Ardú tagtha den chéad uair le cúig bliana ar líon na ndaoine atá muiníneach as a gcuid Gaeilge

Ardú a bhí i gceist sa phobal ó thuaidh freisin ó thaobh líon na ndaoine a dúirt go raibh muinín acu as a gcuid Gaeilge 

Ardú tagtha den chéad uair le cúig bliana ar líon na ndaoine atá muiníneach as a gcuid Gaeilge

Tá ardú tagtha den chéad uair le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine sa stát a deir go bhfuil siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, de réir suirbhé nua.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, tugtar le fios go bhfuil 27% den phobal ó dheas den teorainn muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge, duine as gach ceathrar.

Ardú suntasach é sin ar thorthaí na bliana seo caite. Nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith 2021, 21% a dúirt go raibh siad muiníneach as an nGaeilge labhartha a bhí acu.

Is é seo an chéad uair ó 2017 go bhfuil ardú tagtha ar líon na daoine ó dheas a deir go bhfuil muinín acu as a gcuid Gaeilge, labhairt, cé nach bhfuil an figiúr fós chomh hard leis an 31% a bhí i gceist ag an am sin.

Dúirt 57% de dhaoine i bpobalbhreith 2022 nach raibh dóthain muiníne acu as a gcuid Gaeilge chun í a labhairt – níos lú ná triúr as gach cúigear. 16% a dúirt nach fios dóibh nó nár fhreagair an cheist.

Ardú a bhí i gceist sa phobal ó thuaidh freisin ó thaobh muiníne. De réir an tsuirbhé a rinne Kantar do Chonradh na Gaeilge, dúirt 12% de dhaoine i dTuaisceart Éireann go bhfuil siad muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge, ardú ó 9% an bhliain seo caite. 8% ó thuaidh a thug le fios nach raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge.

Tháinig ardú freisin ó thuaidh agus ó dheas ar chéatadán na ndaoine a bhí muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint.

36% den phobal ó dheas a dúirt go raibh muinín acu go mbeidís in ann an Ghaeilge a thuiscint, ardú ó 30% in 2021. D’ardaigh an figiúr i dTuaisceart Éireann ó 10% anuraidh go dtí 13% i mbliana.

Ní raibh daltaí scoile san áireamh, den chuid is mó, sa phobalbhreith. Daoine san aoisghrúpa 16-65 bliain d’aois a cuireadh faoi agallamh ó dheas agus daoine 16 bliain agus os a chionn a bhí i gceist ó thuaidh.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “comhartha maith dóchais” a bhí i dtorthaí na pobalbhreithe agus go raibh baint ag líon na ndaoine fásta a thug faoi fhoghlaim na Gaeilge le blianta beaga anuas leis an ardú.

“Is comhartha maith dóchais é go léiríonn an taighde seo méadú suntasach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil muinín acu i labhairt agus i dtuiscint na teanga, ó dheas agus ó thuaidh. 

“Tá na freagraí sin ag teacht go mór le fás na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas, agus leis an líon daoine atá ag foghlaim Gaeilge mar dhaoine fásta agus chuige sin ní mór dúinn i gcónaí tuilleadh deiseanna a chur ar fáil don phobal an teanga a úsáid ina saol ó lá go lá. Tá muid ag súil go mór le torthaí an daonáirimh ó thuaidh mar shlat tomhais i dtaobh na bhfigiúr seo, atá i ndiaidh dúbailt sa suirbhé seo le Kantar ó bhí 2015 ann.”

Tabharfar léargas níos doimhne ar chumas teanga na bpobal ó dheas agus ó thuaidh nuair a fhoilseofar torthaí na ndaonáireamh idir seo agus an bhliain seo chugainn. Tá staitisticí maidir le húsáid teangacha a bailíodh ó thuaidh i nDaonáireamh 2021 le foilsiú san fhómhar. Idir mí Aibreáin agus mí na Nollag 2023 a fhoilseofar torthaí Dhaonáireamh 2022 ó dheas.

De réir Dhaonáirimh 2016, bhí 39.8% den phobal ó dheas in ann an Ghaeilge a labhairt. I nDaonáireamh 2011, dúirt 6% ó thuaidh go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt agus dúirt 9% go raibh tuiscint acu uirthi.

Cuireadh ceist sa suirbhé freisin maidir leis an teagmháil a bhíonn ag daoine ó thuaidh leis an nGaeilge. D’aontaigh 40% gur cheart tionscnamh a chur ar bun a d’ardódh feasacht ar an teanga, go háirithe i bpobail nach mbíonn mórán teagmhála acu leis an nGaeilge. 31% a dúirt nár chóir a leithéid de thionscnamh a fhorbairt agus 29% a dúirt nach raibh a fhios acu ar cheart nó nár cheart.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha den chéad uair le cúig bliana ar líon na ndaoine atá muiníneach as a gcuid Gaeilge'