Beirt snámhaithe ag iomaíocht ar son na hÉireann sna babhtaí ceannais

Ellen Walshe ag iomaíocht sa mheascra aonair 400m agus Mona McSharry sa snámh brollaigh 100m anocht

Beirt snámhaithe ag iomaíocht ar son na hÉireann sna babhtaí ceannais

Ellen Walshe agus Mona McSharry. Pictiúr: ©INPHO/Andrea Masini

Beidh beirt snámhaithe de chuid na tíre seo ag snámh sna babhtaí ceannais ag na Cluichí Oilimpeacha anocht. Beidh Ellen Walsh ag snámh sa mheascra aonair 400 méadar agus beidh Mona McSharry ag snámh sa gcomórtas don snámh brollaigh 100 méadar.

Ag 7.30 anocht a bheidh Ellen Walsh san uisce agus ag 8.25 a bheidh Mona McSharry ag tabhairt faoina comórtas 100 méadar féin.

D’éirigh thar cionn le bean Shligigh, Mona McSharry ina rás tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a tháinig sí sa dara háit.

Sa gceathrú háit a chríochnaigh an Baile Átha Cliathach Ellen Walsh ina babhta féin, toradh a d’fhág sa seachtú háit í agus is iad an t-ochtar ab fhearr a bheidh ag iomaíocht sa mbabhta ceannais anocht in Airéine La Défence i bPáras.

Tá an bheirt snámhaithe seo sa seomra céanna i mbaile na gCluichí Oilimpeacha.

“Is í Mona mo chomrádaí seomra, in uair mharbh na hoíche a tháinig sí abhaile ar maidin inniu, tar éis fisiteiripe, téarnamh, agus snámh fuaraithe,” a dúirt Walsh.

“Bhíomar ag magadh go mb’fhéidir go mbeimis sa mbabhta ceannais anocht. Tá mé chomh sásta go mbeidh mise mé féin páirteach ina teannta. Féadfaimid filleadh ar an seomra agus an rud ceannann céanna a dhéanamh arís anocht. Tá cluaisíní croí orm!”

Tá an-mhuinín ag snámhaí eile, Daniel Wiffen, go n-éireoidh leis an bonn óir a thabhairt sa gcomórtas snámh saorstíle 800 méadar a bheidh ar siúl san oíche Dé Máirt san ionad céanna, Airéine La Défense.

Maidin inniu a d’éirigh le Daniel Wiffen, a bhfuil craobh an domhain aige faoi láthair, a áit sa snámh ceannais a chinntiú nuair a d’éirigh leis an 800 méadar a shnámh in 7:41.53. Soicind amháin a bhí aige ar an té ba ghaire dó ach creideann sé go bhfuil tuilleadh le tabhairt aige.

As Machaire Lainne i gcontae Ard Mhacha é Wiffin agus ar ndóigh ní i ngan dó a rinne a chontae dúchais éacht inné agus Corn Sam Mhig Uidhir crochta leo acu. Tá súil ag an snámhaí go bhfuil an t-ádh ag rith le hArd Mhacha faoi láthair.

“Sea, bhuaigh Ard Mhacha. An 14 Iúil mo breithe, Lá Bastille. Nach 100 bliain ó shin a ghlac Éire páirt sna cluichí Oilimpeacha [an chéad uair mar náisiún neamhspleách]? Nach bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na réaltaí ar ar son?”

Níor chuir dornálaí na hIodáile, Alessia Masiano, mórán dua ar Kellie Harrington sna babhtaí ceathrú ceannais sa rannóg 60 cileagram. Bhí bua 5-0 ag an gcuradh Oilimpeach as Baile Átha Cliath ar an Iodálach. Ar an gCéadaoin a bheidh Kellie sa bhfáinne arís.

Beidh dornálaithe eile de chuid na tíre seo sa bhfáinne amárach i mbabhta a 16 agus a 32.

Beidh Phillip Doyle agus Daire Lynch sna babhtaí leathcheannais sa mbád beirte.

Beidh cluiche leathcheannais agus cluiche ceannais rugair na mban ar siúl agus beidh foireann haca na bhfear ag imirt in aghaidh na hIndia.

Fág freagra ar 'Beirt snámhaithe ag iomaíocht ar son na hÉireann sna babhtaí ceannais'

  • Ciarán

    Iontach ! … agus tá Machaire Lainne i gContae an Dúin cf an Vicipéid