‘Beidh an Ghaeilge mar thosaíocht agam’ – ardstiúrthóir RTÉ

Deir cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, go bhfuil ‘níos mó le déanamh’ ag an gcraoltóir i leith na teanga

‘Beidh an Ghaeilge mar thosaíocht agam’ – ardstiúrthóir RTÉ

Deir Ard-Stiúrthóir nua RTÉ go mbeidh an Ghaeilge mar thosaíocht aige agus é ag tabhairt faoi athruithe a chur i bhfeidhm ar an gcraoltóir náisiúnta.

Dúirt Kevin Bakhurst an méid sin mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh air ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí ar maidin, mar a raibh sé á cheistiú ag polaiteoirí faoi ghéarchéim RTÉ.

Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, go raibh dul chun cinn déanta ag an gcraoltóir i leith na teanga ach go raibh “níos mó le déanamh”. Ní gá ach labhairt le daoine i bpobal na teanga lena thuiscint gur gá cur leis an soláthar Gaeilge, a dúirt sí.

Dúirt Cathaoirleach RTÉ, ar iarchathaoirleach ar TG4 í, gur dóigh léi gur cheart níos mó “comhoibriú” a bheith idir an dá chraoltóir.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh gur “ceist oscailte” é an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a dhualgais maidir le soláthar clár Gaeilge.

Thagair sé chomh maith don neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Dúirt Kevin Bakhurst agus Siún Ní Raghallaigh go ndéileálfaí leis an gceist sin san athbhreithniú atá á dhéanamh ar ghráid agus pá in RTÉ.

Dúirt Kevin Bakhurst gur mór aige a chaidreamh lena “chomhghleacaithe” i Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh sé ag tabhairt cuairt ar TG4 agus RnaG an tseachtain seo chugainn, a dúirt sé.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, nár cheart go mbeadh TG4 ina leithscéal ag RTÉ gan a ndualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Ag an gcruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí ar maidin, chuir ionadaithe ó RTÉ go láidir i gcoinne gnéithe den fhianaise a thug Ryan Tubridy agus a ghníomhaire, Noel Kelly, faoi chonspóid na n-íocaíochtaí in RTÉ.

Dúirt Kevin Bakhurst nár ghlac sé leis gur insíodh seacht mbréag faoi Tubridy, mar a mhaígh an láithreoir ag an gcoiste céanna an tseachtain seo.

Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sé ag iarraidh cinneadh ró-phras a dhéanamh faoina a bhfuil i ndán do Ryan Tubridy mar chraoltóir in RTÉ.

Dúirt sé go raibh bunús le cuid den cháineadh a rinne Tubridy agus Noel Kelly ar RTÉ, ach bhí na difríochtaí idir cuntas Tubridy agus léamh RTÉ ar chúrsaí go mór sa treis ag cruinniú an lae inniu.

Dúirt ardstiúrthóir nua RTÉ go raibh conspóid na n-íocaíochtaí ar cheann de na heachtraí “ba náirí agus ba dhíobhálaí i stair na heagraíochta”.

Dúirt sé nár cheart do RTÉ a bheith ag socrú margaí tráchtála do chonraitheoirí agus go raibh na táillí a íoctar le conraitheoirí áirithe ró-ard.

Cé go luaitear an Ghaeilge go minic mar dhlúthchuid de chúram na craoltóireachta seirbhíse poiblí, thuas seal thíos seal a bhí an soláthar sa teanga ar RTÉ le blianta.

An samhradh seo caite, dúirt an Coimisiún um Thodhchaí na Meán nach ndéanann RTÉ a dhóthain i dtaobh ábhar Gaeilge a chraoladh.

Ar cheann de na moltaí a bhí i dtuarascáil an Choimisiúin, dúradh nach mór do RTÉ tosaíocht níos fearr a thabhairt don Ghaeilge, ina chláir i gcoitinne agus ar gach ardán.

In 2018 chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh RTÉ na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin. Faoin reachtaíocht sin tá sé de dhualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus cláir cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge.

Fuarthas amach le linn imscrúdú an choimisinéara nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021.

Fág freagra ar '‘Beidh an Ghaeilge mar thosaíocht agam’ – ardstiúrthóir RTÉ'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11074
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonallMacBill YouTube @DonallMacBill

    @@@@@@@@@@@@@ Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla ó bunaíodh an Stát @@@@@@@@@@

    Seo mar a scríobh mé sa bhliain 2019 faoin Ghaeilge i gcóras caipitileach angla-mheiriceánach an rialtais i dtaobh na teanga ———————————————

    Béarla Bréa Bhaile Átha Cliath aige”, a dúirt an Breitheamh i mo chás.

    Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla ó bunaíodh an Stát

    Dá dtarlódh seo i dtír ar bith eile mar shampla an Fhrainc, an Bheilg srl.
    bheadh lucht déanta an Dlí sna cillíní taobh liom le fada an lá.

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 Acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’ . ————— Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    *************************
    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    **************************

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil (2014-2023) ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’.

    Ar aghaidh chun bua agus Achtanna Dlíthiúla —- le mo phianbhreith a chur ar neamhní !!!

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Phríosúnach Poblachtach sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=artistdetail&artist=D%C3%B3nallTom%C3%A1sMacBillings&id=11074

    *****************************************************************************************