An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag filleadh le clár breise ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo

I measc na sraitheanna a bheas ag filleadh ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo, tá Ardtráthnóna, Sruth na Maoile, Bladhaire agus Cartlann Bhóthar na Léinsí

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag filleadh le clár breise ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo

Pictiúr: Máirín Ní Ghadhra, craoltóir 'An tSeachtain' ar RnaG

Craolfar dhá eagrán den chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag an deireadh seachtaine ar sceideal fómhair Raidió na Gaeltachta a fhógrófar inniu.

Plé agus anailís ar chúrsaí nuachta agus polaitíochta’ a bheas i gceist le clár mhaidin Dé Domhnaigh, agus deirtear go mbeidh cur chuige ‘níos réchúisí’ ar chlár an tSathairn.

Beidh aíonna éagsúla á gcur faoi agallamh ag an chraoltóir as na Forbacha gach seachtain agus míreanna rialta eile faoi chúrsaí staire, spórt agus toghchán na huachtaránachta i Meiriceá. Craolfar an dá chlár ag 11am.

I measc na sraitheanna a bheas ag filleadh ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo, tá Ardtráthnóna, Sruth na Maoile, Bladhaire agus Cartlann Bhóthar na Léinsí.

Agus an sceideal nua á fhógairt, dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta gur “bliain dhúshlánach” a bhí ann de bharr an Covid-19.

“Is bliain dhúshlánach a bhí in 2020 go dtí seo do chraoltóirí ar fud an domhain, ach mar sin féin tá sceideal láidir pleanáilte againn don fhómhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tá muid ag cur leis na cláracha beo ag an deireadh seachtaine le heagrán sa bhreis de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bheidh ar siúl ar an Satharn agus ar an Domhnach anois, clár a bhfuil an-tóir air.

“Beidh Bladhaire agus Sruth na Maoile ar ais agus duaiseanna idirnáisiúnta bronnta ar an dá chlár ó bhí siad ar an aer go deireanach.  Beidh muid ag tarraingt ón stór luachmhar cartlainne atá againn le sraith nua de Chartlann Bhóthar na Léinsí agus le tuilleadh ón dráma raidió Baile an Droichid, agus beidh an-fháilte ag éisteoirí roimh Mháirtín Tom Sheáinín ar ais ar an aer,” a dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta.

Beidh an craoltóir aitheanta Máirtín Tom Sheainín le cloisteáil ar Ardtráthnóna, a chraolfar ó Luan go Céadaoin idir a 2-3pm, agus ar an chlár seachtainiúil Togha agus Rogha maidin Dé Domhnaigh, ar feadh dhá mhí sula n-éiríonn sé as RTÉ RnaG.

Fillfidh Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig leis an tsraith de cheol as Éirinn agus as Albain Sruth na Maoile agus beidh an clár irise Bladhaire, le hÁine Ní Bhreisláin, ar ais don dara séasúr gach tráthnóna Déardaoin agus Aoine ag 3 pm.

Beidh an tsraith Cuideachta Ceoil le hEibhlín de Bhailís le cloisteáil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus Eibhlín ag súil go mór le tús a chur leis an tsraith.

Leanfar le hathchraoladh na gclár Baile an Droichid agus Leagan Cainte a bhíónn le cloisteáil le roinnt míonna anuas ar Raidió na Gaeltachta. Beidh an dá chlár le cloisteáil gach Déardaoin sa sceideal nua idir 2- 3pm.

Beidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ais ar an aer le cláracha spóirt gach deireadh seachtaine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 2pm, agus Reacaireacht an Tráthnóna gach Satharn óna 7pm.  Beidh na tuairiscí spóirt rialta á gcraoladh i gcaitheamh na seachtaine.

Ó thaobh na n-ealaíon de, leanfar leis an gclár An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock gach maidin Sathairn ag a 10.30am.

Fág freagra ar 'An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag filleadh le clár breise ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo'

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    “Tá muid ag cur leis na cláracha beo…le heagrán sa bhreis de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bheidh ar siúl ar an Satharn agus ar an Domhnach anois.”

    Tá mé thar a bheith sásta faoi seo. Tá Máirín iontach ábalta. Cinneadh ciallmhar atá ann go deimhin.

  • An Teanga Bheo

    Cumasach eolasach agus cliste is sea Máirin Ní Ghadhra bail ó Dhia uirthi.