Ardú tagtha ar ráta scaipthe an ghalair i gConamara ó thús na míosa

Tá Conamara Theas ar cheann de thrí thoghcheantar Gaeltachta sa tír ina bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 níos airde ná an meánráta náisiúnta

Ardú tagtha ar ráta scaipthe an ghalair i gConamara ó thús na míosa

Conamara Theas an t-aon cheantar Gaeltachta ar fud na tíre inar tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 sa gcoicís idir an an 26 Eanáir agus an 8 Feabhra. 

D’ardaigh an ráta sa cheantar ó 197 go dtí 342 cás in aghaidh gach 100,000 duine ag tús na míosa seo. Deimhníodh 73 cás nua i gceantar Chonamara Theas sa gcoicís sin.

Is é seo an chéad uair ó thús na bliana gur tháinig ardú ar an ráta scaipthe sa cheantar.

Tá Conamara Theas ar cheann de thrí thoghcheantar Gaeltachta ina bhfuil bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 níos airde ná an meánráta náisiúnta iontu.

Is iad an dá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht na Mí an péire eile. Ráta 414 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, agus ráta 370 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn.

Cé go bhfuil an ráta sa dá thoghcheantar sin fós níos airde ná an meánráta náisiúnta, tháinig laghdú ar an ráta sa dá thoghcheantar de réir na bhfigiúirí nua.

As an 166 toghcheantar ar fad sa stát, tá an ráta scaipthe in 58 acu níos airde ná an meánráta náisiúnta. Tá an ráta is airde sa tír i dtoghcheantar Bhaile Bhlainséir-Mullach Eadrad i mBaile Átha Cliath – 756.

Is i dtoghcheantar Neidín i gCiarraí, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, atá an dara ráta is ísle sa tír – 76. Is é seo an chéad uair ó roimh aimsir na Nollag go raibh an ráta sa cheantar faoi bhun 100.

Tá an ráta i gCorca Dhuibhne tite ó 296 go dtí 190. Deimhíodh 27 cás nua sa cheantar idir an 26 Eanáir agus an 8 Feabhra.

I nGaillimh, cé go bhfuil an ráta ardaithe i gConamara Theas, titim a bhí i gceist i gConamara Thuaidh agus an ráta íslithe ó 279 go dtí 180 le linn na tréimhse seo.

Tá an ráta i mBéal an Mhuirthead anois níos ísle ná an meánráta náisiúnta den chéad uair i mbliana. Ráta 286 atá sa cheantar anois, síos ó 722 an tseachtain seo caite. Ráta 212 atá i dtoghcheantair Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.

Tá an ráta scaipthe sna ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall uile faoi bhun an mheánráta náisiúnta chomh maith. Ráta 238 atá i gceist i gceantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. Ráta 291 atá i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach ó thuaidh agus 317 atá i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall ó dheas.

I gCorcaigh, thit an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ó 400 go dtí 268 le seachtain anuas. 55 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar idir an 26 Eanáir agus an 8 Feabhra.

Bhí titim shuntasach i nDún Gharbháin chomh maith, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge. Ráta 268 atá sa cheantar anois agus líon na gcásanna nua tite ó 82 go dtí 55.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar ráta scaipthe an ghalair i gConamara ó thús na míosa'