Áit bainte amach ag beirt bhan as an nGaeltacht ag na Cluichí Oilimpeacha

Bhí Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn ar fhoireann rámhaíochta na hÉireann ar éirigh leo ag comórtas cáilithe san Eilvéis ag an deireadh seachtaine

Áit bainte amach ag beirt bhan as an nGaeltacht ag na Cluichí Oilimpeacha

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh. Pictiúr: ©INPHO/Detlev Seyb

Tá áit bainte amach ag beirt bhan as Gaeltacht Chonamara ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an samhradh seo.

Bhí Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn ar fhoireann rámhaíochta na hÉireann ar éirigh leo ag comórtas cáilithe san Eilvéis ag an deireadh seachtaine.

Bhuaigh Keogh, Murtagh agus beirt eile, Eimear Lambe ó Bhaile Átha Cliath agus Emily Hegarty ó Chorcaigh, a rás sa bhabhta ceannais ag regatta a reáchtáladh in Lucerne na hEilvéise.

Ní raibh ach dhá áit ag na Cluichí Oilimpeacha ar fáil sa chomórtas ach d’éirigh le mná na hÉireann teacht tríd na réamhbhabhtaí Dé Sathairn agus bhuadar an rás ceannais inné.

Bhuaigh an ceathrar boinn airgid ag Craobh na hEorpa an mhí seo caite agus bhí triúr acu, Keogh agus Murtagh san áireamh, sa bhád a bhuaigh bonn cré-umha sa chraobh in 2020.

Agus í ag labhairt ar Morning Ireland ar RTÉ Radio One ar maidin, dúirt Keogh gurb é “mian a croí” áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha.

“Tá sé dochreidte. Bhí muid ag fanacht chomh fada ar na rásaí tosú arís agus an deis a fháil áit ag na Cluichí Oilimpeacha a bhaint amach. Is mór an faoiseamh é,” arsa Keogh.

D’éirigh le beirt rámhaithe Éireannacha eile, Aoife Casey agus Margaret Cremen, áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha ag an deireadh seachtaine freisin. Tháinig an bheirt sin sa tríú háit sa rás Bád Beirte Éadrom.

Fágann na torthaí seo go mbeidh sé bhád agus 13 rámhaí ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo, an líon is mó riamh ag an tír seo.

Meastar go bhfuil an-seans ag na rámhaithe boinn a thabhairt leo agus Craobh an Domhain buaite roimhe seo ag Sanita Puspure agus ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy.

Reáchtálfar na Cluichí Oilimpeacha idir an 23 Iúil agus an 8 Lúnasa an samhradh seo.

Is mian le ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Seapáine nach reáchtálfaí na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19. I dtorthaí suirbhé a foilsíodh inniu, thug 43% le fios go raibh siad ag iarraidh go gcuirfí na cluichí ar ceal agus dúirt 40% eile gur chóir iad a chur ar athlá arís.

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh. Pictiúr: ©INPHO/Detlev Seyb

Bhí na Cluichí Oilimpeacha le bheith ann anuraidh ach cuireadh siar go dtí i mbliana de bharr na paindéime.

Fág freagra ar 'Áit bainte amach ag beirt bhan as an nGaeltacht ag na Cluichí Oilimpeacha'

  • Cluain Sceach

    Na Forbacha=Gaeltacht?
    Maigh Cuilinn=Gaeltacht?
    Ba dheas é.

  • An tEisreachtach

    Maith thú, a Chluain Sceach.
    Tá tuarisc.ie cósúil le SAOL – nuachtán Cholm Uí Thórna blianta ó shin – a bhí lán de scéalta cadásúla, clúmhacha ‘dóchais’ agus ‘ardú meanman’ faoin nGaeilge.
    Féin-bhob-bhualadh nó fantasaíocht a bhí ina bhformhór.
    Nuachtán a dhéanann scrúdú fírinneach ar an saol atá uainn, ní leathán leanbaíochta.