Tá deireadh ag teacht an deireadh seachtaine seo le gnáthbhabhtaí na sraithe iomána agus an cheist mhór atá fós le freagairt ná cé a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais Roinn 1A faoi cheann coicíse.
Muintir an Chláir a bheidh ag imirt i gcoinne na dTiobraid Árannach an deireadh seachtaine seo agus cluiche tábhachtach é do sheaimpíní na hÉireann agus iad ag tabhairt cuairt ar Dhurlas Éile. D’imigh pé seans a bhí ag na Cláirínigh fanacht sa phríomhroinn don bhliain seo chugainn nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Luimneach an Satharn seo caite.
Ach tá a gcéad chluiche craoibhe acu faoi cheann ceithre seachtaine agus tá taispeántas maith ag teastáil uathu chun muinín a chothú, go háirithe agus iad chomh hainnis sin sa chluiche deireanach a bhí acu sa tsraith i gcoinne Chorcaí.
Chun an fhírinne a rá, lasmuigh den taispeántas a thugadar i gcoinne Luimnigh, bhí an Clár ainnis go leor sna cluichí uile eile. Rinne na Corcaígh scrios orthu in Inis cúpla seachtain ó shin. Rinne Brian Lohan mórán athruithe i measc na gcúlaithe le linn an chluiche ach fós d’éirigh le Corcaigh sé chúl a aimsiú i bPáirc Uí Chíosóig. Níl aon dabht ach go bhfuil obair le déanamh ag Lohan agus a mheitheal bainistíochta chun rudaí a fheabhsú.
Go dtí seo i mbliana, bhí na Tiobraid Árannaigh an-suntasach agus cuma na maitheasa orthu ó thosach na sraithe. Agus áit bainte amach acu sa chluiche ceannais, tá deis ag Liam Cahill roinnt tástála a dhéanamh agus spriocanna difriúla atá ag Tiobraid Árann agus ag an gClár sa chluiche seo.
Tá Gaillimh ag taisteal chuig Corcaigh um thráthnóna agus taispeántas i bhfad níos fearr ag teastáil ná mar a thugadar i gcoinne Luimnigh cúpla seachtain ó shin nuair a bhíodar an-lag. Dar ndóigh tá áit i gcluiche ceannais na sraithe mar dhuais má bhuann siad anseo. Thuas seal, thíos seal a bhí a gcuid taispeántas go dtí seo ach d’fhéachadar dona go maith i gcoinne Luimnigh. Bunaithe ar an méid atá feicthe againn go dtí seo i mbliana, bheinn ag ceapadh go mbeidh craobh Laighean an-oscailte.
Déarfainn go bhfuil Pat Ryan agus a mheitheal sásta go leor le cúrsaí go dtí seo i mbliana. Is fada an t-achar é ó 1998, an uair dheireanach a bhuaigh Corcaigh comórtas na sraithe nuair a bhí Pat féinig i lár an ghoirt agus ceapaim go bhfuil suim ag na himreoirí, an lucht bainistíochta agus leantóirí an chontae an cluiche ceannais a bhaint amach agus a bhuachan.
Is leor comhscór do Chorcaigh sa chluiche seo chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais i gcoinne Thiobraid Árann, foirne nár imir a chéile i gcluiche ceannais an chomórtais seo ó 1960. Sa chluiche sin, a bhuaigh Tiobraid Árann leis an scór 2-15 i gcoinne 3-8, scóráil Christy Ring 3-4 do Chorcaigh agus Jimmy Doyle 0-9 do Thiobraid Árann. Ach, dar ndóigh tá cluiche le buachan fós ag Corcaigh anocht agus is cinnte go mbeidh an Ghaillimh ag déanamh a seacht ndícheall taispeántas foirne i bhfad níos fearr a thabhairt ná mar a thugadar sa chluiche deireanach. Bhí slua an-mhór i bPáirc Uí Chaoimh don chluiche i gcoinne Chill Chainnigh agus beidh sé amhlaidh anocht.
Beidh taispeántas níos fearr ag teastáil ón slua i Luimneach freisin agus Loch Garman chucu. Dar ndóigh tá na Carmannaigh dícháilithe cheana féin ach, mar an gcéanna le gach contae eile, tá taispeántas dearfach ag teastáil roimh thús na craoibhe. Ní dóigh liom go bhfuil Luimneach róshásta ach an oiread. Níor bhreathnaigh siad chomh dochloíte agus a bhreathnaigh siad le roinnt blianta anuas.
I Roinn 1B, tá Uíbh Fhailí cáilithe don chluiche ceannais ach tá an dara háit agus áit sa chluiche ceannais fós le buachan. Is mó seans gur Port Láirge a bheidh leo, fiú má chailleann siad an cluiche idir na foirne i bPáirc an Bhreathnaigh tráthnóna. Tá Port Láirge dhá phointe chun tosaigh ar Áth Cliath agus ar Cheatharlach agus má chríochnaíonn siad ar fad ar na pointí sraithe céanna, rud a tharlóidh má chailleann Port Láirge agus má bhuann an phéire eile, tá difríocht na scór Phort Láirge i bhfad chun tosaigh ar Áth Cliath agus ar Cheatharlach.
Tá buntáiste ag Port Láirge ar Áth Cliath mar gur bhuaigh siad an cluiche sraithe idir na foirne ach fágann an toradh gan choinne idir Ceatharlach agus na Déisigh an mhí seo caite go bhféadfadh Ceatharlach an cluiche ceannais a bhaint amach má bhuann siad i gcoinne na hIarmhí agus má bhuann Laois ar Áth Cliath agus má chloíonn Uíbh Fhailí Port Láirge. Bheadh ionadh orm dá dtarlódh sé mar sin féin agus ceapaim gurb iad na Déisigh a bheidh le hUíbh Fhailí sa chluiche ceannais.
Carraig
Ní fhaca riamh cluiche chomh hainnis, chomh caillte leis an gceann seo.
Tá an iománaíocht i dtrioblóid an-mhór, i nguais chinniúnach, má leantar leis an sórt seo útamála.
Na Gaillimhigh go háirithe, fústráil, méiseáil agus míthreoir ó thús deireadh.
Cén buntáiste a bhaineann le dul ar ruathar aonair isteach i mbaicle imreoirí de chuid an fhreasúra?
Am i ndiaidh a chéile?
Mhaithfeá uair nó dhó dóibh é ach an rud ceannann céanna tríd an gcluiche ar fad?
Seachas an sliotar a bhualadh THAR an mbaicle sin síos isteach i dtreo an chúil? Do na tosaithe abair?
Nó thar an dtrasnán?
Chas mé amach an teilifís le déistin agus le seirfean.
Robots ….