Arnie ar ais – sean agus seanchaite leis

LÉIRMHEAS: Ceal samhlaíochta tá cnuasach an Terminator imithe i léig agus is deacair a shamhlú go bhfuil aon ní cóir i ndán dó

Terminator Genisys

Stiúrthóir: Alan Taylor

Foireann: Arnold Schwarzenegger, Jason Clarke, Emilia Clarke, Jai Courtney, J.K. Simmons 

Is é tuairim na coitiantachta go bhfuil Terminator 2: Judgement Day (1991) ar cheann de na scannáin leantacha is fearr a bhí riamh ann, gan ach leithéidí Aliens (1986), The Godfather Part II (1974), The Dark Knight (2008) agus Star Wars Episode V: The Empire Strikes Back (1980) in ann é a fhéachaint leis. D’éirigh leis na scannáin sin ar fad tógaint ar bhunchlocha a réamhtheachtaithe, dlús a chur faoina scéalta mar aon le cúpla cor nua a chur iontu. Le Terminator 2 agus Aliens d’athraigh James Cameron, an stiúrthóir, an seánra ó bhonn. Ní hamháin sin ach, i gcás T2, chuir sé coincheap an chéad scannáin bunoscionn ar fad chomh maith.

Is deacair a chreidiúint anois gur mar scannán uafáis a tháinig T1 os ár gcomhair i 1984, é duairc, gruama, foréigneach. Le T2 cruthaíodh saothar cliste a bhain an-adhmad as na snáitheanna scéalaíochta a bhí fós le réiteach faoi dheireadh an chéad scannáin, gan imeacht rófhada amach ón gcairt leis an bhficsean eolaíochta.

Ina theannta sin, méadaíodh ar an aicsean, soláthraíodh maisiúcháin cheannródaíocha (an T1000 atá cuidsúlach go fóill), tugadh iarracht den ghreann isteach agus soláthraíodh na buillí ceoil dhúisithigh sin. Ba iad na carachtair théagartha, agus an tslí ar imir siad ar a chéile, máithreacha an scannáin: Arnie, a bhí ina bhithiúnach, tiontaithe ina laoch; claochlú iomlán tagtha ar Sarah Connor (Linda Hamilton); agus Edward Furlong mar an teallaire óg (John Furlong). Ba é buille scoir nádúrtha an scéil é. Conas a thiocfá i gcomharbacht air sin? Ní haon ionadh nach raibh sé de mhisneach ag éinne tabhairt faoi scannán eile ar feadh dhá bhliain déag. (Is dócha nár chabhraigh sé go raibh Arnie ina Ghobharnóir ar California ó 2003 go 2011.)

Na lochtaí agus na heasnaimh atá ar an scannán seo (agus go deimhin T3 agus T4), baineann siad lena fheabhas is atá T2. Go bunúsach níl a fhios ag lucht a dhéanta cá rachaidh siad leis an saothar. Ina theannta sin ní éiríonn le haon cheann acu an mhealltacht sin a bhí sna seancharachtair, ná go deimhin caighdeán na haisteoireachta in T2, a bhaint amach arís. Imítear amach ón gcairt ar fad leis an taisteal ama le brí a thabhairt do na heachtraí. Ní féidir tóin ná ceann a dhéanamh den amlíne ag an bpointe seo agus, faoi lár an scannáin seo, bhí an caipín caite acu leis an gcúram.

In Terminator Genisys, címid Kyle Reese óg á shábháil ag John Connor (Clarke – an cúigiú duine le tabhairt faoin ról seo). Blianta ina dhiaidh sin, tá Reese (Courtney – an ceathrú duine le tabhairt faoin ról seo) mar ghiolla gualainne ag Connor agus iad ag prapáil leis an mbuille marfach a thabhairt do Skynet. Ach ansin tagann an t-aistear ama isteach sa phlota: cuirtear Reese siar go 1984 mar a bhfuil – ar chúis éigin nár míníodh agus gur cuma faoi – amlíne nua curtha sa siúl, à la Back to the Future 2. Is ansin a bhuaileann sé le Sarah Connor (máthar na ndragún in Game of Thrones, Clarke) agus leis an Terminator (Arnie) atá mar gharda cosanta aici ó bhí sí óg. Ba é seo an chuid ba thaitneamhaí den scannán agus, le teann breá maoithneachais, buailimid le T1000 freisin. Caitear dua anseo le macallaí a bhaint as T1 agus T2. Ina dhiaidh sin, áfach, imíonn rudaí in olcas agus is patuar agus seanchaite an uair an chloig dheireanach a thugtar dúinn.

Cé go ndéanann Clarke a dícheall leis an ról atá aici níl sí in ann coinneal a choimeád le Hamilton. Is cuma ann nó as do Courtney agus cé go bhfuil Arnie sa ról is dual dó, tá sé seacht mbliana le cois an trí scór agus dá bhrí sin níl an teacht i láthair céanna aige.

‘Old, but not obsolete,’ a deir Terminator Arnie go deisbhéalach. Sin é mana Paramount, ní foláir, mar go bhfuil dhá scannán eile beartaithe sara bhfillfidh na cearta ar Cameron i 2019. Ceal samhlaíochta tá an cnuasach seo é féin imithe i léig agus ní dóigh liom go mbeidh Cameron féin in ann é sin a leigheas.

Fág freagra ar 'Arnie ar ais – sean agus seanchaite leis'