‘Beag is fiú’ á dhéanamh de Raidió na Gaeltachta agus gá le maoiniú breise don chraoltóireacht Ghaeilge

Cur chun cinn na Gaeilge sa chraoltóireacht riachtanach d’fhorbairt na teanga trí chéile, a deir an Seanadaóir Trevor Ó Clochartaigh i ndíospóireacht Seanaid

RnaG Rté Raidió radio

Tá sé ráite ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, gur cheart don Rialtas breis tacaíochta a thabhairt do na meáin Ghaeilge agus go “ndéantar beag is fiú” de Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt dó sa Seanad ar dhíospóireacht faoi chúrsaí craolacháin inné, dúirt Ó Clochartaigh go bhfuil cur chun cinn na teanga ag brath go mór ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus gur cheart tuilleadh maoinithe a thabhairt don dá chraoltóir.

“Tá cur chun cinn na Gaeilge sa gcraoltóireacht riachtanach d’fhorbairt na teanga tré chéile.

“Tá TG4, atá ag craoladh faoin mana ‘Súil Eile’ ó thús, ag deanamh sárobair, ní hamháin ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de, ach ó thaobh léargas éagsúil a thabhairt ar chúrsaí an tsaoil chomh maith”, a dúirt sé.

Luaigh sé Comóradh 1916 agus na “cláracha den scoth” atá déanta ag TG4 ar an ábhar sin, agus dúirt dá bhfaighidís tacaíocht bhreise “go mbeidís ábalta i bhfad níos mó a dhéanamh”.

“Tá daoine ann a déarfadh gurb é an rud is fearr a tharla do chúrsaí Gaeilge le blianta fada anuas ná bunú TG4. Is deacair dul ag troid leis sin. Nuair atá an Rialtas ag ullmhú do chomóradh an chéid 1916, caithfidh siad breathnú ar an tábhacht a fheiceann siad leis an gcraoltóireacht Ghaeilge inár bhféiniúlacht mar shochaí agus mar Phoblacht.

TG42

“Ar chóir don Rialtas, dá bhrí sin, tuilleadh tacaíochta a thabhairt do leithéidí TG4 mar gheall ar an ngean atá i measc an phobail orthu?” a d’fhiafraigh Seanadóir Sinn Féin.

Mhol sé go gcinnteodh an Rialtas maoiniú ceart do Raidió na Gaeltachta chomh maith “chun cur ar a gcumas siúd an cúram náisiúnta atá acu a chomhlíonadh ar bhealach níos cuimsithí”.

“Sílim go ndéantar beag is fiú den ról atá ag Raidió na Gaeltachta, i ndáiríre. Tá caighdeán idirnáisiúnta bainte amach ag cláracha den chéad scoth, cláracha cúrsaí reatha ina measc, atá curtha le chéile ag Raidió na Gaeltachta ar mhaoiniú an-bheag,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Chuir sé ceist ar an Aire Cumarsáide, Alex White, ar dhóigh leis go bhfuil dóthain maoinithe á fháil ag RTÉ RnaG agus an raibh sé i gceist go n-ardófaí an méid airgid a chuirtear ar fáil dóibh.

Ba ghá freisin, a dúirt sé, tacú leis an gcraoltóireacht Ghaeilge ó thuaidh.

“Tá gá le brú breise a chur ar rialtas na Breataine freisin chun fadsaoil an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh a dheimhniú chun tacú leis an soláthar cláracha Gaeilge ó na sé chontae a chinntiú sa bhfadtéarma,” a dúirt sé.

Luaigh Seanadóir Fhianna Fáil, Brian Ó Domhnaill, cás na craoltóireachta Gaeilge chomh maith, á rá go bhfuil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta “faoi bhrú faoi láthair”.

Cé go bhfuil lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta ag méadú de réir a chéile, a dúirt sé, tá an stáisiún faoi bhrú ó thaobh buiséid.

“Ós rud é go bhfuil brú orthu, tá sé tábhachtach nuair atá airgead á thabhairt d’aon eagras cumarsáide sa tír seo go mbeadh sé de dhualgas ar an eagras sin céatadán áirithe den airgead sin a chur ar fáil do chláracha Gaeilge agus do Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin eile anseo i mBaile Átha Cliath atá ag craoladh trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt Ó Clochartaigh, urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go bhfuil na meáin thar a bheith cumhachtach agus go múnlaíonn siad dearcadh daoine ar ábhair éagsúla.

Dúirt sé go bhfuil grúpa áirithe amháin tar éis iarracht a dhéanamh smacht a fháil ar chuid mhór de na meáin agus gur léiriú é sin ar an ngá atá le súil níos géire a choinneáil ar aon chomhnascadh a dhéanfaí idir grúpaí eile meáin amach anseo.

Fág freagra ar '‘Beag is fiú’ á dhéanamh de Raidió na Gaeltachta agus gá le maoiniú breise don chraoltóireacht Ghaeilge'

  • Concubhar

    Maith go leor a Trevor ach de bharr an leamhshainn ó thuaidh – agus tá baint éigean ag Sinn Féin leis an gceist sin – tá Ciste Craoltóireachta na Gaeilge, ciste a raibh mar thoradh ar dhian fheachtas ag gniomhaithe teanga ó thuaidh agus atá ina chabhair nach beag do TG4, ar a chosa deiridh agus gan aon chinnteacht faoina thodhchaí.

  • seán

    Ardmholadh tuilte ag laocha RnG, bheinn caillte gan iad. Éistím leo go síoraí seasta agus ta siad ar fheabhas an tsaoil. Táim dulta amach ar na canúintí ar fad anois agus is breá an rud an éagsúlacht. Má dhéanann an cinseal sa Dáil iarracht an bonn a bhaint uathu, pléascfar geallaimse dhuit.