Bheadh sé ‘highly desirable’ Gaeilge a bheith ag oibrithe sláinte sa Ghaeltacht – scéim náisiúnta teanga an HSE

Níl geallúint ar bith ag an HSE ina bplean náisiúnta teanga do thuismitheoirí Gaeltachta atá buartha faoi easpa seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht

Bheadh sé ‘highly desirable’ Gaeilge a bheith ag oibrithe sláinte sa Ghaeltacht – scéim náisiúnta teanga an HSE

Níl aon gheallúint i ndréachtscéim teanga an HSE maidir le cás na dtuismitheoirí Gaeltachta nach gcuirtear bunseirbhísí ar fáil dá ngasúir i nGaeilge.

Tá ceist sheirbhís Gaeilge an HSE sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail ó foilsíodh alt ar Tuairisc.ie inné ina ndearna Sinéad Ní Ráinne cur síos ar an gcrá croí a bhain le cuairt a thug sí ar chlinic Gaeltachta lena hiníon óg chun vacsaín MMR a fháil di.

Ní raibh focal Gaeilge ag na haltraí a bhí ag freastal ar an gcailín óg nach bhfuil mórán Béarla aici.

Ach ní cosúil go mbeadh aon leigheas ar fáil ar chás Uí Ráinne ná aon tuismitheoir Gaeltachta eile fiú dá dtabharfadh an HSE isteach a scéim teanga náisiúnta.

Sa dréachtscéim teanga 2016-2019, a bhfuair Tuairisc.ie cóip de, tá an méid seo le rá ag an HSE faoi dhaoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú don Ghaeltacht, deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ina:

“As vacancies arise through routine staff attrition, replacements will be Irish-speaking where possible.” 

Deirtear chomh maith “the ability to work through Irish will be deemed highly desirable for staff recruited or assigned to Gaeltacht-based Primary Care Teams” agus go dtabharfar tacaíocht do bhaill foirne atá ag iarraidh feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge. 

Nach mór 12 bliain ó iarradh a leithéid orthu an chéad uair, tá geallta ag an HSE go bhfoilseoidh siad an scéim náisiúnta teanga, ach níl oiread agus pingin amháin curtha i leataobh acu dá bplean maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus níl aon gheallúint inti go gcinnteofar go mbeidh Gaeilge ag fostaithe na feidhmeananchta sa Ghaeltacht.

Is ina dtuarascáil Primary Care Island Services Review Report a gheall an HSE go bhfoilseoidís a scéim náisiúnta teanga sa chéad ráithe den bhliain seo, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge Catherine Connolly ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur “léiriú gléineach” a raibh le rá ag Sinéad Ní Ráinne ar Tuairisc.ie ar an mbearna idir a mbíonn á mhaíomh ag an Stát i leith na Gaeilge agus an cás mar atá.

Dúirt Catherine Connolly gur léiríodh san alt an bhearna idir a raibh le rá ag ionadaithe de chuid na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte ag cruinniú de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo caite agus an taithí atá ag pobal na Gaeltachta féin ar a bheith ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát.

Rinne toscaireacht ón HSE cur síos i dTithe an Oireachtais Déardaoin seo caite ar a straitéis náisiúnta nua don Ghaeilge, a bhfuil á sholáthar acu de sheirbhísí Gaeilge faoi láthair agus a bhfuil pleanáilte acu maidir le feabhas a chur ar an soláthar sin. 

Is é seo an chéad uair straitéis náisiúnta Ghaeilge a bheith ag an bhfeidhmeannacht sláinte ar iarradh orthu 12 bliain ó shin scéim náisiúnta teanga a chur le chéile.

Ach dúirt Stiúrthóir Náisiúnta Cumarsáide an HSE ag an gcruinniú céanna de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta nach eol don eagraíocht cé mhéad nó cén caighdeán seirbhísí Gaeilge atá ar a gcumas a sholáthar.

Tá an eachtra a tharla in Ionad Sláinte an HSE ar an Tulaigh á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga i ndiaidh dó gearán a fháil faoin scéal. Ag labhairt di le Nuacht TG4, dúirt ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh bunchearta á gceilt ar pháistí na Gaeltachta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus dúirt sí gur ceist í seo ní hamháin don HSE agus don Choimisinéir Teanga ach d’Ombudsman na Leanaí chomh maith.

Fág freagra ar 'Bheadh sé ‘highly desirable’ Gaeilge a bheith ag oibrithe sláinte sa Ghaeltacht – scéim náisiúnta teanga an HSE'

  • Des O Murchu

    Eachtranaigh ag iarradh ‘What’s that in English’.? Mo ainm Gaeilge Ousp Micheal Dun Laoghaire cupla blian O shin! Des O Murchu

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an mbean bhocht. Cúis mhór náire don tír í neamhaird an chórais sláinte ar an teanga náisiúnta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Desirable’ – seo téarma coitianta anois a bhíonn ag eagraíochtaí stáit maidir leis an Ghaeilg agus seirbhísí sa Ghaeltacht.

    Rinneadh post oifige a thairiscint domh féin in ionad de chuid an FFS ar An Fál Carrach i dTír Chonaill – uilig i mBéarla. Nuair a d’fhiafraigh mé i nGaeilg an mbeadh an Ghaeilg riachtanach don bpost sé’n freagra a fuair mé ná nach mbeadh! Nuair a cheistigh mé ansin; más ionad pobail sa Ghaeltacht atá ann nach mbeadh an Ghaeilg de dhith – baineadh anuas an tairiscint gan fógra, gan míniú! hInsíodh domh tamall ina dhiaidh sin go ndearna siad duine a earcú ó lastigh den eagraíocht!

    An rannóg a dhéanann a teagmháil is mó le saoránaigh na tíre agus níl plean teanga acu maidir leis an Ghaeilg! Agus faic aitheantais atáthar ag tabhairt don Ghaeltacht!!

  • Gearóid de Grás

    Níl sna dréachtscéimeanna teanga seo ach moll páipéarachais agus maorlathais inar féidir le háisíneachtaí an stáit dul i bhfolach agus a gcearta a shéanadh ar na Gaeil le beannacht Roinn na Gaeltachta.