Is mór idir fís teanga eagraíochtaí stáit agus an fhírinne sa Ghaeltacht – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Deir an Teachta Dála Catherine Connolly gur léiríodh in alt ar Tuairisc.ie an bhearna idir a raibh le rá ag ionadaithe de chuid HSE ag cruinniú i dTithe an Oireachtais agus an taithí atá ag pobal na Gaeltachta féin ar a bheith ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát

Is mór idir fís teanga eagraíochtaí stáit agus an fhírinne sa Ghaeltacht – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge gur “léiriú gléineach” a raibh le rá ag máthair Ghaeltachta ar Tuairisc.ie ar an mbearna idir a mbíonn á mhaíomh ag an Stát i leith na Gaeilge agus an cás mar atá.

Bhí an Teachta Dála neamhspleách agus cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Catherine Connolly ag caint ar an gclár raidió Adhmhaidin faoi alt le Sinéad Ní Ráinne ina ndearna sí cur síos ar an gcrá croí a bhain le cuairt a thug sí ar chlinic Gaeltachta lena hiníon óg chun vacsaín MMR a fháil di.

Ní raibh focal Gaeilge ag na haltraí a bhí ag freastal ar an gcailín óg nach bhfuil mórán Béarla aici.

Dúirt Catherine Connolly gur léiríodh san alt an bhearna idir a raibh le rá ag ionadaithe de chuid na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte ag cruinniú de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo caite agus an taithí atá ag pobal na Gaeltachta féin ar a bheith ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát.

“Léiriú gléineach [an t-alt] ar na fadhbanna atá ar an talamh in ainneoin an méid atá á rá linne os comhair an choiste, tá a fhios agam é sin. Agus Déardaoin seo caite bhí siad ag caint faoi straitéis, chuir sé múisc orm i ndáiríre a bheith ag caint faoi straitéis arís. Ar leibhéal amháin rud dearfach é, ach arís ar ais go dtí straitéisí agus bearnaí móra ar an talamh.

“Agus buíochas le Dia scríobh an tuismitheoir an t-alt sin mar is léiriú gléineach é, mar a dúirt mé, ar na deacrachtaí. Os comhair an choiste bíonn an fhís acu, agus ar an talamh [a bhíonn] an fhírinne. Agus tá bearna ollmhór idir an dá rud.”

Catherine Connolly

Rinne toscaireacht ón HSE cur síos i dTithe an Oireachtais Déardaoin seo caite ar a straitéis náisiúnta nua don Ghaeilge, a bhfuil á sholáthar acu de sheirbhísí Gaeilge faoi láthair agus a bhfuil pleanáilte acu maidir le feabhas a chur ar an soláthar sin.

Is é seo an chéad uair straitéis náisiúnta Ghaeilge a bheith ag an bhfeidhmeannacht sláinte ar iarradh orthu 12 bliain ó shin scéim náisiúnta teanga a chur le chéile.

Ach dúirt Stiúrthóir Náisiúnta Cumarsáide an HSE ag an gcruinniú céanna de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta nach eol don eagraíocht cé mhéad nó cén caighdeán seirbhísí Gaeilge atá ar a gcumas a sholáthar.

Le linn an chruinnithe chéanna labhair an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin óna chroí amach faoina thaithí féin ar an meon a bhíonn ag daoine sa tseirbhís phoiblí i leith ainmneacha Gaeilge.

Dúirt Ó Muineacháin gurb í an chúis go dtugann daoine as an nGaeltacht leagan Béarla dá n-ainm uaireanta ná gur ‘What’s that in English?’ an cheist a chuirfí orthu dá dtabharfaidís a n-ainm i nGaeilge.

Dúirt Sinéad Ní Ráinne ina halt ar Tuairisc.ie inniu gur cuireadh an cheist chéanna faoi ainm a hiníne sa chlinic de chuid an HSE i gConamara.

Tá an eachtra á fhiosrú chomh maith ag an gCoimisinéir Teanga i ndiaidh dó gearán a fháil faoin scéal.

Fág freagra ar 'Is mór idir fís teanga eagraíochtaí stáit agus an fhírinne sa Ghaeltacht – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge'

  • Sibéal

    Nach mbeadh sé an-éasca an litir G a chur le h-Uimhreacha Phearsanta Seirbhíse Poiblí chun a thaispeáint go bhfuil an duine sin ag iarraidh seirbhís i nGaeilge ón stáit.
    Sin a deintear i dtíortha dhátheangacha.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    A Shibéal, dá ndéanfaí é sin, bheadh sé sofheicthe do chách nach bhfuil a leithéid de dhaoine ann ach ní bheadh sé sin ina chabhair do dhuine atá ag iarraidh a leithéide, faraor