Beidh taithí Patrick Horgan agus a chriú ríthábhachtach i gcluiche ceannais Chorcaí

Ag tosach na craoibhe i gCorcaigh ní dócha go raibh mórán daoine ag tuar go mbeadh Fánaithe an Ghleanna agus Mainistir na Corann i gcoinne a chéile sa chluiche ceannais

Beidh taithí Patrick Horgan agus a chriú ríthábhachtach i gcluiche ceannais Chorcaí

Patrick Horgan. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Sula ndéarfaidh mé aon rud faoi cúrsaí an deireadh seachtaine seo caithfidh mé tagairt a dhéanamh d’imeachtaí iomána le cúpla seachtain anuas. Coicís ó shin chonaiceamar ardtaispeántas ó Ghaeil Uí Lochlainn ar feadh trí cheathrú den chluiche ach ag an deireadh d’imigh an ghaoth as a seolta i gcoinne club atá fíorláidir, Sáirséalaigh Bhaile Héil. Bhí an cluiche seo ar fheabhas –  imirt dhian, spórtúil agus sciliúil. Ardchoimhlint.

D’fhéadfainn an méid céanna a rá faoi chluiche ceannais Átha Cliath. Bhí an cluiche sin freisin ar ardchaighdeán.

Chonaic mé cúpla cluiche ó chraobh Átha Cliath i mbliana agus bhíos an-tógtha leis an méid imreoirí cumasacha a bhí ag imirt iontu. Bhí craobh na hardchathrach go hiontach agus Na Fianna in uachtar ón gcéad bhriseadh uisce go dtí am cúitimh gortuithe ach chríochnaigh na Crócaigh go láidir agus ní raibh aon fhreagra ag Na Fianna orthu in am breise.

Tríd is tríd cluiche fíorthaitneamhach a bhí ann agus comharthaí ann go bhfuil neart imreoirí ann d’fhoireann an chontae do 2022.

Dé Domhnaigh seo caite níor lig na Tiobraid Árannaigh síos muid agus, fearacht na bliana seo caite, cluiche fíordhrámatúil a bhí againn.

I ndiaidh tús mall bhí Luachma -Caisleán Laighnigh ocht gcúilín taobh thiar de Sháirséalaigh Dhurlais, ach léirigh tosaí atá ar ais ar a sheanléim an mianach, scil agus cumas iontach scórála atá ann. Faoi dheireadh na himeartha bhí cúl agus dosaen cúilíní saothraithe ag John McGrath. Dosaen cúilíní a fuair sé sa chluiche leathcheannais chomh maith agus a 4-6 a scóráil sé sa chluiche roimhe sin.

Beidh an athimirt seachtain ón Domhnach. Beidh slua mór ann déarfainn.

Dar ndóigh tá cluiche ceannais na liathróide móire le himirt amárach ag Luachma-Caisleán Laighnigh.

Agus cé nach bhfaca mé é chuala go raibh cluiche ceannais an Chláir thar a bheith teann. D’éirigh le Baile Uí Aodha, a bhí d’uireasa Tony Kelly, a srón a bhrú chun cinn sa cheathrú dheireanach.

Feicfimid conas atá an caighdeán cois Laoi agus an cluiche ceannais ar siúl amárach. Ag tosach na craoibhe ní dóigh liom go raibh mórán daoine ag tuar go mbeadh Fánaithe an Ghleanna agus Mainistir na Corann i gcoinne a chéile sa chluiche ceannais.

Ach is iad a bheidh ag dul chun páirce i bPáirc Uí Chaoimh ag 3pm inniu.

Bhí Mainistir na Corann ar fheabhas sa chluiche leathcheannais i gcoinne sheaimpíní 2020, an Charraig Dhubh. Thugadar taispeántas na bliana go dtí seo agus iad thar barr ar fud na páirce. Bhí an t-ógánach Cormac Beausang ar fheabhas sa chluiche agus fuair sé cúl agus ceithre chúilín (cúl agus trí chúilín a bhí aige sa chluiche ceathrú ceannais agus fuair sé ceithre chúilín in aghaidh na Sáirséalach i gcluiche grúpa.) Bhí iarimreoirí an chontae Conor Lehane agus Luke O’Farrell ar fheabhas freisin agus díocas ar O’Farrell agus é ag stiúradh na himeartha agus ag cruthú seansanna. Léirigh Lehane arís cé chomh maith is atá sé agus daoine anois ag caint faoi é a bheith ar ais arís ar phainéal an chontae. Bhí Tommy O’ Connell thar barr ag uimhir a sé agus bhí Seán O’Leary Hayes, atá ar phainéal an chontae, an-mhaith freisin. Beidh suim againn go léir a fheiceáil cé a bheidh ag marcáil Patrick Horgan agus déarfá gur ar O’Leary nó Luke Dineen, atá thar a bheith díocasach mar imreoir, a chuirfí an cúram. Dar ndóigh braithfidh mórán ar Horgan a choimeád ar an ngannchuid.

Bhí sé ar fheabhas sa chluiche deireanach agus tionchar iontach aige ar an toradh. Chaill Fánaithe an Gleanna sa chluiche ceannais anuraidh agus chailleadar an chéad chluiche go dona (11 cúilín) i mbliana i gcoinne Dhúglais.

Ach is foireann iad a bhfuil taithí go leor, spiorad agus diongbháilteacht ina gcuid imeartha. Tá siad i ndiaidh teacht tríd trí chluiche agus farasbarr ceithre cúilín sa bhreis acu.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne ach tá an-taithí ag Patrick Horgan agus ag an nGleann agus nuair a bheidh deireadh ráite b’fhéidir gur leor san.

Fág freagra ar 'Beidh taithí Patrick Horgan agus a chriú ríthábhachtach i gcluiche ceannais Chorcaí'

  • alan titley

    Is mór agus is ard é mo mheas ar John, ach uaireanta bíonn áthas orm nach bhfuil an ceart aige! Foireann ar bith seachas an Gleann…agus tá Mainistir na Corann ar fheabhas…