AR SON NA CÚISE: Ráta scaipthe na Gaeilge tite faoi bhun a haon den chéad uair

Cé go ndúirt an Rialtas go raibh moladh mór tuillte ag an bpobal as na híobairtí go léir a rinne siad chun an teanga a choinneáil faoi chois, cuireadh fainic ar dhaoine gan na maidí a ligean le sruth

AR SON NA CÚISE: Ráta scaipthe na Gaeilge tite faoi bhun a haon den chéad uair

Tá fógartha ag an Rialtas go bhfuil an beart déanta againn agus ráta scaipthe na Gaeilge tite faoi bhun a haon faoi dheireadh.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Ghaeilge, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile í agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile í.

Maidir leis an tríú duine, tuairiscítear go bhfuil post faighte aige le Foras na Gaeilge.

Dúradh gur lá stairiúil a bhí ann i scéal na hÉireann agus ráta scaipthe na teanga faoi bhun a haon den chéad uair.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas i gcoinne na teanga breis agus céad bhlian ó shin nuair a aimsíodh ráigeanna di ar fud na tíre tráth a measadh í a bheith curtha faoi chois.

Cé go ndúirt an Rialtas go raibh moladh mór tuillte ag an bpobal as na híobairtí go léir a rinne siad chun an teanga a choinneáil faoi chois, cuireadh fainic ar dhaoine gan na maidí a ligean le sruth.

Chaithfí foghlaim, a dúradh, conas “maireachtáil in éineacht leis an nGaeilge” go ceann tamaill eile agus chaithfí cloí go fóill leis na nósanna a chuir faoi chois í – an béalghrá, an fhimínteacht agus an t-aineolas.

Moladh chomh maith do na hoibrithe sa líne thosaigh sna heagraíochtaí teanga fanacht dhá mhéadar amach ón bhfírinne i gcónaí.

Tá plé á dhéanamh ag na saineolaithe le tamall faoi cé acu is fearr an Ghaeilge a dhíothú nó glacadh léi mar a dhéantar leis an tochas.

Is é a gcinneadh léannta gur cuid den saol í an Ghaeilge agus nach bhfuil ann ach aon ráig di a thagann an bealach a thachtadh ar an bpointe, aer a choinneáil uaithi agus an dream aicídeach a leithlisiú, corrphlaicín a chaitheamh chucu agus iad a fhágáil astu féin.

Meastar go bplúchfaidh an polasaí sin an aicíd de réir a chéile, ach tá straitéis 20 bliain á hullmhú ar eagla na heagla.

Ag ollchruinniú de na heagraíochtaí Gaeilge inniu, pléadh na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le himeacht as na Gaeilge dóibh féin.

Aontaíodh gur den ghéar-riachtanas é púicín a chaitheamh i gcónaí agus duine ag déileáil le cás na Gaeilge, púicín a mbeadh dallóg air leis na súile a chosaint.

Ní hé amháin sin ach moladh go láidir go gcaithfí bodhráin ar na cluasa freisin mar go bhfuil fianaise nua ann ó na heolaithe is meabhraí sa domhan gur trí na cluasa a éalaíonn cuid den fhírinne isteach go dtí an intinn.

Dúirt Aire Junior B na Gaeltachta Seán Kyne go raibh maoiniú á chur ar fáil aige d’Fhoras na Gaeilge chun na púicíní seo a tháirgeadh agus a dháileadh in aon bhall den tír nach bhfuil siad in úsáid go dtí seo. 

Beidh maoiniú á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun tástáil a chur ar phobal na Gaeltachta féachaint an bhfuil imdhíonacht acu ar an nGaeilge nó an bhfuil an baol ann go bhféadfadh sí teacht aniar a dhéanamh sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Ráta scaipthe na Gaeilge tite faoi bhun a haon den chéad uair'

  • Bríd

    Ná dearmad ar an €5,000,000 don Phol. Éadóchais don Ghaeilge atá caite le sruth ag lucht na neamhshuime….