Aiséirí Thurston Moore

Tá a raibh de dhorchadas ina shaol curtha de dhroim seoil ag Thurston Moore, agus an fhuil ag rith trína chuislí is a cheol araon.

Thurston Moors

Tá saol Thurston Moore athraithe go mór ó eisíodh a albam aonair deireanach, ‘Demolished Thoughts’, albam acoustach arna léiriú ag Beck Hanson.

Más albam caointeach a bhí in ‘Demolished Thoughts’, tuigtear anois cén fáth. Bhí pósadh Moore agus Kim Gordon, dordghiotáraí agus leathbhádóir Moore sa ghrúpa Sonic Youth, ag druidim chun deiridh le linn don albam a bheith a thaifeadadh. Ní fada ina dhiaidh sin go raibh deireadh le Sonic Youth féin. Bhunaigh Moore racghrúpa nua, Chelsea Light Moving, ach chaith sé in aer iad agus gan ach albam amháin eisithe aige leo.

Tá laoch na fuaime noise-rock i Nua Eabhrac anois ag cur faoi i Londain, agus tá le tuiscint ó fhuaim fhuinniúil ‘The Best Day’ go n-oireann a shaol nua dó. Cén chúis ghearáin a bheadh ag Moore, agus ceoltóirí mar Deb Googe as My Bloody Valentine (dord), a chomrádaí Steve Shelley as Sonic Youth (drumaí), agus duine de na giotáraithe is fearr sa Bhreatain, James Sedwards (Nought), earcaithe aige don Thurston Moore Band an babhta seo?

Is é glór an ghiotáir is mó a sheasann amach ar ‘The Best Day’. Tá beocht curtha an athuair ag Moore sna rifeanna ilsrathacha giotáir a thug an oiread sin sásaimh do lucht éisteachta Sonic Youth thar na blianta.

Glactar leis nach raibh Moore riamh ar an liriceoir is cumasaí dá raibh ann, agus is léir sin ar ‘Tape’ agus é ag caitheamh i ndiaidh na laethanta roimh theacht an stórais dír-rochtana nuair a chuirtí meascán ceoil le chéile sa bhaile ar théip C-90.

Ach nach cuma nuair a chloistear áilleacht loinnreach an ghiotáir ar an bport eipiciúil ‘Forevermore’ nó áilleacht loiscithe ‘Gracelake’ ?

Bíodh go bhfuil blas Sonic Youth i ré-‘Sister’ ar an ‘Detonate’, is é an rud is mó atá le sonrú sa tsaothar seo ina iomláine ná soirbhíochas suáilceach Moore agus duibheagán an éadóchais anois díbeartha aige.

(7/10)

Fág freagra ar 'Aiséirí Thurston Moore'