Athchóiriú á dhéanamh ag réalta Sex in the City ar a teach i nGaeltacht Dhún na Gall

Is minic a bhíonn Sarah Jessica Parker, a fear céile Matthew Broderick agus a gclann ag stopadh ina dteach saoire Gaeltachta ach is beag athchóiriú a rinneadh air in imeacht na mblianta

Athchóiriú á dhéanamh ag réalta Sex in the City ar a teach i nGaeltacht Dhún na Gall

Tá athchóiriú á dhéanamh ag Sarah Jessica Parker, réalta Sex in the City agus a fear céile Matthew Broderick ar a dteach saoire i nGaeltacht Dhún na Gall.

Is iad muintir Broderick a cheannaigh an teach, atá suite ar an Rualach in aice le Cill Charthaigh in iardheisceart Dhún na nGall, breis agus 40 bliain ó shin.

Cé gur minic a bhíonn Parker, Broderick agus a dtriúr páistí ag stopadh ann, is beag athchóiriú a rinneadh ar an teach in imeacht na mblianta sin.

Tuigtear gur éirigh leis an iarratas pleanála a rinneadh don obair athchóirithe in 2015 ach is le déanaí a cuireadh tús leis an obair athchóirithe.

Is é an comhlacht ailtireachta Donaghy and Diamond atá i mbun na hoibre athchóirithe agus tugadh le fios go mbeidh dhá shíneadh á gcur leis an teach agus iarracht á déanamh cloí le seanstíl an tí. 

Dúradh san iarratas pleanála gur leis an teaghlach céanna an teach, na sciobóil agus na gairdíní timpeall an tí le níos mó ná 40 bliain agus nach ndearnadh athchóiriú mór ar bith ar an suíomh i rith an ama sin.

“Ba mhaith le muintir an tí go leanfadh an traidisiún seo ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile, go gcaomhnófaí an seanteach ach go ndéanfaí uasghrádú air. Is é an plean atá ann fad a chur le saol an tí ar bhealach inmharthana,” a dúradh san iarratas pleanála.

Ag labhairt dó faoin teach saoire cheana, dúirt Broderick, a d’fhás aníos i Nua-Eabhrac, go raibh sé an-bhuíoch gur éirigh lena thuismitheoirí airgead a chur ar leataobh chun an teach i nGaeltacht Dhún na nGall a cheannach. 

Dúirt sé gur thug na laethanta a chaith sé i nDún na nGall “óige de chineál eile” dó agus go ndeachaigh muintir na Gaeltachta agus cultúr an cheantair go mór i bhfeidhm air.

Chuir Sarah Jessica Parker in iúl ar Instagram le déanaí go n-aireodh sí uaithi Dún na nGall, agus í tar éis roinnt seachtainí a chaitheamh ann lena fear céile agus a gcuid páistí.

Chuir sí roinnt pictiúr ar Instagram le linn an ama sin, ina measc pictiúr den fhógra dátheangach den leabharlann áitiúil, pictiúr d’aillte farraige agus pictiúr dá clann ag gabháil de mheascán mearaí 1,000 píosa.

Ina postáil dheireanach faoi Dhún na nGall, dúirt sí gurb iad “na tinte móna, na radharcanna, bréidín Thír Chonail agus meangadh suáilceach mhuintir na háite” is mó a d’aireodh sí uaithi.

Fág freagra ar 'Athchóiriú á dhéanamh ag réalta Sex in the City ar a teach i nGaeltacht Dhún na Gall'