B’fhearr do mhuintir Chorcaí gan a bheith róchinnte díobh féin nó beidh bua gan choinne eile ag Áth Cliath

Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar chluichí leathcheannais iomána na hÉireann agus an seans atá ann le toradh gan choinne

B’fhearr do mhuintir Chorcaí gan a bheith róchinnte díobh féin nó beidh bua gan choinne eile ag Áth Cliath

Tá deireadh seachtaine mór iomána againn, ag tosnú ar a cúig um thráthnóna i bPáirc an Chrócaigh. Agus cé a cheap ag tosach na bliana go mbeadh Áth Cliath fágtha ina seasamh an tráth seo bliana?

Baineadh siar asainn go léir coicís ó shin i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhuaigh Áth Cliath, 12/1 leis na geallghlacadóirí roimh an gcluiche, ar Luimneach sna babhtaí ceathrú ceannais. Ba iad an dá chúl a fuair Áth Cliath i lár an dara leath, a tháinig laistigh de shoicindí dá chéile ón ionadaí John Hetherton agus ó Chian O’Sullivan, a chuir na Dubs ar bhóthar a leasa.

Agus sheas an fhoireann, nach raibh aon súil leo, go daingean chun bua stairiúil a fháil, an ceann is mó acu ó chraobh 2013 nuair a bhuaigh siad Craobh Laighean agus nuair a d’imir siad i gcluiche leathcheannais na hÉireann go deireadh. An freasúra céanna a bhí acu an lá sin a bheidh rompu inniu, mar a tharlaíonn sé.

Tá Niall Ó Ceallacháin agus a chuid imreoirí ag dul isteach sa chluiche seo mar a bhí coicís ó shin agus gan daoine ag tabhairt mórán seans dóibh. Ó cloíodh Luimneach, tá an iomad cainte ar fad cois Laoi faoi Chorcaigh agus daoine cheana féin ag ceapadh go mbeidh Corn Mhic Cárthaigh á thabhairt leo.

Ná déanaimis dearmad ar an gcluiche teann, crua a bhí idir Áth Cliath agus Corcaigh sna babhtaí ceathrú ceannais i Staid Semple anuraidh nuair nach raibh ach ceithre chúilín eatarthu ag an fhead dheireanach.

In am cúitimh an lá sin, chuir cúl báire Chorcaí Patrick Collins stop le hurchar ó Dhiarmaid Ó Dúlaing sular stop Niall O’Leary poc saor ó Dhónal Burke ar an líne chúil. Cuireadh stop freisin le hiarracht eile ó Ó Dúlaing, rud a thug faoiseamh do lucht tacaíochta Chorcaí.

I gcoitinne, bheinn ag ceapadh go bhfuil an dá chontae tagtha chuig an stáitse seo den séasúr leis an sórt ‘form’ céanna. Tá cúpla leath iontach imeartha ag an dá contae agus Luimneach buaite acu beirt. Dar ndóigh, tá níos mó taithí ag Corcaigh. Tá an stair agus an traidisiún ar thaobh Chorcaí ach mar is eol dúinn go maith, is ar an lá a bhuaitear agus a chailltear na cluichí. Rinne an Clár an briseadh tríd i 1995, an Ghaillimh i 1980 agus Uíbh Fhailí i 1981. Is féidir le hÁth Cliath an cluiche seo a bhuachaint ach beidh ionadh orm mura mbuann Corcaigh é.

Sa chluiche leathcheannais eile amárach beidh Tiobraid Árann ar ais ar Pháirc an Chrócaigh den chéad uair ó chluiche ceannais na hÉireann 2019 tar éis dóibh an Ghaillimh a shárú go héasca cúpla seachtaine ó shin.

Rinne idir shean agus óg an beart d’fhoireann Liam Cahill an lá sin. Ar an líne istigh, d’aimsigh Jason Forde agus John McGrath deich bpointe eatarthu, an tromlach faighte ag Forde, seacht gcinn ar fad. D’aimsigh Jack Morris agus Andrew Ormond an méid céanna scóranna agus deich bpointe roinnte go cothrom eatarthu le cúig cinn an duine.

Chinntigh an cúl a d’aimsigh an déagóir cumasach Oisín O’Donoghue go raibh deireadh leis an gcoimhlint agus an cúl cinniúnach sin ag cinntiú chomh maith go mbainfeadh Tiobraid Árann díoltas amach don bhua a bhí ag Gaillimh orthu sna babhtaí céanna in 2023.

Tá an meascán sin de thaithí agus fuinneamh na hóige ag Tiobraid Árann ar fud na páirce. Níl aon dabht ach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta acu ó thosach na bliana.

Ach tá Cill Chainnigh rompu agus níos mó taithí fós acusan agus iad níos faide ar aghaidh i bhforbairt na foirne, seans.

Tá an-mheas agam ar an bhfoireann seo agus ar an mbainistíocht. Is foireann aibí í seo atá ag Derek Lyng le cúpla bliain anuas, agus sea, tá brú ann. Bíonn brú ann gach bliain le Cill Chainnigh. An seanfhocal céanna i gcónaí, déantar thú a thomhas de réir chraobhacha na hÉireann.

Cuirfidh sé go mór leo má bhíonn Eoin Cody ag tosnú nó ag teacht isteach mar ionadaí. Agus leithéidí TJ Reid, Adrian Mullen agus Mossy Keoghan ina theannta, tá aonad tosaithe den scoth acu.

Ceapaim, ar an iomlán go bhfuil siad níos fearr ná Tiobraid Árann agus go mbeidh an lá leo.

Fág freagra ar 'B’fhearr do mhuintir Chorcaí gan a bheith róchinnte díobh féin nó beidh bua gan choinne eile ag Áth Cliath'