‘An tUasal M. Mac Lir, Radharc na Mara, Contae Dhoire’

FRIOTAL: Tá botún coitianta déanta i dtaobh scéal Mhanannán mac Lir a tharraingeoidh fraoch na ndéithe orainn luath nó mall

ManMissingIcon

Tá Manannán mac Lir go mór sa nuacht le seachtain anuas. Is ea, an t-aon neach i bPaintéón na nGael ar ainmníodh tearmann cánach in ómós dó. Rinne John Sutton, ealaíontóir, dealbh de sheantiarna na farraige, dealbh a cuireadh ina seasamh ar mhullach Bhinn Fhoibhne, áit a raibh radharc fairsing farraige ag an seanleaid. Bhí go maith go dtí an tseachtain seo caite, nuair a d’imigh an dealbh gan tásc gan tuairisc. Ní fonn snámha ba chúis leis an imirce seo, ach uirlisí troma tionsclaíochta agus buíon fear a bhain an dealbh dá bonn agus a d’ardaigh leo í.

Fágadh nóta – i mBéarla, mar bharr ar an donas. Ní éileamh ar airgead fuascailte a bhí scríofa air, ach leagan den Chéad Aithne: ‘Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair’. Is é an bhrí a bhain idir phreas agus phóilíní as an méid sin ná gur Críostaithe a rinne an fuadach. Bharúil tráchtairí áirithe gur cor in aghaidh an chaim a bhí ann, i ndiaidh do scata maistíní cros Chorrán Tuathail a leagan ar lár.

Bíodh is gur pearsa mhiotaseolaíochta é Manannán, ní easurramach an mhaise dúinn an cheannlitir a fhágáil ar lár sa dara focal dá ainm. Ní sloinne é ó cheart, ach ainm sinsearthachta. Ní hé go raibh ‘An tUasal M. Mac Lir, Radharc na Mara, Contae Dhoire’ ar chlár na vótálaithe riamh – ná Fionn Mac Cumhaill ach oiread. Níl ann ach gur mac le Cumhall a bhí i bhFionn. Mór an trua nach bhfuil dia ann a mbeadh sé de chumhacht aige an méid sin a chur ar a súile do scríbhneoirí Béarla.

Tá botún coitianta eile ann a tharraingeoidh fraoch na ndéithe orainn luath nó mall. A leithéid seo, ó shuíomh Gréasáin an BBC: ‘Manand is the old Irish name for the Isle of Man and as his surname suggests, he was the son of Lir, meaning sea’. Anois, ní ag dul ‘thar lir’ a bhíonn taistealaithe. Ní hamhlaidh a bhíonn adharca fada ar na buaibh ‘thar lir’. Ní raibh a leithéid de dhuine agus ‘Lir’ ann riamh, in ainneoin na n-athinsintí agus na leathinsintí Béarla ar oidhe ‘The Children of Lir.’

Go deimhin, an té a léifeadh cuntas Dháithí Uí Ógáin – beannacht air – sa leabhar ‘Myth, Legend and Romance’, déarfadh sé gurb éagórach ‘dia na farraige’ a thabhairt ar Mhanannán bocht ar chor ar bith. Draoi a bhí ann de réir an scéil seo; ceannaí cleasach de réir an scéil seo eile. Pé acu duine nó dia é, tá súil agam go n-imreoidh sé a chuid cleas agus go dtiocfaidh sé slán ar na buailteoirí Bíobla a d’fhuadaigh é.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar '‘An tUasal M. Mac Lir, Radharc na Mara, Contae Dhoire’'