Ardú ar an ráta scaipthe i dtoghcheantar Gaeltachta amháin, na figiúirí is ísle sa tír i nGaeltacht Mhúscraí

An tseachtain seo caite, ardú ar an ráta a bhí i gceist i seacht gcinn den 13 toghcheantar Gaeltachta ach thit an ráta i ngach ceann de na toghcheantair sin an tseachtain seo

Ardú ar an ráta scaipthe i dtoghcheantar Gaeltachta amháin, na figiúirí is ísle sa tír i nGaeltacht Mhúscraí

Níor tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 ach i gceann amháin de na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas.

Den 13 toghcheantar ar fad ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, is i gceantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, amháin a tháinig ardú ar ráta scaipthe an víris ó thús na míosa.

De réir na staitisticí is deireanaí, 63 cás ar fad a deimhníodh i gceantar Bhaile Átha Troim le coicís anuas, ardú 50% ar an 42 cás a bhí sa cheantar an tseachtain seo caite.

Fágann sin go bhfuil ráta scaipthe an choróinvíris sa cheantar imithe suas ó 135 go dtí 195 cás in aghaidh gach 100,000 duine ansin.

An tseachtain seo caite, ardú ar an ráta a bhí i gceist i seacht gcinn den 13 toghcheantar Gaeltachta ach thit an ráta i ngach ceann de na toghcheantair sin an tseachtain seo.

Thit an meánráta náisiúnta don ochtú seachtain as a chéile. Ráta 1,410 a bhí sa stát ag tús na bliana ach 161 a bhí i gceist sna figiúirí is deireanaí, idir an 23 Feabhra agus an 8 Márta.

Ní raibh ach toghcheantar Gaeltachta amháin eile ina raibh an ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta – sin ceantar Bhaile Dhún na nGall.

Cé gur tháinig laghdú níos mó ná 40% ar líon na gcásanna nua ansin le seachtain anuas, 113 go dtí 66, bhí ráta 249 i gceist sa cheantar i ndeisceart Thír Chonaill go fóill.

Thit líon na gcásanna agus an ráta scaipthe sa dá thoghcheantar Gaeltachta eile i nDún na nGall.

Sna Gleannta, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill, thit an ráta ó 130 go dtí 96 agus 23 cás nua ar fad aimsithe sa cheantar idir an 23 Feabhra agus an 8 Márta. Ráta 58 a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach agus ocht gcás a deimhníodh ann le coicís anuas.

Tá toghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, anois ar cheann de na ceantair is ísle sa stát atá an ráta. Deimhníodh níos lú ná cúig chás sa cheantar le coicís anuas. Ráta 1,053 a bhí i gceist sa cheantar i lár mhí Eanáir nuair a aimsíodh 388 cás in achar coicíse.

Lios Mór i bPort Láirge an t-aon cheantar eile sa stát inar deimhníodh níos lú ná cúig chás le cúpla seachtain anuas.

Tá an ráta scaipthe i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, anois níos ísle ná an meánráta náisiúnta den chéad uair le mí anuas. Thit an ráta i nDún Gharbhán ó 234 go dtí 102 le seachtain anuas. 21 cás ar fad a deimhníodh ansin idir an 23 Feabhra agus an 8 Márta.

I gCiarraí, sé chás nua ar fad a deimhníodh i gCorca Dhuibhne le coicís anuas. Ráta 42 atá i gceist sa cheantar. Ó dheas i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, bhí deich gcás nua i gceist agus ráta 40 ann.

Thit an ráta i gceantar Chonamara Theas ó 113 go dtí 70 le seachtain anuas. 15 cás ar fad a deimhníodh ann le coicís anuas. I gConamara Thuaidh, tá an ráta tite faoina leath, ó 93 go dtí 47. Ocht gcás nua a bhí sa cheantar idir an 23  Feabhra agus an 8 Márta.

Níor tháinig aon athrú ar an ráta (64) ná ar líon na gcásanna (8) i mBéal an Mhuirthead le seachtain anuas ach bhí titim i gceist i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Thit an ráta scaipthe ansin ó 131 go dtí 98 agus 18 cás ar fad da deimhníodh ann le coicís anuas.

I gcontae na Mí, thit an ráta i gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, ó 173 go dtí 119. Aimsíodh 37 cás nua sa gceantar idir an 23 Feabhra agus an 8 Márta.

Fág freagra ar 'Ardú ar an ráta scaipthe i dtoghcheantar Gaeltachta amháin, na figiúirí is ísle sa tír i nGaeltacht Mhúscraí'