Beidh Paschal Donohoe cráite as seo go dtí lá an Bhuiséid agus géillfidh sé…roinnt

Pá sa tseirbhís phoiblí: seasfaidh an Rialtas an fód agus géillfidh siad ag an am céanna

Beidh Paschal Donohoe cráite as seo go dtí lá an Bhuiséid agus géillfidh sé…roinnt

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Beidh Paschal Donohoe cráite as seo go dtí lá an Bhuiséid. Ar ndóigh bíonn airí airgeadais cráite i gcónaí agus roinnt an airgid á plé le hairí eile. Ach is déine agus is deacra a chúram ná an dualgas a bhí ar aire ar bith eile le scór bliain. 

Conas? Tá an geilleagar ag neartú agus fás 4% ar a laghad á thuar ag na saineolaithe. Tháinig méadú €2.8 billiún ar theacht isteach an rialtais anuraidh (an seachtú méadú bliantúil as a chéile), agus táthar ag súil le méadú eile i mbliana.

Is é Charlie McCreevy, a bhí ina aire airgeadais ó 1997 go dtí 2004, an t-aire deireanach a bhí i gceannas i Sráid Mhuirfean agus farasbarr chomh toirtiúil le caitheamh aige. Ach mar a fuarthas amach ó 2008 ar aghaidh, ní raibh riar an gheilleagair ná an státchiste chomh folláin agus a shíl ár bhformhór an uair sin. 

Is fusa a bheith i gceannas ar an roinn airgeadais nuair a bhíonn airgead gann. Bíonn a fhios ag gach aire, agus ag gach dream a mholann caiteachas breise, nach gcloisfear ach diúltú mar fhreagra. Go deimhin, nuair nach mbíonn ach gearradh siar á bheartú, tugann foireann cáinaisnéise na Roinne Airgeadais le fios go neamhbhalbh d’airí nach dtabharfar éisteacht ach amháin do chur síos ar chiorruithe.

Cuirfear tús Dé hAoine le comhráite idir an rialtas agus ceardchumainn na seirbhíse poiblí. An príomhábhar: éileamh na gceardchumann go gcuirfí 60,000 oibrí a fostaíodh ó 2011 ar comhchéim tuarastail le gach oibrí a fuair post sa tseirbhís phoiblí roimhe sin.

 Tá stailceanna á mbagairt cheana féin ag múinteoirí mura dtugann an rialtas le fios an mhí seo chugainn go gcuirfear an laghdú ar phá múinteoir a earcaíodh ó 2011 ar ceal.

Beidh an rialtas ábalta thart ar 3 billiún sa bhreis a chaitheamh an bhliain seo chugainn, de réir gach meastacháin. Ar an gcéad amharc, ba chóir go mbeadh Paschal Donohoe ábalta 200 milliún a aimsiú gan stró mar sin chun lánchothromaíocht phá a chur i bhfeidhm gan mhoill i ngach scoil, ospidéal agus seirbhís stáit eile sa tír. 

Mar sin féin, níl seans ar bith ann go gcuirfidh an Rialtas tairiscint dá leithéid ar an mbord. Dúirt Paschal Donohoe Dé Céadaoin go raibh €2.6 billiún geallta cheana féin, gur thuig sé cúis imní na gceardchumann, ach go gcaithfí ‘na figiúirí’ a chur sa mheá.

Aistriúchán: géillfear do na ceardchumainn, ach ní thairgfear an t-iomlán dóibh, agus is de réir a chéile a íocfar é. Beidh cur chuige an rialtais bunaithe ar ghéilleadh teoranta agus ar fhódseasamh teoranta in éineacht.

Beidh súil á coimeád ag an rialtas chomh maith ar oibrithe san earnáil phríobháideach agus ar an míshásamh a chuirfí orthu dá gceapfaí go raibh flaithiúlacht as cuimse á léiriú sna comhráite a thosóidh Dé hAoine. 

Is féidir ceist réasúnta a chur faoi gach abairt thuas. Cén fáth nach bhfuil trácht anseo ar an éagóir a rinneadh le seacht mbliana ar mhúinteoirí agus ar altraí nua-cháilithe, agus ar fhostaithe óga eile sa tseirbhís phoiblí?

Freagra: ní hionann éagóir a admháil agus í a leigheas.

Fág freagra ar 'Beidh Paschal Donohoe cráite as seo go dtí lá an Bhuiséid agus géillfidh sé…roinnt'