Athrú cur chuige ag teastáil más faoi fhoireann McCarthy na hEilvéisigh a chloí

Bainfidh Éire áit amach ag EURO 2020 má bhuann siad i mBeirn anocht ach caithfidh feabhas mór teacht orthu más leo an beart a dhéanamh

Athrú cur chuige ag teastáil más faoi fhoireann McCarthy na hEilvéisigh a chloí

Aaron Connolly agus James McClean. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Eilvéis v Éire -7.45pm (Beo ar RTÉ 2)

Níl aon amhras ach gur chaith foireann na hÉireann deis iontach uathu nuair nár éirigh leo an tSeoirsia a bhualadh Dé Sathairn seo caite.

Níl mórán déanta ag Éirinn le cúpla bliain anuas a thabharfadh le fios gur chóir dóibh na Seoirsigh a chloí go héasca, ach is cinnte go raibh daoine ag súil le taispeántas níos fearr ó fhoireann Mick McCarthy.

Bhí foireann na hÉireann míchumasach, míchruinn agus místuama in Tibilisi Dé Sathairn agus cé nach bhfuil ar Éirinn ach cluiche amháin a bhuachan as an bpéire atá fágtha acu, ní bhfaighidh siad an ceann is fearr ar an Eilvéis ná ar an Danmhairg mura dtiocfaidh feabhas ollmhór orthu.

Ní gá do McCarthy a bheith ag smaoineamh ar aon athrú  a dhéanamh i measc na gcosantóirí. Níl ach dhá chúl géillte ag Éirinn sna sé chluiche atá imeartha acu go dtí seo ach tá cur chuige nua ag teastáil i lár na páirce agus i measc na dtosaithe.

Tá McCarthy an-dílis do roinnt imreoirí ar fhoireann na hÉireann ach níl caighdeán sách maith bainte amach ag cuid de na himreoirí céanna.

Peileadóirí cumasacha iad Conor Hourihane agus Jeff Hendrick a bhíonn in ann seilbh na liathróide a choinneáil nuair a bhíonn siad ag imirt lena gcumainn ach nuair a chuireann siad orthu geansaí na hÉireann, tagann smál éigin orthu.

Rinne an bheirt acu botúin sa chluiche i gcoinne na Seoirsia nach mbeifeá ag súil leo agus uaireanta bíonn an chuma orthu nach bhfuil siad ag iarraidh seilbh na liathróide ar chor ar bith.

Tá an scéal céanna fíor faoi Glenn Whelan agus bheadh tú ag súil go n-aithneodh McCarthy go bhfuil fadhb aige. Sna sé chluiche a d’imir Éire go dtí seo sa chomórtas cáilithe, níor tharla sé ach faoi dhó go raibh níos mó seilbhe acu ná mar a bhí ag a gcéilí comhraic – sin iad an dá chluiche i gcoinne Ghiobráltar.

B’fhéidir go mbeadh McCarthy ag dul sa seans dá gcuirfeadh sé Jack Byrne chun páirce, fear atá ag imirt i Sraith na hÉireann, ach léirigh Byrne a mhianach i gcoinne na Bulgáire an mhí seo caite agus tá buanna aige nach bhfuil ag aon imreoir eile i scuad na hÉireann faoi láthair.

Rud eile a chaithfidh McCarthy dianmhachnamh a dhéanamh ar ná an dílseacht atá aige do James McClean. Bhí fear Dhoire ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí ag Éirinn sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain cúpla bliain ó shin ach tá sé tite siar go mór ó shin.

Bíonn dúrúch oibre air i gcónaí ach bíonn sé i bhfad ró-mhíchruinn nuair a bhíonn seilbh na liathróide aige. Rith suas an cliathán agus an liathróid a chur isteach sa bhosca an cur chuige is ansa leis, ach is annamh a éiríonn leis an méid sin féin a dhéanamh i gceart.

Seans nach gceapann McCarthy go bhfuil Aaron Connolly sách láidir chun an ról a bhíonn ag David McGoldrick nó James Collins a imirt agus b’fhéidir go bhfuil an ceart ag an mbainisteoir. Tá an cumas ag Connolly deiseanna a chruthú ar thaobh na láimhe clé den pháirc áfach. Bhí sé sin le feiceáil sa dara cúl a d’aimsigh sé do Brighton i gcoinne Tottenham agus nuair a tháinig sé isteach sa chluiche i gcoinne na Seoirsia, thug sé spreagadh don bhfoireann.

B’fhéidir nach mbeadh a fhoireann chomh láidir céanna i mbun na cosanta dá ndéanfadh McCarthy na hathruithe sin, ach caithfidh sé dul sa seans agus athrú éigin a dhéanamh nó fágfar Éire ar an trá fholamh.

Grafaic eolais: Tuairisc.ie agus Oisín Ó Coisdealbha

Fág freagra ar 'Athrú cur chuige ag teastáil más faoi fhoireann McCarthy na hEilvéisigh a chloí'