AR SON NA CÚISE: ‘Chuirfeadh Acht Gaeilge leis an athrú aeráide, dá mbeadh a leithéid de rud ann is athrú aeráide’

Deir an Ridire Roland Brimstone gur ‘tubaiste’ a bheadh ann dá dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach ó thuaidh

AR SON NA CÚISE: ‘Chuirfeadh Acht Gaeilge leis an athrú aeráide, dá mbeadh a leithéid de rud ann is athrú aeráide’

Tá ráite ag polaiteoir sinsearach aontachtach go ndéanfadh Acht Gaeilge “an t-athrú aeráide seacht n-uaire níos measa, dá mbeadh a leithéid de rud ann agus athrú aeráide”.

In agallamh eisiach le Ar Son na Cúise, dúirt an Ridire Roland Brimstone gur “tubaiste” a bheadh ann dá dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach ó thuaidh agus go raibh “miotais is bréaga” á scaipeadh faoin nGaeilge.

“Chomh siúráilte is a chruthaigh Dia an ghrian ar an gceathrú lá i mbun oibre dó 6,000 bliain ó shin, chuirfeadh Acht Gaeilge ar bhealach ár mbasctha sin. Dhéanfadh Acht Gaeilge an t-athrú aeráide seacht n-uaire níos measa, dá mbeadh a leithéid de rud ann agus athrú aeráide.

“Deirtear linn gur teanga ársa í an Ghaeilge a bhaineann linn ar fad amhail is go raibh sí á labhairt ag daoine aimsir na ndineasár féin!

“Tuigim gur caitheamh aimsire ag daoine áirithe an Ghaeilge agus an cead sin acu, agus níl aon fhadhb agam leis sin. Ach is Capall Traí an tAcht, agus istigh sa Chapall Traí sin tá beirt den inscne chéanna agus ceangal an phósta á chur orthu i searmanas ina bhfuil an Ghaeilge éigeantach, díreach mar a theastaigh ó Ard-Chomhairle an IRA riamh anall.”

Chuir Brimstone i leith Shinn Féin go raibh ‘uirlis chatha pholaitiúil’ á déanamh den teanga acu.

Dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin, Fíorghael Ó Fál, nach mbeadh baint ná páirt ag an bpáirtí le “cluichí polaitiúla” faoin nGaeilge.

“Léiriú ar pholaitíocht gan mhaith Roland Brimstone agus a chairde na líomhaintí seo,” a dúirt Ó Fál.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin go bhfuil an tAcht Gaeilge ina “bhunphrionsabal” de chuid an pháirtí “ó thús an tsamhraidh ar a laghad”.

Chuir an eite dhearg de Chonradh na Gaeilge amach an ráiteas úd atá acu faoi fheachtas “pobalbhunaithe” agus na Náisiúin Aontaithe. Luadh leis rud éigin faoi “ceartbhunaithe” agus “traspháirtí”.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘Chuirfeadh Acht Gaeilge leis an athrú aeráide, dá mbeadh a leithéid de rud ann is athrú aeráide’'