Bhí drochmheas i gcónaí ag muintir na háite seo ar Ghaeilge Chonamara…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo feicimid an fiodmhagadh a bhíodh ag muintir Eanach Dhúin faoi Ghaeilge Chonamara

Bhí drochmheas i gcónaí ag muintir na háite seo ar Ghaeilge Chonamara…

Fear as Eanach Dhúin ag tóraíocht mná i gConamara

Bhí drochmheas i gcónaí ag muintir na háite seo ar Ghaeilge Chonamara agus ar an gcaoi a bhfuaimnítear cuid de na focla. Déantar magadh fúthu agus is léir é ón scéal seo:
Chuaigh fear as an áit seo go Conamara ar thóir mná. Bhuail sé isteach i dteach gan aon phráib ar cholbha an bhóthair. Bhí fear an tí istigh agus a iníon agus í ag breacadh a lorgaí ag an tine.
“Cad é do ghnó isteach anseo?” a deir an seanfhear.
“Tháinig mé ag tóraíocht mná agus cuidiú léi,” a deir an fear siúil.
“B’fhéidir go bpósfá Caitlín,” a deir an seanfhear.
“Céard a gheobhaidh mé le Caitlín?” a deir an fear siúil.
“Geobhaidh tú bearach.”
“An bhfaighidh mé,” a deir sé “ach an bearach?”
“Gheobhaidh tú dhá bhearach.”
“An bhfaighidh mé ach sin?”
“Gheobhaidh tú an láir bhreac, an ball staic, inchinn ‘a cheatha, agus bearbóir na gaoithe,”
“Céard tá Caitlín in ann a dhéanamh?”
“Tuirneáil agus cardáil, mealbhóir agus mioscáin, an bolta a chur ar an doras agus a dhul taobh thuas de bhodach an tí.”

Máirtín Ó Baoghail,
Lisín an Óráin,
Eanach Dhúin,
Co na Gaillimhe

Fág freagra ar 'Bhí drochmheas i gcónaí ag muintir na háite seo ar Ghaeilge Chonamara…'

  • Máirtín de Bhailís

    A Mhaire,

    Níor mhothaigh mise ariamh anseo in Eanach Dhúin go raibh droch mheas ar mhuintir Chonamara agus go deimhin féin is é a mhalairt ceart atá i gceist. Tá neart daoine istigh anseo pósta le daoine as Conamara, Arainn agus as ceantair eile. Is rud amadach amach agus amach a scríobh an buachaill óg sin nó bhfeidir a athair ag bhí ag iarradh piosa creaic agus spraoi? – bhí sé seafóideach ceart go leor.

    Ar an dtaobh eile anois, an bhfuil droch mheas (Magadh) agaibhse anois ormsa agus ar muintir an Oirthir? Ceard é sin thios?
    Bhíodh óglaigh Iarthar Chonamara ag magadh faoi na hóglaigh in Oirthear Chonamara agus muintir an Chaisleáin Ghearr ag caitheamh annuas ar mhuintir na cathrach.

    Cormac Ó Comhraí: Sa Bhearna Bhaoil Gaillimh 1913-1923. Cló Iar-Chonnacht 2016.
    Page: 186

    A Mhaire caithfidh tú a bheith níos cúramí amach anseo agus tú ag scriobh altanna agus leithscéal a ghabhail linn? go ndearnú tú botún agus go raibh léamh ann chung ar fad agat ar alt a scriobhadh i bhfad siar? Maithím duit agus ar mhiste leat muide a mhaitheadh anois.

    le meas
    Mairtín

    Máirtín de Bhailís
    An Más,
    Cor an Dola,
    Co na gaillimhe