Beagnach dhá bhliain ann ó bhí aon chruinniú ag grúpaí a bunaíodh chun treoirlínte pleanála na Gaeltachta a phlé

Tá oifigigh ó na ranna tithíochta agus Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta ina mbaill de dhá ghrúpa a bunaíodh le blianta beaga anuas chun dul i ngleic le fadhb na pleanála sa nGaeltacht ach ní raibh aon chruinniú ag na grúpaí sin ó 2023

Beagnach dhá bhliain ann ó bhí aon chruinniú ag grúpaí a bunaíodh chun treoirlínte pleanála na Gaeltachta a phlé

Cé go deir an rialtas go bhfuil an obair ar dhréachtú na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht fós ag dul ar aghaidh, tá beagnach dhá bhliain ann ó bhí an cruinniú oifigiúil is déanaí ag an ngrúpa atá ag obair ar fhorbairt na dtreoirlínte.

Tá oifigigh ón dá roinn agus ó Údarás na Gaeltachta ina mbaill de dhá ghrúpa a bunaíodh le blianta beaga anuas chun dul i ngleic le fadhb na pleanála sa nGaeltacht ach dheimhnigh an Roinn Tithíochta do Tuairisc nach raibh aon chruinniú ag na grúpaí sin ó 2023.

In 2021 a bunaíodh grúpa idir-rannach, ar a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, chun “treoir shonrach pleanála” a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta.

Dúirt an tAire Tithíochta James Lawless le gairid go bhfuil an grúpa sin “fós ag leanúint lena chuid oibre” ach tá sé deimhnithe ag a roinn nach raibh aon chruinniú ag an ngrúpa ón 8 Meitheamh, 2023.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Tithíochta le Tuairisc gur ceithre cinn de chruinnithe ar fad a bhí ag an ngrúpa idir-rannach sin idir Nollaig 2021 agus Meitheamh 2023.

Bhí trí chruinniú ag grúpa oibre eile, ar a bhfuil oifigigh ón dá roinn agus ón Údarás chomh maith, le hoifigigh ó na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram. Ba i mí Iúil 2023 a bhí an cruinniú is déanaí ag an  ngrúpa sin.

In ainneoin nár chas ceachtar den dá ghrúpa sin le chéile le dhá bhliain anuas, deir an Roinn Tithíochta go bhfuil an obair ar dhréachtú na dtreoirlínte fós ag dul ar aghaidh.

“Lean rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne ar aghaidh ar an gceist seo ó bhí na cruinnithe sin ann agus tá sin fós ar siúl in 2025,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios mí an Mhárta go raibh cruinniú ann an mhí sin idir oifigigh sa dá roinn chun na treoirlínte a phlé. Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary chomh maith go bhfuil sé i gceist aige cruinniú a bheith aige leis an Aire Tithíochta James Browne roimh dheireadh na míosa seo chun an t-ábhar a phlé.

“Ní hamháin go bpléifidh muid na treoirlínte Gaeltachta ach pléifidh muid na cumhachtaí atá ann sa dlí pleanála nua faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi na treoirlínte nua atá ann. Scrúdóidh muid iad agus b’fhéidir go mbainfidh muid úsáid astu,” a dúirt Calleary. Dúirt sé freisin go mbeadh cruinniú aige ina dhiaidh sin le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil sna ceantair Ghaeltachta.

Is in 2021 a d’fhógair an t-aire tithíochta ag an am, an Teachta Dála Darragh O’Brien, go raibh an rialtas chun beartas a fhorbairt chun dul i ngleic le fadhb na pleanála sa nGaeltacht. Dúirt O’Brien go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála roimh dheireadh na bliana sin ach theip orthu cloí leis an sprioc sin agus le roinnt eile a leagadh síos ó shin.

Níl an t-aire reatha ná a roinn sásta aon leid a thabhairt maidir le cén uair a fhoilseofar na treoirlínte. Tá polaiteoirí agus grúpaí feachtais ag éileamh go gcuirfí an obair i gcrích gan mhoill.

Fág freagra ar 'Beagnach dhá bhliain ann ó bhí aon chruinniú ag grúpaí a bunaíodh chun treoirlínte pleanála na Gaeltachta a phlé'