Beart de réir briathair

Rinneadh geallúint deich mbliana ó shin nach bhfulaingeodh duine ar bith mí-úsáid in Ionad Cúraim feadh na tíre. Ní hamháin nach ndearnadh de réir na geallúna sin ach is in olcas atá an scéal imithe ó shin.

 

File Photo Did HIQA fail the residents of Aras Attracta care centre.

Tá sé beagnach deich mbliana ó tháinig an scannal faoin mí-úsáid a tugadh do sheandaoine in Ionad Cúraim Leas Cross chun solais ar chlár de chuid Prime Time.

Tá sé deich mbliana ó gealladh dúinn nach dtarlódh a leithéid go deo arís agus go ndéanfaí caighdeáin chearta cúraim a chur i bhfeidhm in ionaid mar seo ar fud na tíre.

Ina áit sin, mar a léiríodh dúinn ar chlár eile de chuid Prime Time tráthnóna Dé Máirt, is in olcas atá an scéal imithe.

Bhí an bhrúidiúlacht, an mí-iompar agus an mhí-úsáid i gcoitinne a chonaiceamar in Áras Attracta in mBéal Átha na Muice ar aon dul le rud ar bith a chonaiceamar in Ionad Cúraim Leas Cross i 2005.

Go deimhin, bhí cuid mhaith de i bhfad Éireann níos measa. Gan fiacail a chur ann, ba náire shaolta dúinn uile é.

Ní fheicfeá a leithéid i gceann de na diallachtlanna úd a d’fhág Ceausescu ina dhiaidh sa Rómáin.

Chonaiceamar daoine faoi mhíchumas intinne á mbeathú in aghaidh a dtola, iad á mbualadh agus á gciceáil agus baill foirne ag béicíl orthu, ag suí orthu agus á dtarraingt ar fud an urláir.

Duine ar bith a chonaic an méid a thaifead tuairisceoir cróga faoi cheilt in Áras Attracta le ceamara rúnda, ní dhéanfaidh sé dearmad air go deo.

Agus is ábhar mór imní é seo ní hamháin dóibh siúd a bhfuil gaolta leo ina gcónaí in Áras Attracta ach do dhuine ar bith a bhfuil daoine muinteartha leis in ionad cúraim den chineál seo in áit ar bith sa tír.

Glactar leis i gcónaí gur féidir leo siúd nach mbíonn in ann, ar fáth amháin nó ar fáth eile, aire a thabhairt dóibh féin brath ar an gcuid eile againn chun an aire sin a fháil.

Go dtí le fíorghairid, is sa bhaile a tugadh an aire sin dóibh – go háirithe do sheandaoine.

Ach le blianta beaga anuas, go háirithe ó thosaigh mná pósta ag obair taobh amuigh den bhaile, is ar ionaid chúraim a bhímid, mar shochaí, ag brath, a bheag nó a mhór, chun an tseirbhís sin a chur ar fáil.

Mar atá feicthe againn arís agus arís eile, áfach, ní fios dúinn cuid mhaith den am céard a bhíonn ar siúl taobh istigh de na hionaid chéanna.

Níos measa fós, shílfeá nach mbíonn a fhios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ach oiread.

I dtuairisc a rinne cigirí an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) ar Áras Attracta mí Feabhra seo caite, cáineadh droch-chaighdeán an chúraim go láidir.

Ach, mar is léir ón méid a chonaiceamar ar an teilifís Dé Máirt, níor tháinig aon fheabhas ar chúrsaí idir an dá linn.

Ó chuaigh RTÉ go dtí iad trí seachtaine ó shin, tá na Gardaí, Feidhmeannacht na Seibrhíse Sláinte agus HIQA ar fad i mbun fiosrúcháin. Agus is maith an rud go bhfuil.

Ach cá raibh na forais seo ar fad le naoi mí anuas? Cén fáth nár tosaíodh na fiosrúcháin seo i mí Feabhra?

Tá naonúr den fhoireann ar fionraí ó tháinig an scéal chun solais; arís, is maith sin. Ach, murach clár RTÉ, bheadh an naonúr sin fós ag obair in Áras Attracta.

Ní féidir an milleán a bhualadh ach oiread ar dhream príobháideach, mar a rinneadh i gcás Leas Cross. Is é Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte féin a ritheann Áras Attracta.

Is léir nár fhoghlaimíomar ceacht ar bith ó Leas Cross.

Is léir nach bhfuil an córas cigireachta atá ann sách éifeachtach agus is léir freisin nach ndéantar iarracht cheart moltaí na gcigirí a chur i bhfeidhm ná píonós a chur orthu siúd a sháraíonn na rialacha.

Cén mhaith foras faire nach mbíonn ach ag tafann – agus go mall féin? Theastódh fiacla i bhfad ní ba ghéire ó HIQA más futhu a bheidh sé dul i ngleic leis an bhfadhb seo amach anseo.

Dála an scéil, táimid freisin, den dara huair le deich mbliana, go mór faoi chomaoin ag aonad fiosrúcháin RTÉ.

Murach iadsan, tá seans maith ann nach dtiocfadh an scannall seo chun solais ar chor ar bith.

Ní hé an chéad uair é agus ní dócha gurb é an uair dheireanach é; ach nuair a theip glan ar institiúidí an Stáit a gcuid dualgas féin a chomhlíonadh, is ar iriseoirí a bhíomar ag brath chun mí-iompar a thabhairt chun solais agus a stopadh.

Bímis buíoch mar phobal go bhfuil leithéidí Prime Time ann nuair a theastaíonn siad.

Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury