Deir siad siúd atá ar an eolas gurb é rás 100m na bhfear an t-imeacht is mó le rá ag na Cluichí Oilimpeacha, gurb í an iomaíocht 400m an ceann is déine agus gurb é buaiteoir deacatlain an lúthchleasaí is foirfe díobh ar fad.
Ar bhealaí is deacair cur ina gcoinne, ach chomh fada agus a bhaineann sé liom féin agus mé ag breathnú air ón taobh amuigh, thabharfainn tús áite don 1500 méadar mar go bhfuil dóthain faid ann le go mbainfeadh an té atá ag breathnú air sásamh ceart as.
Tá an 100 méadar thart ar iompú do bhoise agus ní mhór duit a bheith lán d’fhoighid agus d’éirim le brí a bhaint as coimhlint ina bhfuil deich gcineál iomaíochta i gceist. Ní mór a bheith foighdeach agus tuiscint a bheith agat ar an gcóras casta scórála.
Géillfidh mé dóibh chomh fada agus a bhaineann sé leis an 400m. Is 43.03 soicind atá ina churiarracht domhanda siúd atá i seilbh Wayde van Niekerk faoi láthair – sin le rá gur 10.41 soicind ar meán a ghlac gach ceathrú den rás air siúd. 9.58 atá i gcuriarracht an 100m aonair atá i seilbh Usain Bolt – sin le rá gur ¾ soicind níos moille an ceann a bhí van Niekerk ar na 4x100m a rith sé féin as a chéile.
Fós, ariamh anall ba é rás an mhíle nó an 1500m mar atá an ceann ab ansa liom féin. Sí mo bharúil go bhfuil níos mó ag baint leis ná an bua a bheith tugtha leis nó léi ag an reathaí is gasta. Fágann a fhad go dtagann teaicticí i gceist agus chomh minic céanna an misneach do chuid talún a sheasamh agus an namhaid ag iarraidh tú a chur ó sheilbh.
Chomh maith leis sin tá áit faoi leith ag an gcoimhlint sin i stair an domhain ón 6 Bealtaine 1954 nuair a rith Roger Bannister an míle i 3n 59.4s in Oxford – ócáid atá ar aon dul i gcuimhne lucht spóirt leis an lá ar scaoileadh John F. Kennedy marbh i Dallas nó an choisméig a thóg Neil Armstrong ar an ngealach 6 bliana dár gcionn.
Cúis eile le mo ghean air is ea gur iomaíocht é rás an mhíle ina raibh rath thar cuimse ar Éireannaigh ina bhun. Faoi láthair tá sé le rá ag 50 Éireannach go ndearna siad aithris ar Bannister agus le maíomh ag cuid mhaith acu go ndearna siad i bhfad níos fearr ná sin.
Is é Andrew Coscoran an duine is deireanaí acu atá ag tarraingt airde air féin. Roimhe bhí Marcus O’Sullivan a bhuaigh an Wannamaker Mile 6 huaire idir 1986 agus 1996, Frank O’Meara, agus Ray Flynn a seasann a churiarracht i rás an mhíle anseo in Éirinn (3n.49.77) ó 1982.
Ar dhóigh ba iad Ronnie Delaney agus Eamonn Coghlan na máistrí. Ba é an Dúshláineach an tÉireannach ba thúisce a sháraigh na ceithre nóiméad agus idir Márta 1955 agus an mhí céanna i 1959 bhuaigh sé dhá scór rás as a chéile sna Stáit Aontaithe – rásaí míle ab ea 33 acu sin.
Faoi dhíon a bhí an Cochlánach i mbarr a mhaitheasa – trí huaire a sháraigh sé an churiarracht dhomhanda a bhí ina sheilbh idir 1979 agus 1983 agus bhí ina ainm go ceann 14 bliain eile nuair a sháraigh Hicham El Guerrouj í.
Tá seisean éirithe as le scór bliain agus a churiarracht 1500m gan sárú fós. Insíonn sin cé chomh maith agus a bhí Éamonn Coghlan.
Ar an mórliosta domhanda freisin bheadh an tAstrálach Herb Elliott, comharba Delaney ag Cluichí Oilimpeacha 1960; na Sasanaigh Steve Cram, Steve Ovett agus Sebastian Coe agus an Céiniach Kip Keino.
Cé gur bhuaigh sé bonn airgid Oilimpeach i Beijing in 2008 agus ceann cré-umha in Rio in 2016, ní bheadh an t-ainm Nick Willis ar bharr do ghoib agat cé go bhfuil sé orthu siúd a bhfuil éacht déanta acu i rás an mhíle/1500m.
Ba chóir go mbeadh agus beidh feasta.
An deireadh seachtaine seo caite, ag an reáchtáil is deireanaí den Wanamaker Mile, an rás i Nua-Eabhrac ina raibh Coghlan ina Rí air, agus ina bhfuil Ray Flynn anois ina cheannas, chríochnaigh Willis sa 9ú háit agus 3n 59.71s ar an gclog nuair a bhí na 8 dtimpeall déanta aige.
Gaisce nach beag sin agus é san aois ina bhfuil sé – ar an 25 Aibreán 1983 a saolaíodh Willis sa Nua-Shéalainn, cé gur in Ann Arbor i Michigan na Stáit Aontaithe atá sé ag cur faoi ó chuaigh sé ar ollscoil ansiúd.
Fágann an 0.29 soicind sin a bhí sé faoi bhun na 4 nóiméad an oíche faoi dheireadh go bhfuil sé le rá ag Nick Willis go bhfuil rás an mhíle rite aige in achar a bhí faoi bhun 4 nóiméad chuile bhliain le 20 bliain anuas. Sin éacht nár cheart dúinn a scaoileadh tharainn, i mo thuairimse.
Tar éis an rása thug eagraíocht stiúrtha lúthchleasaíochta na Nua-Shéalainne le fios gur dóigh go mbeadh sé ar dhuine díobh siúd a sheasfadh an fód don tír sin ag Craobhacha Faoi Dhíon an Domhain a bheas ar siúl i mBéalgrád faoi Fhéile Pádraig seo ag teacht. Tá sé ráite ag Ellis go bhfágann cúrsaí rialacháin choraintín an choróinvíris nach dtarlóidh sin.
“The 3:59 showed me, sure I’m still decent, but I’m not at the world-class level any more – and that’s OK,” a deir sé.
Is beag eile a déarfadh nach rásaí den scoth thú, a Niocláis.
Seo liosta den am ba thapúla inar rith Willis an míle le scór bliain – sháraigh sé an sprioc 30 uair eile lena gcois sin:
2003 | Notre Dame IN | 3:58.15 |
---|---|---|
2004 | Eugene, OR | 3:53.51 |
2004 | Osló | 3:53.43 |
2006 | Wanganui | 3:52.75 |
2007 | Nua-Eabhrac | 3:55.09 |
2008 | Eugene, OR | 3:50.66 |
2009 | Bostún | 3:53.54 |
2010 | Bostún | 3:55.26 |
2011 | Eugene, OR | 3:51.95 |
2012 | Eugene, OR | 3:51.77 |
2013 | Des Moines, IA | 3:55.70 |
2014 | Osló | 3:49.83 |
2015 | Nua-Eabhrac | 3:51.46 |
2016 | Nua-Eabhrac | 3:51.06 |
2017 | Huntingdon NY | 3:56.41 |
2018 | Birmingham | 3:56.77 |
2019 | Nua-Eabhrac | 3:54.80 |
2020 | Bostún | 3:59.89 |
2021 | Clermont,FL | 3:58.63 |
Fág freagra ar 'Ariamh anall, ba é rás an mhíle an ceann ab ansa liom féin'