Áth Cliath ag ceiliúradh chraobh na hÉireann arís agus mná na Gaillimhe sáraithe acu

Beidh aiféala ar imreoirí na Gaillimhe faoi na deiseanna a chuir siad amú, go háirithe sa chéad leath, ach léirigh imreoirí Átha Cliath a dtaithí go léir agus bhí muintir na hardchathrach ag ceiliúradh arís agus craobh na hÉireann buaite faoi dhó acu le dhá lá anuas.

Áth Cliath ag ceiliúradh chraobh na hÉireann arís agus mná na Gaillimhe sáraithe acu

Áth Cliath 2-3 Gaillimh 0-4

Tar éis dóibh trí chluiche ceannais as a chéile a chailleadh, tá mná Átha Cliath ag ceiliúradh craobh na hÉireann a bhuachan den tríú bliain as a chéile agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Bhí an slua is mó riamh do chluiche ceannais na mban, 56,114, i láthair inniu agus cé nach bhfaca siad a lán scóranna, coimhlint chrua lán crógachta a bhí inti.

Bhí báisteach ann i rith an tráthnóna agus bhí sé deacair go háirithe ar na tosaithe. Ar a shon sin is uile,  bhí imirt na gcosantóirí ar an dá fhoireann dochreidte maith. Chuaigh imreoirí sa bhearna bhaoil arís agus arís eile chun seilbh na liathróide a bhuachan agus tá ardmholadh tuillte ag an dá fhoireann.

Agus iad ag imirt ina gcéad chluiche ceannais ó 2005, ba iad na Gaillimhigh is fearr a chuir leis an gcluiche ach theip orthu scór a fháil. Chuir siad trí iarracht ar fóraoil sa chéad deich nóiméad agus thit ceann eile isteach i láimha an chúil báire.

Bhí Áth Cliath chomh dona céanna ó thaobh deiseanna a chur amú ach nuair a tháinig scór faoi dheireadh, ba iad mná na hardchathrach a d’aimsigh é.

Agus 21 nóiméad imeartha, chuaigh Áth Cliath ar an ionsaí arís. Chuir Jennifer Dunne an liathróid isteach i dtreo Hannah O’Neill a bhí os comhair an chúil, thug sise pas ar an bpointe do Goldrick agus cé go raibh bean Átha Cliath go mór faoi bhrú ag Sarah Ní Loingsigh, lúb a hiarracht thar Lisa Murphy agus isteach i gcúl na Gaillimhe.

Bhí a gcéad scór ag imreoirí na Gaillimhe cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Sarah Conneally pointe den scoth ó thaobh na láimhe deise den pháirc. Choinnigh an dá fhoireann orthu ag imirt go cúramach comeádach as sin go deireadh an chéad leathuair. Bhí Áth Cliath chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-0 in aghaidh 0-1.

Ní raibh aon mhoill ar Áth Cliath scór a fháil ag tús an dara leath. Fuair Lyndsey Davey cúilín tar éis 20 soicind ach arís bhí tamall fada ann go dtí an chéad scór eile.

Ach scór cinniúnach a bhí ann nuair a tháinig sé.

Bhí 39 nóiméad ar an gclog nuair a bronnadh cic saor ar Áth Cliath faoi Ardán Uí Ógáin. Chuir Niamh McEvoy cic isteach sa chúinne i dtreo Lyndsey Davey, d’éalaigh bean Átha Cliath ó chúpla cosantóir agus nuair a chuir sí pas trasna na cearnóige, bhí Hannah O’Neill ann chun lámh a chur leis an liathróid agus í a chur san eangach.

Ba iontach an tionchar a bhí ag O’Neill ar an imirt, go háirithe nuair a chuimhníonn tú nach raibh sí ainmnithe ar an bhfoireann ón tús. Tháinig sí isteach nuair a fógraíodh nach mbeadh Peileadóir na Bliana 2017 Noelle Healy ag tosú agus thapaigh sí an deis le fonn – scóráil sí cúl amháin agus chruthaigh sí ceann eile.

Bhí Gaillimh ag snámh in aghaidh easa ag an bpointe sin agus iad sé phointe chun deiridh, 2-1 in aghaidh 0-1. Lena gceart a thabhairt dóibh, rinne siad gach iarracht teacht ar ais.

D’aimsigh Tracey Leonard dhá chúilín ó chiceanna saora chun an bhearna a laghdú agus nuair a d’aimsigh a col ceathrair, Róisín, pointe eile tar éis 54 nóiméad, ní raibh ach trí cinn idir na foirne.

Léirigh ceannairí Átha Cliath a mianach  san am a bhí fágtha, áfach. D’aimsigh captaen na foirne Sinéad Aherne scór den scoth go luath tar éis do Ghaillimh an bhearna a laghdú agus d’aimsigh Noelle Healy, a tháinig isteach mar ionadaí ag leath ama, scór iontach eile ar an bhfrithionsaí.

D’fhág sé sin cúig phointe eatarthu agus b’shin sin.

Beidh aiféala ar imreoirí na Gaillimhe faoi na deiseanna a chuir siad amú, go háirithe sa chéad leath, ach léirigh imreoirí Átha Cliath a dtaithí go léir agus bhí muintir na hardchathrach ag ceiliúradh arís agus craobh na hÉireann buaite faoi dhó acu le dhá lá anuas.

Áth Cliath: C. Trant; É Rutledge, N Collins, M. Byrne; A. Kane, S. Goldrick (1-0), O. Carey; L. Magee, S. McGrath; C. Rowe, N. McEvoy, L. Davey (0-1); S. Aherne (0-1), H. O’Neill (1-0), J. Dunne.
Mná Ionaid: N. Healy (0-1) in áit J. Dunne (leath ama); C. O’Connor in áit N. McEvoy (42 nóim); O. Walsh in áit H. O’Neill (50 nóim); R. Ruddy in áit A. Kane (54 nóim);

Gaillimh: L. Murphy; S. Burke, N. Ward, S. Ní Loingsigh; O. Murphy, B. Hannon, S. Molloy; L. Ward, Á. McDonagh; O. Divilly, M. Glynn, M. Seoighe; T. Leonard (0-2, 2 chic saor), S. Conneally (0-1), R. Leonard (0-1).
Mná Ionaid: F. Cooney in áit S. Conneally (42 nóim); C. Cooney in áit O. Murphy (46 nóim); L. Coen in áit M. Seoighe (47 nóim); A. Trill in áit R. Leonard (56 nóim); M. Coyne in áit B. Hannon (57 nóim).

Réiteoir: Brendan Rice.

Fág freagra ar 'Áth Cliath ag ceiliúradh chraobh na hÉireann arís agus mná na Gaillimhe sáraithe acu'