Athrú ar bith le nach mór deich mbliana anuas ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Tá céatadán na ndaltaí bunscoile a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag 8% go seasta le roinnt blianta anuas

Athrú ar bith le nach mór deich mbliana anuas ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Is ar éigean go bhfuil méadú tagtha ar chéatadán na ndaltaí bunscoile sa stát atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge le nach mór deich mbliana anuas.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí do líon na ndaltaí bunscoile sa stát ó 2014-15, méadú níos lú ná 2% atá tagtha ar líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna nó ar scoileanna Gaeltachta lán-Ghaeilge.

Le linn scoilbhliain na bliana seo caite, 2022-23, d’fhreastail 43,704 dalta ar 249 bunscoil lán-Ghaeilge, 8.11% den 539,075 dalta bunscoile a bhí sa stát.

Naoi mbliana roimhe sin, in 2014-15, 42,487 dalta a bhí ag freastal ar an líon céanna bunscoileanna lán-Ghaeilge, 7.98% den 536,747 dalta bunscoile a bhí sa stát ag an am.

Bhí ardú an-bheag i gceist le céatadán na ndaltaí bunscoile a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge idir 2016 agus 2020 ach tá sé tite de bheagán ó shin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, bhí líon níos mó daltaí sa rang ná an meán in dhá thrian de ghaelscoileanna an stáit an bhliain seo caite.

22.8 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna bunscoile an stáit anuraidh. 24.0 an líon daltaí ar an meán a bhí i ranganna an 151 gaelscoil sa tír, áfach.

Gaelscoil – Scoil Mobhí i mBaile Átha Cliath – an scoil is airde sa stát go léir ó thaobh líon na ndaltaí ar an meán sa rang agus 30.9 dalta ar an meán i ranganna na scoile i nGlas Naíon.

Den 43,704 dalta a d’fhreastail ar bhunscoileanna atá ag teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge anuraidh, is i ngaelscoileanna a bhí 36,710 acu sin agus sna scoileanna Gaeltachta a bhí an 6,994 dalta eile.

Deir Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, go dteastaíonn “uaillmhian, misneach agus pleanáil” ón Roinn Oideachais má táthar ag iarraidh cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge, go háirithe lasmuigh den Ghaeltacht.

“Tá an ghaelscolaíocht thar a bheith tábhachtach i gcruthú cainteoirí Gaeilge úra lasmuigh den Ghaeltacht agus nuair nach bhfuil fás san earnáil seo, ní thig linn a bheith ag dúil le fás ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach oiread,” ar sé.

“Tá uaillmhian, misneach agus pleanáil ag teastáil ón Roinn Oideachais le gaelscoileanna úra a bhunú agus líon na ndaltaí sa ghaeloideachas a fhás ag ráta i bhfad níos airde ná mar atá ann fá láthair.”

Tá an Roinn Oideachais ag obair i láthair na huaire ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus é ráite acu go mbeidh méadú ar an líon daltaí a fhreastalóidh ar scoileanna lán-Ghaeilge ar cheann de phríomhchuspóirí a bpolasaí.

Deir Mac Grianna gur chóir go mbeadh an rogha ag gach dalta sa tír freastal ar scoil lán-Ghaeilge ina gceantar féin más mian leo, ach dúradh i dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais a foilsíodh mar chuid d’ullmhú an pholasaí nua gur dócha nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.

Léirigh an tuarascáil chéanna nach ndeachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

D’fhógair an t-iarAire Oideachais, Joe McHugh, ag tús 2020 go raibh an polasaí nua le forbairt, ach níl radharc air fós agus d’admhaigh an tAire reatha, Norma Foley, i rith an tsamhraidh nach fios go fóill cén uair a fhoilseofar é.

2014-15 2015-16 2016-17 2017-18 2018-19 2019-20 2020-21 2021-22 2022-23
Líon daltaí bunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 42,847 43,323 44,125 44,623 45,278 45,432 44,846 44,302 43,704
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile 536,747 545,310 550,200 555,251 559,548 559,365 553,003 546,106 539,075
Céatadán na ndaltaí bunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 7.98% 7.94% 8.02% 8.04% 8.09% 8.12% 8.11% 8.11% 8.11%

 

Fág freagra ar 'Athrú ar bith le nach mór deich mbliana anuas ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Bua mór don Roinn Oideachais.
    Tá briste acu ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta.