Ar a iarratas féin a baineadh próifíl príomhoide de shuíomh Shinn Féin

Tá iarrtha ag príomhoide Choláiste Chú Chulainn, Tomás Ó Searcaigh, ar Shinn Féin fiosrúchán a chur ar bun maidir leis an mhí-úsáid a deir sé a baineadh as a phróifíl ar shuíomh an pháirtí

Ar a iarratas féin a baineadh próifíl príomhoide de shuíomh Shinn Féin

Is ar a iarratas féin a baineadh de shuíomh idirlín de chuid Shinn Féin próifíl de Thomás Ó Searcaigh, príomhoide Choláiste Chú Chulainn i gContae Lú.

Tá Ó Searcaigh, atá ina chomhairleoir contae do Shinn Féin chomh maith, ag plé faoi láthair leis an aighneas mór atá ar siúl faoi stádas Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn.

Tuairiscíodh níos luaithe an tseachtain seo gur baineadh de shuíomhanna idirlín éagsúla tagairtí do Choláiste Lú, ina measc na tagairtí a bhí i bpróifíl Uí Shearcaigh ar shuíomh idirlín Shinn Féin i gcontae Lú.

Dúirt Tomás Ó Searcaigh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna gur baineadh anuas a phróifíl de shuíomh Shinn Féin ar iarratas uaidh féin mar gheall gur úsáideadh an pictiúr a bhí ann gan chead.

“D’iarr mé go ndéanfaí é sin mar go raibh ceisteanna ann maidir le mo phictiúr a bheith á úsáid sa dearadh a bhí ar bhileog eolais/póstaer a rinneadh gan chead,  agus mar gheall [ar a thionchar sin] ar mo stádas mar Chomhairleoir Contae agus m’obair ghairmiúil.

“Tá comhoibriú á lorg agam ó fhoireann agus ó oifigigh Shinn Féin chun an scéal sin a fhiosrú,” a dúirt Tomás Ó Searcaigh tráthnóna.

Dheimhnigh Tomás Ó Searcaigh agus Sinn Féin le Tuairisc.ie inniu go bhfuil sé ina bhall den pháirtí sin i gcónaí.

Tugadh le fios freisin go bhfuil iarrtha ag Ó Searcaigh ar Shinn Féin fiosrúchán a chur ar bun  maidir leis an mhí-úsáid a deir sé a baineadh as a phróifíl ar shuíomh an pháirtí.

Tá an príomhoide agus comhairleoir contae de chuid Shinn Féin sáite i gconspóid le roinnt seachtainí anuas mar gheall an tsáinn ina bhfuil an t-aonad lán-Ghaeilge, Coláiste Lú, aonad atá faoi chúram Choláiste Chú Chulainn.

Tá tuismitheoirí agus daltaí de chuid Choláiste Lú i mbun agóide ó thús na míosa chun a míshástacht a chur in iúl faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil agus cuireadh picéad ar oifigí LMETB, Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

Mhaígh an grúpa tuismitheoirí an tseachtain seo go bhfuil iarracht ar bun Coláiste Lú “a ghlanadh” den saol i ndiaidh gur baineadh ainm an aonaid Ghaeilge ó shuíomhanna éagsúla, suíomh na scoile, suíomh an LMETB agus an suíomh de chuid Shinn Féin ina measc.

Tá Gerry Adams, iaruachtarán Shinn Féin agus Teachta Dála de chuid an pháirtí i gcontae Lú, i measc na bpolaiteoirí a bhfuil tacaíocht léirithe acu do  thuismitheoirí agus do dhaltaí Choláiste Lú.

Dúirt Adams chomh maith nár chóir ceist phearsanta a dhéanamh den scéal, ná aon iarracht a dhéanamh míchlú a tharraingt ar aon duine, príomhoide na scoile, Tomás Ó Searcaigh, san áireamh.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo ar maidin go bhfuil cás conspóideach Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn, anois á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.

Fág freagra ar 'Ar a iarratas féin a baineadh próifíl príomhoide de shuíomh Shinn Féin'