AR SON NA CÚISE: Tráma iarchoilíneach luaite le frith-Ghaeilgeoir ach is cosúil nach raibh air ach gur asshole é

Síleadh roimhe seo gur iarmhairtí an choilíneachais ba shiocair le fear meánaosta a bheith gránna gangaideach faoin nGaeilge

AR SON NA CÚISE: Tráma iarchoilíneach luaite le frith-Ghaeilgeoir ach is cosúil nach raibh air ach gur asshole é

Pictiúr: Pixabay

Tá sé tagtha chun solais nach tráma iarchoilíneach is cúis leis an dearcadh frith-Ghaeilge atá ag fear meánaosta agus nach bhfuil air ach gur asshole é.

Measadh go dtí seo gurbh amhlaidh gur ghnéithe éagsúla den siondróm iarchoilíneach ba chúis le dearcadh diúltach an fhir mheánaosta i leith na Gaeilge.

Bhí cairde Gaelacha an fhir go láidir den tuairim ar feadh blianta gurb é faoi ndear a mheon ná an chneá shíceach a d’fhág cos ar bolg an choncaire ar aigne mhuintir na hÉireann.

Maitheadh dó a dhearcadh dímheasúil agus tarcaisneach ar an teanga agus lucht a labhartha toisc gur ceapadh gurbh é an fuath dó féin ab údar leis.

Ach tá sé tagtha chun solais anois nach tráma iarchoilíneach a bhí ag gabháil don fhear meánaosta in aon chor agus nach raibh air riamh anall ach gur asshole ceart críochnaithe é.

Lena chois sin, tá sé faighte amach go heisiach ag Tuairisc.ie nach fuath dó féin an fhadhb is mó atá ag an bhfear meánaosta ach a chreideamh láidir gurb é féin a rug é féin.

Deir foinsí atá gar don asshole gur nuair a bhí sé ag cur de racht aineolach eile faoin nGaeilge éigeantach agus an fabhar a thugtar do Ghaeilgeoirí a tuigeadh do dhaoine go mb’fhéidir nárbh fhéidir an locht a leagan ar an gcoilíneachas sa chás seo.

Dúirt duine amháin de lucht aitheantais an asshole a bhí i láthair gurbh amhlaidh gur go tobann a bhuail sé daoine gur asshole an fear meánaosta agus gurbh in é a fhad agus a ghiorracht.

“Bhí mé ag éisteacht leis agus é ag spalpadh an gnáthshite faoin nGaeilge, nár cheart í a bhrú síos scornach daoine agus mar sin de.

“Ansin bhuail sé mé mar a bheadh splanc thuisceana ann: is cineál asshole mo dhuine, cac asail ceart de dhuine,” arsa an fhoinse gar don asshole.

Beidh le feiceáil cad iad na himpleachtaí a bheidh ag an scéal seo d’assholes eile a bhfuil siondróm an iarchoilíneachais déanta dá ngránnacht agus dá mbiogóideacht.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Tráma iarchoilíneach luaite le frith-Ghaeilgeoir ach is cosúil nach raibh air ach gur asshole é'

  • brianless

    Chuaigh sé go dtí tóin an scéil

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil gaeilge ar asshole.