‘Barter account’, ‘air fryer’, ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ i measc na bhfocal nua ar foclóir.ie

Tá nuashonrú suntasach déanamh ag Foras na Gaeilge ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge an mhí seo agus leasuithe déanta ar na mílte iontráil

‘Barter account’, ‘air fryer’, ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ i measc na bhfocal nua ar foclóir.ie

Tá aistriúcháin Ghaeilge anois ar fáil ar leithéidí ‘Barter account’, ‘air fryer’, ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ agus na céadta focal agus nathanna cainte curtha leis an suíomh foclóir.ie.

Tá nuashonrú suntasach déanamh ag Foras na Gaeilge ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge an mhí seo agus leasuithe déanta ar na mílte iontráil, idir shlacht a chur ar iontrálacha, earráidí a cheartú agus chomhaid fuaime agus ghramadaí bhreise a chur le hiontrálacha.

Cuireadh breis is 21 míle comhad fuaime ar an suíomh, seacht míle i ngach ceann de na mórchanúintí mar chuid den obair nuashonraithe agus, lena chois sin, tá cúpla céad iontráil agus ciall nua curtha leis an bhfoclóir bunaithe ar chúrsaí reatha agus anailís ar chuardaigh ar an suíomh, cuardaigh gan toradh, go háirithe. Baintear leas as aiseolas agus iarratais ó úsáideoirí freisin agus cuirtear gnáthúsáid Bhéarla na hÉireann san áireamh chomh maith.

I measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh leis an suíomh tá:

  • Cúrsaí reatha: zero waste, barter account, transphobia, working from home, hybrid working, greenwashing, sportswashing, mansplain, police brutality, plastic free, food mile, femicide, eco-anxiety, climate justice, dashcam, binge-watch, oat milk, paywall, wild swimming.
  • Cuardaigh agus iarratais ó úsáideoirí: pescatarian, non-binary, paddleboarding, stand up paddleboarding, daddy long legs, anti-aging.
  • Úsáid Bhéarla na hÉireann: lethal (thar barr ar fad), sucking diesel, dose (duine/rud míthaitneamhach), were you born in a barn?

“Faighimid aiseolas ón bpobal go rialta mar gheall ar an bhfoclóir, aiseolas a bhaineann leis an ábhar agus le feidhmiúlacht an tsuímh,” a dúirt lucht foclóir.ie. “Táimid an-bhuíoch de na daoine sin a chuireann an t-aiseolas luachmhar sin chugainn agus tá mórán leasuithe déanta againn san fhoclóir dá réir.”

Faoi láthair, tá an rannóg foclóireachta ag Foras na Gaeilge ag obair ar thionscadal nua ina bhfuil i gceist dhá fhoclóir nua Gaeilge a fhoilsiú: an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá sé i gceist go mbeidh an dá fhoclóir nua, a mbeidh 80,000 aonad céille iontu araon, le fáil ar líne faoi dheireadh na bliana 2027.

Fág freagra ar '‘Barter account’, ‘air fryer’, ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ i measc na bhfocal nua ar foclóir.ie'

  • Sibéal

    Tá foclóir Gàidhlige ina bhfuil sanasaíocht agus (bunús na bhfocal) ann le 110 bhliain!!
    Níl sé ceart go bhfuil préamhacha na Gaeilge sa SeanGaeilge, sa Fhraincis, sa Bhéarla, sa Laidin, sa Lochlannais srl fágtha ar lár sna foclóirí Gaeilge ar fad.