícheart tá mé den bharúil gur bhfaigheadh Micko an-solamar astu siúd, go háirithe sna laethanta ba thúisce. Ba ag an am sin a mhúnlaigh sé gasra ógánach go dtáinig an t-am go rabhadar áirithe ar an bhfoireann ab fhearr a tháinig as Ciarraí ariamh.

San áireamh sa líon cluichí craoibhe atá luaite agam tá deich gcinn de Chluichí Ceannais na hÉireann – ocht gcinn buaite. Ní raibh fanta den ghasra nuair a bhuaigh siad ar Thír Eoghain i 1986 ach Páidí, Ogie, Mikey Sheehy, Ger Power agus Pat Spillane.

Is fíor, le himeacht aimsire gur imigh cuid den snas de na tráthnónta siúd. Cén fáth nach n-imeodh? Gan mórán d’athrú ó bhliain go bliain orthu siúd a bhí ag cur na gceisteanna ná á bhfreagairt.

Is é a mheabhraíonn mo chuimhne siar orthu dom go mbíodh an ghrian i gcónaí ag scaladh ar Staid an Ghearaltaigh agus í ag dul i dtalamh siar uainn le clapsholas an lae.

Le beagán imeartha a thosaíodh an tráthnóna, glórtha na n-imreoirí ag baint macalla as na seastáin fholmha agus iad i mbun an t-aon seisiúin den bhliain a raibh beagán pramsála agus gáire ceadaithe ann.

Ní chuirfeadh an bainisteoir suas lena leithéid aon oíche eile ach ba chosúil é a bheith sona sásta i gcónaí ‘Oíche na Meán’.

Nuair a thagadh deireadh leis an bpeil ba ghnách leis a bheith ina sheasamh ar an taobhlíne agus é i ngreim i liathróid, léine ildathach samhraidh a raibh muinchillí gearra uirthi á caitheamh aige. Ar chaon taobh dó ar fud na páirce bhíodh builcíní dá chuid imreoirí anseo agus ansiúd – iriseoirí lena gcuid micreafón, ceamaraí nó leabhair nótaí ag brostú ó bhuilcín go builcín ag iarraidh labhairt leis an méid daoine agus ab fhéidir leo.

Mar a dhéanfadh feiliméara a ligfeadh a mheáchan anuas ar gheata na páirce ag féachaint ar thréad luachmhar eallach a bhí aige, thuig O’Dwyer agus é ag breathnú amach orthu go mba é an luach ab fhearr a gheobhadh sé ar a dhrong féin.

Ní raibh rud ab fhearr lena chuid imreoirí ná bob a bhualadh air agus mura raibh rógairí ina measc siúd a fuair oiliúint faoina chúram, ní lá go maidin é.

Saoiste géar ab ea é dar ndóigh agus ní uair amháin a chuala mé daoine ag rá go raibh beagán faitís ar a chuid imreoirí roimhe. Níl baol ar bith nach raibh sé thar a bheith géar orthu agus iad i mbun traenála ach ní chreidim ar feadh soicind go raibh eagla orthu roimhe. Má bhí eagla orthu is é a bhí ann ná faitíos go gcaillfeadh siad áit ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce, rud a d’fhéadfadh tarlú d’aon duine acu dáiríre nuair a chuirtear cumas na n-imreoirí a bhíodh ar an taobhlíne na laethanta móra.

Bhí Micko níos cliste ná sin agus é ag leagan síos an dlí.

É féin a d’inis an scéal faoi theachtaireacht a tháinig chuige faoi rún tráth go dtéadh cúpla duine dá chuid peileadóirí chomh fada leis an tábhairne Kate’s Cottage i mBearna an Choimín maidineacha Domhnaigh théis dóibh seisiún traenála a dhéanamh i gCill Airne – cúpla deoch ansiúd acu ar an gcúlráid.

An Domhnach tar éis dó an nod a fháil agus é féin ar a bhealach abhaile go dtí an Coireán sheas O’Dwyer taobh amuigh den tábhairne agus isteach leis. Roimhe bhí beirt dá chuid imreoirí agus dhá phionta bhreátha pórtair leagtha os a gcomhair. Níor oscail an bainisteoir a bhéal, ach chaoch sé an tsúil orthu, amach leis an doras eile agus thug aghaidh ar an mbaile.

Faic níor tháinig óna bhéal an Domhnach dár gcionn ach an oiread. Agus seisiún an lae sin ag drannadh lena dheireadh dúirt duine den bheirt, “Tá mé ag ceapadh Mick go bhfuil cúpla duine againn anseo nach ndéanfadh trí nó ceathair de thimpeallacha eile ar an bpáirc aon dochar dúinn.”

Thug a chumas bainistíochta le fios dó go raibh bealaí níos fearr ná faitíos ná eagla leis an sprioc a bhaint amach.

Bhí ómós an domhan acusan dó agus vice versa. Nuair a bhí tromlach na heagraíochta lenar bhain siad cáinteach ar pheileadóirí Chiarraí as feisteas Adidas a chaitheamh i gCluiche Ceannais na Mumhan i 1982 agus nuair a bhíothas ag scigmhagadh fúthu as seasamh ar chúl meaisín níocháin de chuid Bendix ina dhiaidh sin, sheas sé lena chuid imreoirí agus sheasadar-san leis. Níor theastaigh an fhuip ariamh uaidh.

An t-aiféala ba mhó a bhí orm le linn na mblianta gur chinn orm a áitiú air aon agallamh a dhéanamh i nGaeilge agus creidim go raibh sí aige. Ní cuimhneach liom cé acu dá dhlúthchairde, Micheál Ó Muircheartaigh nó Micheál Ó Sé, a dúirt liom gur chaith Micko cuid mhaith dá óige i dteach a sheanmháthar agus go mba chainteoir dúchais ab ea ise.

Duine ar leith, trócaire Dé ar a anam agus mo chomhbhrón lena mhuintir agus go deimhin le phobal Chiarraí fré chéile.

Fág freagra ar 'Bhí ómós an domhain ag a chuid imreoirí do Mhick O’Dwyer agus aigesean dóibh'