Ar mhaith leat imirt i bPáirc an Chrócaigh lá chluichí ceannais na mban TG4?

Tá Cumann Pheil na mBan, an LFGA, ag tabhairt cuireadh do suas le 180 cailín agus bean páirt a ghlacadh in imeachtaí chluiche ceannais peile na mban i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chugainn

Ar mhaith leat imirt i bPáirc an Chrócaigh lá chluichí ceannais na mban TG4?

Is é mian a gcroí ag go leor imreoirí CLG imirt i bPáirc an Chrócaigh agus tá sé i gceist ag an LGFA an deis sin a thabhairt do shlua cailíní agus mná an mhí seo chugainn.

Tá cluichí ceannais sinsir, idirmheánach agus sóisir peile na mban le himirt Dé Domhnaigh, 25 Meán Fómhair agus tá an LGFA ag iarraidh cuireadh a thabhairt do suas le 180 duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae.

Tabharfar an deis do shé fhoireann faoi10 agus sé fhoireann Gaelic4Mothers & Others imirt ar an bpáirc ag leath ama sna cluichí idirchontae. Chomh maith leis sin, táthar ag iarraidh trí fhoireann faoi14 chun réiteoireacht a dhéanamh ar na cluichí uile, chomh maith le foireann faoi14 eile chun feidhmiú mar ghiollaí liathróide i rith na gcluichí ceannais.

Aon chumann ar mian leo a bheith páirteach an lá sin, níl orthu ach an fhoirm seo a líonadh amach agus é a sheoladh ar ais chuig an LGFA roimh an Aoine, 19 Lúnasa.

Mar chuid den iarratas, caithfidh na cumainn atá ag iarraidh cur isteach ar an gcomórtas cur síos a dhéanamh ar an gcúis go bhfuil áit tuillte acu i bPáirc an Chrócaigh. Is féidir é seo a dhéanamh mar phictiúr, dán, físeán nó aon mheán eile.

Fág freagra ar 'Ar mhaith leat imirt i bPáirc an Chrócaigh lá chluichí ceannais na mban TG4?'