‘Athrú réimis de dhíth’ agus Bord an FAI le héirí as – Shane Ross

Deir an tAire Spóirt gur cheart don chumann cruinniú ginearálta urghnách a ghairm a luaithe agus a bheadh na fiosrúcháin atá a ndéanamh faoi ghnéithe éagsúla d’obair na heagraíochta thart

‘Athrú réimis de dhíth’ agus Bord an FAI le héirí as – Shane Ross

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Spóirt Shane Ross tráthnóna go bhfuil faoi an uile dhuine ar Bhord an FAI éirí as.

Dúirt an tAire gur léir dó go raibh sé in am do “athrú réimis” sa chumann sacair.

Dúirt Ross tráthnóna ag cruinniú de Choiste Spóirt an Oireachtais go raibh comhfhreagras faighte aige ó Bhord an FAI ag insint dó faoin ‘mbeart cinniúnach’ a bhí le déanamh acu.

Ina litir chuig an Aire, dúirt Uachtarán an FAI, Donal Conway:

 “Nuair atá struchtúr nua i bhfeidhm, agus ar leas na peile, is é atá beartaithe go n-éireoidh an Bord atá faoi láthair ann as chun Bord nua a chur in áit.”

Dúirt Shane Ross gur cheart don chumann cruinniú ginearálta urghnách a ghairm a luaithe agus a bheadh na fiosrúcháin atá a ndéanamh faoi ghnéithe éagsúla d’obair na heagraíochta thart.

Dúirt Ross go raibh cur i láthair an FAI ag an gCoiste Oireachtais an tseachtain seo caite “ina phraiseach” agus nár freagraíodh “ar chúis amháin nó eile” fiú “na ceisteanna is bunúsaí” a cuireadh orthu.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu go bhfuil ráite ag iniúchóirí an chumainn nach raibh taifid chuntasaíochta chuí coinnithe ag an eagraíocht agus go raibh an méid sin curtha in iúl acu don Oifig Um Chlárú Cuideachtaí.

Dar leis na hiniúchóirí, Deloitte, go bhfuil alt 280 agus 281 d’Acht na gCuideachtaí á sárú ag an FAI.

Thug an FAI le fios inné go raibh Michael Cody, rúnaí oinigh, agus Eddie Murray, cisteoir oinigh, éirithe as bord an chumainn.

D’fhógair Spórt Éireann an tseachtain seo caite go raibh siad chun maoiniú a choinneáil siar ón FAI mar gheall ar an gconspóid a d’eascair as an scéala gur thug iar-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, John Delaney, iasacht idirlinne €100,000 dóibh in 2017.

Tugann Spórt Éireann maoiniú thart ar €2.9 milliún don FAI in aghaidh na bliana.

Dúirt John Treacy ó Spórt Éireann gur gá iniúchadh a dhéanamh ar rialú agus rialú airgeadais an FAI sula mbeadh siad sásta an maoiniú a chur ar fáil arís.

Dheimhnigh Shane Ross inniu nach mbeadh aon mhaoiniú caipitil ar fáil ón Rialtas don FAI nó go mbeadh deireadh leis na fiosrúcháin atá á ndéanamh faoin eagraíocht agus fianaise ann go bhfuil athruithe i ndán di.

Tugadh le fios chomh maith inné go raibh ráite leasuachtarán feidhmiúcháin an FAI John Delaney le bord an chumainn go bhfuil sé sásta seasamh ar leataobh dá dheoin féin nó go mbeidh fiosrúchán neamhspleách déanta faoi gnéithe d’obair na heagraíochta.

I ráiteas a chuir an FAI amach i ndiaidh cruinniú de bhord na heagraíochta tráthnóna inné, dúradh gur thairg Delaney go seasfadh sé ar leataobh as a chonlán féin, ach níorbh léir ón ráiteas cé acu ar glacadh nó nár glacadh le tairiscint an iar-phríomhfheidhmeannaigh.


Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, John Treacy gur chúis imní í an méid a tháinig chun solais faoin FAI ag Cruinniú de Choiste Spóirt an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Tá Spórt Éireann os comhair Choiste Spóirt an Oireachtais tráthnóna.

Fág freagra ar '‘Athrú réimis de dhíth’ agus Bord an FAI le héirí as – Shane Ross'