Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag tarraingt aird ar chás na n-agóideoirí sa Bhealarúis

Tá agóidí ar bun sa Bhealarúis faoi láthair agus daoine ag cur i gcoinne thoradh thoghchán na huachtaránachta a reáchtáladh sa tír an mhí seo caite

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag tarraingt aird ar chás na n-agóideoirí sa Bhealarúis

Tá Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a bhfuil aird á tarraingt acu ar chás agóideoirí sa Bhealarúis.

Bhí Celia de Fréine, cathaoirleach an Aontais, ar dhuine den ghrúpa a scríobh litir a foilsíodh san Irish Independent ag cur a n-imní in iúl faoi mar atá á chaitheamh le léirsitheoirí sa tír sin i láthair na huaire.

Dúradh sa litir, atá sínithe chomh maith ag PEN na hÉireann agus ag Ceardchumann Scríbhneoirí na hÉireann, gur cúis mhór imní é go bhfuil foréigean á úsáid chun léirsithe a chur faoi chois.

Iarradh sa litir go dtarraingneofaí siar na cúisimh atá curtha i leith cuid de na hagóideoirí –Svetlana Alexievich, scríbhneoir aitheanta a bhfuil duais Nobel buaite aici, agus Pavel Latushko, stiúrthóir Amharclann Náisiúnta na Bealarúise, ina measc.

Molann lucht scríofa na litreach iarrachtaí na n-agóideoirí an agóid a dhéanamh go síochánta agus tacaíonn le saoirse na ndaoine páirt a ghlacadh sna léirsithe.

An toradh a fógraíodh ar thoghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo caite a spreag na hagóidí atá ar bun sa Bhealarúis faoi láthair.

D’fhógair an tUachtarán Alexander Lukashenko, a bhfuil 26 bliain caite aige ina uachtarán, go raibh 80% den vóta faighte aige féin sa toghchán ach níor glacadh leis an toradh sin agus spreagadh na céadta míle duine le dul amach ar na sráideanna ag léirsiú.

Meastar go bhfuil breis agus 7,000 duine gafa ag na húdaráis de bharr na hagóidíochta agus tá na céadta eile gortaithe.

Fág freagra ar 'Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag tarraingt aird ar chás na n-agóideoirí sa Bhealarúis'