Mhol Conradh na Gaeilge i dTithe an Oireachtais inné go gcuirfeadh na hairí Gaeltachta brú ar Fhoras na Gaeilge ceann de na “ciorruithe is suaracha a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh” a tharraingt siar.
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a rinne an t-éileamh don 22 eagraíocht Gaeilge a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Phobail Gaeilge (SPG) agus é os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge inné.
D’iarr de Spáinn ar bhaill an choiste go ndéanfaí “rún a rith” le tacú leis an obair mhaith atá ar siúl ag na grúpaí SPG agus go ndéanfaí éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers go gcuirfidís in iúl d’Fhoras na Gaeilge go gcaithfidís maoiniú breise a chur ar fáil don eagraíocht in 2021. Dúirt sé gur gá “tosaíocht” a thabhairt do ghrúpaí SPG.
Dúirt de Spáinn go raibh €55,000 á éileamh ag na grúpaí SGP le go mbeadh siad in ann duine a fhostú ar feadh cúig lá sa tseachtain in áit ceithre lá mar a bhí orthu a dhéanamh ó rinneadh ciorrú ar an scéim reatha i 2016.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge chomh maith gur mhian leo “deimhniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge” nach n-ísleofaí aon bhuiséad d’aon ghrúpa le SPG i gceantar ina bhfuil Líonra Gaeilge nó Baile Seirbhíse Gaeltachta agus obair an SPG sin “a chur i mbaol”.
Mura dtiocfadh ardú ar mhaoiniú ghrúpaí na scéime, dúirt de Spáinn go mbeadh “ceist ann” faoi Fhoras na Gaeilge a bheith ar “an meicníocht is fearr le maoiniú a dháileadh sa phobal”.
“Tá go leor leor de na gníomhairí teanga is gníomhaí sa phobal tar éis a chur in iúl dom, mar eolas, go bhfuil an-bhaol ann do sheasamh Fhoras na Gaeilge sa phobal mura bhfeidhmíonn siad ar an éileamh seo.
“Is beag seans go mbeidh siad ag iarraidh aon airgead sa bhreis a lorg don eagraíocht trasteorann sa todhchaí mura ndéanann siad tosaíocht don obair ríthábhachtach atá ar siúl sa phobal ag na grúpaí den SPG,” a dúirt Julian de Spáinn.
Pléadh chomh maith ag an chruinniú coiste cuid de na leasuithe atá molta ag Conradh na Gaeilge ar an Bhille Teanga, ina measc moladh le dul i ngleic leis an easpa fógraíochta i nGaeilge.
Dúirt de Spáinn gur léirigh a laghad airgid a chaith na húdaráis sláinte ar fhógraíocht i nGaeilge le linn na paindéime gur “saoránaigh den dara grád” iad lucht labhartha na Gaeilge.
Mhol Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go ndéanfaí leasú ar an Bhille lena chinntiú go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 20% dá chuid fógraíochta gach bliain a dhéanamh i nGaeilge agus go ndéanfadh gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta ar na meáin Ghaeilge.
Dúirt sé go dtabharfadh a leithéid de bheart “spreagadh” agus “dea-theachtaireacht” do lucht labhartha na Gaeilge agus don phobal atá báúil don teanga.
Fág freagra ar 'Ba chóir d’airí na Gaeltachta iarraidh ar Fhoras na Gaeilge ‘ciorruithe suaracha’ a chur ar ceal – Conradh'