B’fhéidir go bhfuil sé in am do CLG cead a thabhairt do bhainisteoirí bheith íoctha go dleathach

Mar is eol go maith dár gcolúnaí, rialaíonn post seo na bainistíochta saol an bhainisteora ó mhoch maidin go déanach san oíche gach uile lá den bhliain beagnach

John Allen. Pictiúr: INPHO/James Crombie
John Allen. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Deineadh na tarraingtí dos na cluichí cúige sa pheil agus san iomáint le déanaí. Dar ndóigh, is comórtas ann féin é anois an chraobh cúige agus gan tionchar rómhór aige ar cé a thugann an lá leo i Meán Fómhair.

Is maith le gach imreoir bonn craobh cúige a thabhairt leis ach bíonn na himreoirí go léir cíocrach ceart faoi cheann craobh Éireann a bheith buaite ag deireadh a saoil imeartha. Tá spriocanna difriúla ag na bainisteoirí éagsúla, iad ag brath, dar ndóigh, ar an roinn ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Is post lánaimseartha é bheith i do bhainisteoir sinsear idirchontae. Faraor, tá cuid mhaith díobh ag obair go lánaimseartha freisin (i bpostanna éagsúla eile) agus dár ndóigh, tá sé an-deacair an dá thrá a fhreastal. B’fhéidir go bhfuil sé in am do CLG cead a thabhairt do bhainisteoirí bheith íoctha, go dleathach, agus post lánaimseartha a chruthú i ngach contae. Tá sé beagnach dodhéanta an jab a dhéanamh i gceart agus tú ag iarraidh obair i bpost eile freisin. 

Is cuimhin liom go maith bheith ag taisteal gach Máirt go Mainistir Fhear Buí ó Bhaile an Chollaigh, (timpeall tríocha míle), áit a mbíodh iománaithe Chorcaí ag traenáil aimsir na sraithe i gcomhair cúpla bliain.

Is cuimhin liom bheith ag iarraidh bheith ann ar a cúig a chlog chun an fhoireann a roghnú don Domhnach agus ansin dul ag traenáil agus filleadh abhaile timpeall a haon déag san oíche. Traenáil arís ar an Déardaoin agus b’fhéidir ar an Satharn. Cluiche ar an Domhnach agus gach a bhaineann leis.

Agus ansin an rud go léir a dhéanamh ar an Máirt arís agus sin i ndiaidh seachtain iomlán a chaitheamh ag múineadh ar scoil.

Taobh amuigh de sin, bíonn an t-uafás cruinnithe leis na himreoirí ag an mbainisteoir, ní áirím an fhoireann leighis, an bord contae, na meáin, lucht ainilíse, na traenálaithe agus na roghnóirí.

An chuid eile den am, bíonn an bainisteoir ag smaoineamh ar chluichí, tactaicí, drilleanna nua, slite chun traenáil a dhéanamh suimúil nó níos suimiúla.

Bíonn air an freasúra a scrúdú roimh gach cluiche agus déileáil le haon fhadhbanna a bhíonn le réiteach. Agus is féidir leat bheith cinnte de go mbíonn fadhbanna le réiteach gach seachtain.

An chuid is mó de na bainisteoirí, bíonn brú orthu nuair nach bhfuil éirí go rómhaith leis an bhfoireann. Do lucht tacaíochta féin ag baile agus na meáin a chuireann an brú seo ort de ghnáth. 

Tríd is tríd, ní féidir bheith scartha ón bpost mar tá mórán suime i gcúrsaí CLG go ginerálta ar fuaid na tíre agus aon áit a dtéann an bainisteoir, bíonn suim ag daoine labhairt leis faoin bhfoireann agus na cluichí – agus, dar ndóigh, roinnt comhairle a chur air freisin. I ngach contae tá cuid mhaith iománaithe (agus peileadóirí) ar an gclaí.

Mar sin, níl aon amhras faoi ach go ríalaíonn post seo na bainistíochta saol an bhainisteora ó mhoch maidin go déanach san oíche gach uile lá den bhliain beagnach. 

Ar a shon sin is uile, is onóir an-mhór é bheith i do bhainisteoir ar fhoireann sinsear idirchontae agus tú ar thóir an ‘Soitheach Naofa’ i mí Mheán Fómhair.

Ní shroicheann ach beirt barr an tsléibhe gach bliain agus is iontach an mothúchán é bheith seasta ar an taobhlíne mar bhainisteoir na foirne buacaí nuair a chuireann an réiteoir deireadh leis an gcluiche.

Beagnach gach seachtain anois tá bainisteoirí nua á n-ainmniú agus iad go léir lán de phleananna agus dóchas. 

Ní fada go mbeidh cruinnithe agus traenáil ann agus tosnóidh an roth ag casadh arís.

Fág freagra ar 'B’fhéidir go bhfuil sé in am do CLG cead a thabhairt do bhainisteoirí bheith íoctha go dleathach'