Ardú ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaeltacht Dhún na nGall ach laghdú i gConamara

Bhí níos lú ná cúig chás den Covid-19 i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, idir 1-14 Meán Fómhair ach tá méadú suntasach ar na figiúirí is déanaí

Ardú ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaeltacht Dhún na nGall ach laghdú i gConamara

Tá an méadú atá tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 i nDún na nGall le gairid an-soiléir sna figiúirí Gaeltachta is déanaí, ach tháinig laghdú ar scaipeadh an víris i gConamara le coicís anuas.

Cuireadh srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm ar Dhún na nGall agus is sa chontae sin atá an ráta is measa sa stát maidir le scaipeadh an ghalair.

Tá líon na gcásanna imithe i méid ar fud chontae Dhún na nGall ar fad, na ceantair Ghaeltachta san áireamh.

Bhí níos lú ná cúig chás den Covid-19 i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, idir an 1-14 Meán Fómhair agus tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcásanna de réir na bhfigiúirí nua ón Roinn Sláinte.

Toghcheantar na nGleanntach

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh braisle cásanna i nGaoth Dobhair agus tá cuid de na cásanna sin san áireamh sna figiúirí is deireanaí.

Idir an 8-21 Meán Fómhair, deimhníodh 22 cás nua i dtoghcheantar na nGleanntach, rud a d’fhág go raibh ráta 92 cás in aghaidh gach 100,000 ann.

Cúig chás a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall le linn na tréimhse céanna agus ocht gcás a bhí i dtoghcheantar bhaile Dhún na nGall sa chuid ó dheas den chontae.

D’fhéadfadh go bhfuil na figiúirí sna ceantair seo níos measa i láthair na huaire toisc nach bhfuil na 72 cás nua a aimsíodh sa chontae le dhá lá anuas san áireamh sna figiúirí thuas.

Agus na srianta nua á bhfógairt aige inné, rinne an Taoiseach Micheál Martin tagairt do cheantar amháin i nDún na nGall – Sraith an Urláir – ina raibh ráta 336 cás Covid-19 in aghaidh gach 100,000 duine ann le coicís anuas. Sin an ráta is airde sa stát agus é beagnach cúig uaire níos airde ná an meánráta náisiúnta sa tréimhse chéanna – 70.7.

Nuair a foilsíodh na figiúirí don tréimhse idir 1-14 Meán Fómhair, bhí Conamara Theas ar cheann de na ceantair is measa in iarthar na hÉireann a bhí buailte ag an Covid-19. D’fhógair teach altranais sa cheantar an tseachtain seo go raibh siad ag cur cosc ar chuairteoirí mar gheall ar an ardú a bhí tagtha ar líon na gcásanna i gConamara.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcásanna sa cheantar, áfach. Níos lú ná cúig chás a bhí i gConamara Theas idir an 8-21 Meán Fómhair i gcomparáid le 12 ceann idir an 1-14 Meán Fómhair.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gConamara Thuaidh arís sa tréimhse seo.

I gCiarraí, tá ardú tagtha ar líon na gcásanna sa toghcheantar ina bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh suite.

12 cás a bhí i dtoghcheantar an Neidín le linn na tréimhse seo, a dhá oiread níos mó ná na an sé chás a bhí ann idir an 1-14 Meán Fómhair.

Níos lú ná cúig chás nua a bhí i gCorca Dhuibhne.

Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh thart timpeall ar Ghaeltacht Mhúscraí chomh maith le cúpla seachtain anuas. Aimsíodh naoi gcás i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha idir an 8-21 Meán Fómhair.

Níos lú ná cúig chás a bhí i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge.

I gcontae na Mí, deimhníodh seacht gcás i dtoghcheantar Baile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Bhí seacht gcás i dtoghcheantar Cheannanais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaeltacht Dhún na nGall ach laghdú i gConamara'