Beatha seachtar eile curtha le Ainm.ie

I measc an tseachtair a bhfuil cuntais scríofa fúthu, tá an scoláire agus saineolaí focal Diarmaid Ó Muirithe, agus tráchtaire spóirt RnaG, Dóirín Mhic Mhurchú

Ainm.ie 4

Tá seacht mbeatha nuascríofa curtha leis an mbunachar náisiúnta beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie.

Ina measc siúd, tá an scríbhneoir, scoláire agus saineolaí focal Diarmaid Ó Muirithe (1935–2014), a mbíodh an-tóir ar a cholún nuachtáin i nGaeilge agus i mBéarla; Máire Stafford (1923–2014), aisteoir agus léiritheoir a dtugtaí ‘Banríon na Taibhdheirce’ uirthi; agus Dóirín Mhic Mhurchú (1930–2014), iriseoir agus tráchtaire a bhíodh le cloisteáil go mion minic ar chláir spóirt Raidió na Gaeltachta.

Cuirfidh lucht léite na filíochta spéis sa chuntas ar Douglas Sealy (1929–2013), fear ildánach as Baile Átha Cliath agus garmhac le Dubhghlas de hÍde, a scríobh idir dhánta agus aistí critice ar chúrsaí filíochta agus litríochta trí chéile.

Iad siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga i gcontae an Chláir agus sna hiarrachtaí a rinneadh an teanga a chur chun cinn ansin, is le fonn a léifidh siad an cuntas nua ar an díograiseoir teanga Seán Ó Ceallaigh (1934–2014).

Beidh cuimhne ag go leor de lucht freastail an Oireachtais ar Úna Uí Lachtnáin (1935–2014), a raibh baint aici leis an iliomad eagraíochtaí Gaeilge, idir áitiúil agus náisiúnta, agus a bhí ina hUachtarán ar an Oireachtas sa bhliain 2011.

Duine de bhunaitheoirí an Social Action Movement ab ea Máire Uí Mhaicín (1949-2013). Ba ghluaiseacht í sin a bunaíodh chun cabhrú le dílleachtaí, le páistí na mbocht, le páistí an lucht taistil, agus le daoine aosta.

Léachtóir agus scríbhneoir ab ea Uí Mhaicín, leis, agus chuir sí spéis i bhfoghlaim, i sealbhú agus i múineadh na Gaeilge. Chaith sí a saol ina ball de choistí agus de ghníomhaireachtaí éagsúla teanga.

Is féidir an t-eolas ar fad i dtaobh na ndaoine thuas a léamh anois ar ainm.ie.

Fág freagra ar 'Beatha seachtar eile curtha le Ainm.ie'