Oiread na fríde di a bhí le feiceáil ar dtús, amhail is go raibh sí ag cromadh taobh thiar de na cnoic trasna an chuain. Bhí brothall mór an lae ag tréigean an aeir agus néal nóna ag fuineadh. Go tobann, d’éirigh sí sa spéir, ag nochtadh a háilleachta os comhair an tsaoil – an ghealach lán. Spréigh sí a cosán airgid thar toinn anall agus thit ciúnas ar an tráthnóna.
Leag beirt a bhí ag iascach na slata uathu agus rugadar ar na fóin le pictiúir a thógáil. Trasna an gharraí rinne madra tafann agus cluineadh an fheadóg lena nóta binn ag eitilt siar thar muir. Bhí an trá beagnach tréigthe, soilse na mótar ina línte snasta buí is oráiste ar bhóthar Chois Fharraige.
Ní raibh fágtha san uisce ach bean is fear óg agus iad ag spraoi, a nglórtha le cloisteáil sa gciúnas.
‘Imagine, in just two weeks’ time!’ a dúirt an bhean.
D’fhéadfadh go leor a bheith i gceist aici – an filleadh ar an scoil ina measc. Ach ní hea.
‘Two weeks from tomorrow we’ll be married,’ a dúirt sí ansin.
Bhí spéir an iarthair lasta gorm is dearg agus an bheirt ag imeacht den trá is bhí cosán na gealaí níos gile fós. Thosaigh éin ag glaoch ar a chéile, ceann ar an gcladach ag glaoch ar cheann ar an bhfarraige. Ón gclapsholas os cionn na habhann tháinig scréach ó chorr réisc agus las an solas rabhaidh do mhairnéalaigh ag ceann na céibhe. D’eitil trí chorr réisc go ciúin réidh as an dorchadas agus thuirling ar an trá fholamh. Go mall, shiúil péire acu isteach san uisce is sheasadar ann ag fanacht ar a seans.
Os a gcionn sin uile, bhí lán na ré ag faire, í bán san éadan. Bhí ceithre lá eile den teas mór tuartha don tír, caint ann go sárófaí an teocht is airde a tomhaiseadh riamh cheana in Éirinn ceann de na laethanta seo. Bhí an Fhrainc trí thine, bhí triomach i Sasana, bhí abhainn an Po san Iodáil gann ar uisce.
Ní hé nach raibh scéalta eile ann le cur leis an mbuairt is leis an míshuaimhneas: an tsíorchogaíocht san Úcráin; gorta san Afganastáin; triomach gan deireadh i dtuaisceart na hAfraice; boilsciú. An bhfuil ar ár gcumas nó de cheart againn taitneamh a bhaint as an dea-aimsir a thuilleadh?
‘Fainic!’ a deir an ghealach.
Ar scoil, d’fhoghlaim agus chan cuid againn an bailéad ‘The Rising of the Moon’, leis an bhfile John Keegan Casey, a cumadh sa 19ú haois faoi eachtra a tharla le linn Éirí Amach 1798. Ba chomhartha chun gnímh a bhí in éirí na gealaí do na hÉireannaigh Aontaithe.
Bhí pictiúir go leor den ghealach ag éirí á roinnt ag daoine ar na meáin shóisialta. Cén teachtaireacht a bhí ag an ngealach dúinn? Mar is léir gur tugadh aird ar a háilleacht, ach an dtabharfar aird ar bith ar a teachtaireacht?
‘Fainic!’ a deir sí. ‘Tá an t-am á mheilt agaibh.’
Agus an oíche ag teannadh léi, ní raibh le cloisteáil ach na héin ag glaoch ar a chéile agus glór na habhann is í ag sileadh léi chun farraige. Agus corr-oibriú tuirseach na mara. Amhail is go raibh tréaniarracht á déanamh ag an Nádúr geoin shíoraí na himní atá le haireachtáil ar na saolta seo a mhúchadh ar ár son.
An oíche dár gcionn, bhí lá álainn te eile curtha dínn againn. Ach ní mar an gcéanna an oíche a lean is an oíche a d’imigh. Bhí gaoth ag teacht thar farraige isteach. Bhí an spéir níos dorcha agus an chuma air go raibh an ghealach fós ina codladh.
Ag barr na trá, bhí teaghlach ag fáil réidh le taisteal abhaile, na gasúir cheana féin sa gcarr, na tuismitheoirí ag cinntiú go raibh chuile rud tugtha leo acu.
Gan choinne, tháinig béic ó chúl an chairr.
‘Look, it’s a harvest moon!’ a scread lead óg thart ar 10 mbliana d’aois, a chloigeann sáite amach tríd an bhfuinneog, a chroí ardaithe ag an ngealach os cionn na gcnoc.
‘It’s a harvest moon!’ a scread sé arís
Dhírigh a athair a fhón ar an spéir.
(Fuarthas amach ina dhiaidh sin gurbh í Gealach an Bhradáin Fhearna (‘Sturgeon Moon’) a bhí le feiceáil sa spéir an tseachtain úd. Na Meiriceánaigh Dhúchasacha a thug an t-ainm sin ar ghealach mhí Lúnasa mar gheall ar a fhairsinge is a bhíodh na bradáin fhearna agus éisc eile sna Lochanna Móra an tráth sin den bhliain.)
Ar chúl na céibhe, bhí fear ag caint faoi ronnachaí is chomh gann is atádar le blianta beaga anuas. Ansin thug sé an ghealach faoi deara.
‘Tá sí dearg,’ a dúirt sé. ‘Tá sí dóite.’
Ach muide a bhí ag dó, an domhan a bhí dóite.
Is dóigh go bhfuil sé áibhéalach a bheith ag ceapadh go bhfuil an ghealach ag caint linn. Ach an bhfuil sé chomh háibhéalach leis an méid a shamhlaíonn Elon Musk, Jeff Bezos agus a gcairde nuair a bhreathnaíonn siad ar an ré nó ar na réaltaí.
‘Níl aon Phláinéad B ann,’ a deir an ghealach.
Bhí an dorchadas ag treisiú agus gan aon lagú ar an ngaoth. Ó cheann na céibhe tháinig fuaimeanna, ach ní fuaimeanna an Nádúir a bhí iontu an oíche sin, ach buidéil fholmha phlaisteacha á séideadh sall is anall agus an clár ar bhosca pizza tréigthe á lascadh is á lascadh ag an ngaoth i gcoinne na gcéimeanna in airde go dtí an solas rabhaidh. Ar fhagáil an chladaigh dom, bhí mo dhá ghlac lán, ach faraor ní le ronnachaí é mar a tharlaíodh tráth, ach leis na buidéil phlaisteacha.
“Don’t it always seem to go that you don’t know what you’ve got ‘til it’s gone,” a chan Joni Mitchell ina hamhrán Big Yellow Taxi breis is leathchéad bliain ó shin.
Cé nach nguífeadh chuile rath agus fad saoil ar an lánúin óg sin atá ar tí pósadh agus ar aon pháiste a thabharfadh siad ar an saol. Cé nach nguífeadh saol fada suaimhneach ar an lead óg a bhí chomh corraithe sin faoin ngealach ag éirí.
Céard a bheas le rá acu amach anseo? Bhí lán na gréine de lá againn agus lán na gealaí d’oíche againn. Nárbh leor sin?
Eoghan Ó Néill
Gura maith agat as an phíosa iontach draíochtúil sin lán de phictiúirï i dtaobh na gealaí tráth an bhrothaill. Beidh orainn uilig ár nósanna a athrú chun an scrois ar a dúlra a stopadh.
Máire Uí Dhufaigh
Píosa an-deas scríbhneoireachta le léamh maidin Domhnaigh. Teastaíonn tuilleadh den chineál seo.
Go raibh maith agat a Chiaráin..
Seosamh Ó Cuaig
An-mhaith, a Chiaráin. Ar bhealach chuirfeadh cuid den alt scríbhneoireacht
Pháraic Uí Chonaire i gcuimhne do dhuine.
JP
La vie est belle mais le monde est méchant.
BertieÓ hAinmhire
Píosa álainn scríobhneoireachta bail ó Dhia ort agus teachtaireacht fíor-thábhachtach istigh ann. Go raibh maith agat.