Ar mhaith leat go mbuafadh Sasana Corn an Domhain? Chuireamar ceist ar roinnt Gael…

Anocht imreoidh foireann Shasana i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain den chéad uair ó 1990 agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann na Cróite. D’fhiafraigh Tuairisc.ie de roinnt Gael cé leis a mbeidís ag tacú?

Ar mhaith leat go mbuafadh Sasana Corn an Domhain? Chuireamar ceist ar roinnt Gael…

Damien Ó Dónaill, Craoltóir le Raidió na Gaeltachta

Tá mé iomlán cinnte de nach mbeidh mé ag tacú le Sasana agus iad ag imirt in éadan na Cróite. An Chróit atá agam mar fhoireann i mbliana sa tarraingt atá ag foireann an raidió i nDún na nGall. Cé gur mhaith liom Sasana a fheiceáil sa chluiche ceannais dá mbeadh siad ag imirt i gcoinne foireann ar bith eile. Bíonn níos mó briseadh croí ann má chailltear an cluiche ceannais. Bainim an-sult as a bheith ag éisteacht le chomh dóchasach agus atá na Sasanaigh. Bíonn Corn an Domhain bainte acu ina n-intinn gach bliain sula dtéann siad ann fiú!

 

Ciara Ní É, scríbhneoir agus bunaitheoir REIC

Níor bhreathnaigh mé ar oiread is cluiche amháin peile ó thosaigh Corn an Domhain. Má théann sé ar aghaidh go ciceanna éirice, caithfidh mé súil air, agus is ar son na Cróite a bheidh mé ag screadaíl. Níor mhaith liom go mbuafadh Sasana Corn an Domhain má bhíonn mé ionraic leat! Bhínn i mo chónaí i Sasana ar feadh tamaill agus is iomaí cara atá agam ann. Beidh mé sásta ar a son má bhíonn an bua acu ach beidh mé sásta do mhuintir na hÉireann agus gach tír a ndearna Sasana coilíniú agus slad orthu mura mbíonn.

 

Máirtín Ó Muilleoir, ball tofa tionóil de chuid Shinn Féin

Beidh mé ag tacú leis an Chroit agus paidrín á rá agam ar a son fosta.

 

Angus Lambkin

Angus Lambkin, oibrí fóirithinte leis na Náisiúin Aontaithe

Is foireann óg chumasach iad Sasana atá gar dúinn agus gaolta linn fiú, Kane mar shampla! Ní hionann na meáin agus na himreoirí. Déarfainn nach mbeinn ina gcoinne ach ní bheinn chomh láidir sin ar a son. Is breá liom an méid imreoirí a thagann ó chúlra imirceach atá ar an dá fhoireann agus is maith an teachtaireacht an saibhreas sin. Dá mbainfeadh Sasana Corn an Domhain, tá ráite go mbeadh neamhspleáchas á éileamh in Albain taobh istigh de choicís. Is dócha nach mbeidís in ann na meáin a sheasamh. Má fhaigheann siad an bua, mar chomharsa, mar chara agus mar ghaol le roinnt daoine as Sasana ní dhiúltóidh mé comhghairdeas a ghabháil leo.  Ach bheinn níos sásta déarfainn dá mbeadh an bua ag tír bheag cosúil leis an Chróit nó an Bheilg. 

 

Scott de Buitléir, scríbhneoir agus bainisteoir margaíochta

Ní raibh a fhios agam, fiú, go raibh cluiche ar siúl anocht. Seans maith go mbeidh mé ag amharc ar an dara sraith de Queer Eye ar Netflix, ag glanadh an tí agus ag pleanáil mo thurais go Vancouver agus San Francisco níos déanaí i mbliana. Níl suim dá laghad agam i sacar; ní amharcaim ach ar na Sé Náisiún, agus ní thacóinn le Sasana choíche ansin!

 

Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir

Beidh mé ag tacú le Sasana, cinnte. Sasanach ab ea mo sheanmháthair – mar sin caithfidh mé a admháil go bhfuil fuil Ghallda ionam! Is dócha gur ‘ceathrú Shasanach’ mé. Tógadh m’athair in Éirinn, i gCo na Gaillimhe agus cé go raibh sé glan in aghaidh an fhoréigin, ba phoblachtánach é ina chroí istigh. Ní dóigh liom go dtacódh seisean le Sasana dá mbeadh sé fós beo! 

Aisteach go leor, áfach, d’fhás triúr deartháireacha leis aníos i Sasana agus throid siad siúd in arm na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda. Agus ba i Sasana – i gCaisleán Windsor – a fuair m’athair bás tobann beagnach daichead bliain ó shin. Agus cé a tháinig i gcabhair air nuair a phléasc a chroí ach altra na banríona a bhí ag dul thar bráid ar a rothar. Ise a thug póg na beatha dó.  Bheinn féin den tuairim go mb’fhéidir go ngéillfeadh m’athair do phóg na beatha ó dhuine ar bith eile ach nach raibh bealach ar bith go ligfeadh sé do dhuine ar bith a raibh aon bhaint aici le banríon Shasana beocht agus anáil a chur ann arís! 

Pé scéal é, b’in daichead bliain ó shin. Ó shin i leith, chaith mé féin cúpla bliain ag obair i Sasana agus caithimse roinnt ama i gCorn na Breataine le col ceathracha liom (gur Sasanaigh iad).  Ní dhéanfaidh aon duine againn dearmad ar an stair agus sílim go bhfuil botún ollmhór á dhéanamh ag an mBreatain agus iad ag imeacht ón Eoraip.

Fós féin, is comharsana muid. Rinne Comhaontú Aoine an Chéasta go leor a athrú. Tá súil agam nach ndéanfaidh an Breatimeacht dochar don chomhaontú sin ná don ghaol atá cothaithe idir an tír seo agus an Bhreatain le roinnt blianta anuas.  Is Tiobraid Árannach mé féin agus níor mhaith liom a bheith ar nós an té a dúirt ar Sky Sports roinnt blianta ó shin (agus cónaí air i Sasana le 40 bliain) nach dtacódh sé le Sasana ach amháin dá mbeidís ag imirt iománaíochta in aghaidh Chill Chainnigh!

Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Ar ndóigh tá mé ag tacú le Sasana! Ní raibh Gael ann riamh nach bhféadfaí a cheannach, mar a thuig na Sasanaigh féin go maith. Fuair mé foireann Shasana i scuaibín Tuairisc.ie agus níor chodail mé néal ó shin ach ag smaoineamh ar an saibhreas a bheas le fáil agam nuair a bheidh an bua ag foireann Southgate agus ag fear Chonamara. Rule Britannia agus tiocfaidh a lá. Is beag is fiú 800 bliain nuair atá €40 le buachan!

 

Gabriel Rosenstock, file

Is iad na Crótaigh na filí haiku is fearr san Eoraip agus b’fhéidir go bhfuil rud éigin á rá ag Dina Franin linn faoin gcluiche ar an gCéadaoin:

poslinge bitke
crvene se makovi
napolju poginulih

tar éis an chatha
poipíní dearga
ar pháirc an áir

Fág freagra ar 'Ar mhaith leat go mbuafadh Sasana Corn an Domhain? Chuireamar ceist ar roinnt Gael…'