An tSárshraith sacair? Bhí an sionnach i dteach na gcearc i bhfad roimhe seo…

Shílfeá go mba Dé Domhnaigh seo caite an chéad uair a thuig daoine gurb é an t-airgead agus ní ‘na fans’ bun agus barr an tsacair ardleibhéil

An tSárshraith sacair? Bhí an sionnach i dteach na gcearc i bhfad roimhe seo…

Úinéir Liverpool, John Henry, agus cathaoirleach an chumainn, Tom Werner. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Ar fud na hEorpa maidin Dé Luain seo caite dhúisigh lucht eagair agus leanta an tsacair ag an leibhéal is airde agus sceon iontu. Scéal scanrúil nach raibh súil dá laghad acu leis is cosúil a chuir ag crith iad.

Bhí an sionnach i dteach na gcearc agus é fógartha ag dosaen de na clubanna is cáiliúla i Sasana, sa Spáinn agus san Iodáil go raibh fúthu cúl a thabhairt dá gcuid comórtas náisiúnta agus Sár-Shraith dá gcuid féin a bhunú.

Ní thuigim cén fáth gur aniar aduaidh a tháinig an scéal ar na daoine uaisle seo. Ní inniu ná inné a casadh an sionnach céanna thart agus fios maith faoi seo aige gur tite de na hinsí atá doras theach na gcearc.

Bhí luaidreán an scéil cloiste an oíche roimhe acu siúd a chonaic Match of the Day ar BBC nó Sky Sports. Cháin Gary Lineker agus Alan Shearer saint na gclubanna a bhí i gceist agus a gcuid súl leata le hiontas go bhféadfadh a leithéid tarlú.
Beirt iad atá ag éirí dearmadach.

Deich mbliana fichead ó shin bunaíodh Príomhroinn Shasana, an comórtas as ar thuilleadar a gclú, a gcáil agus roinnt mhaith airgid. Más buan mo chuimhne b’amhlaidh a thréig clubanna amplacha Roinn 1 dream ba laige ná iad féin ar mhaithe le hairgead teilifíse an uair sin freisin.

Le seachtain bhí na gunnaí móra lódáilte ag UEFA agus FIFA agus iad faoi réir lena gcríocha a chosaint go bás. É dearbhaithe go raibh an fiús le lasadh sa gcás go leagfaí cos amháin féin ar a gcuid talún, nó dá mbainfí unsa ná orlach as a gcuid maoine.

Tá cleachtadh maith acu ar a bheith ag leagan amach córais chogaíochta faoi seo – uachtaráin a bhí ar chaon eagraíocht ar fionraí faoi láthair de bharr míbhainistíochta agus líomhaintí maidir le ciníochas, mí-úsáid mhaoine agus breabaireacht san aer leis na cianta.

Tá éadan ag an mbeirt atá i gceannas anois, Aleksander Čeferin agus Gianni Infantino, a bheith ag caint ar ‘shaint’ agus ar ‘fhéinleas’ na sraithe a bhí molta.

Uachtarán UEFA Aleksander Čeferin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Feicim freisin an cipín a bheith caillte ag mo sheanchara Príomh-Aire na Breataine é féin de bharr na Sár-Shraithe – geallta aige go ndéanfaidh a rialtas chuile iarracht nach n-éireoidh lena leithéid go deo.

Ag caint ar na clubanna a bhí ag imeacht nó go raibh athrú poirt acu, dúirt sé ‘I don’t think it’s right that they should be somehow dislocated from their home towns and home cities and turned into international brands and commodities without any reference to the fans who have loved them all their lives.’

Shílfeá go mba Dé Domhnaigh seo caite a thuig sé den chéad uair gurb é an t-airgead bun agus barr an tsacair ardleibhéil ina thír féin freisin.

Is beag de mheas a bhí ag Boris, an FA ná ag UEFA ar na ‘fans’ ná ar an bpobal as ar eascair siad nuair a ceadaíodh do leithéidí Sheikh Mansour ar fiú €27 billiún é Manchester City a cheannacht, nó nuair a fágadh Chelsea faoi úinéireacht Roman Abromovich (€10bn).

Is le leithéidí na beirte atá luaite agam 75% de chlubanna na Príomhroinne i Sasana anois – níl faoi úinéireacht Bhriotanach faoi láthair ach Brighton, Tottenham agus Newcastle.

Cé ar ndóigh nár luaigh sé an Ghearmáin, (cén chaoi a bhféadfadh sé a rá gur ag aithris ar chóras de chuid an AE atá sé), tá ceann de na seifteanna a luaigh Boris an ghrágáin bunaithe ar an gcaoi a bhfuil an Bundesliga leagtha amach. Deir an dlí ansiúd go gcaithfidh tromlach na scaireanna a bheith faoi úinéireacht an lucht tacaíochta i ngach ceann de na clubanna, fiú Bayern Munich agus Borussia Dortmund.

Mar is dual dó, nuair a tharraing Boris sin as an aer i rith na seachtaine, níor mhínigh an Príomh-Aire cén chaoi a n-áiteodh sé ar Abromovich, a bhfuil os cionn billiún euro caite aige ar Chelsea, tromlach a chuid scaireanna a thabhairt ar láimh do na Cockneys. Ní raibh aon chaint ach an oiread aige ar an mbealach a gcuirfeadh sé ina luí ar an Sheikh úinéireacht ar City a bhronnadh ar an gcosmhuintir in Moss Side.

Ní gá a rá gur aontaigh FA na Spáinne go láidir le Boris, le FIFA agus le UEFA.

Seo an dream céanna a cheadaigh do Barcelona fiacha €1.2 billiún a tharraingt orthu féin – €126 milliún de sin ag dul do chlubanna ónar cheannaigh Barca imreoirí le gairid agus gan a luach acu. Siad freisin nár thug suntas ar bith don chaillteanas €400 milliún a bhí ar Real Madrid le dhá bhliain – achar inar chaith siadsan €½ billiún ag ceannacht imreoirí.

An Santiago Bernabeu, staid Real Madrid. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Agus beagnach dhá shéasúr caite agus gan aon chead isteach ag lucht féachana ag cluichí La Liga, tá mórchlubanna na Spáinne ag íoc suas le 75% dá dteacht isteach ar thuarastal imreoirí. Tá ceadaithe dóibh oiread a chaitheamh á gceannacht agus a chaith siad trí bliana ó shin.

Ní gá duit a bheith chomh meabhrach ar chúrsaí airgeadais le Christine Lagarde le fios a bheith agat nach córas lochtach é sin.

Is fada an lá anois mé ag seanmóireacht faoi cheannas ceann a bheith faighte ag lucht an rachmais ar spórtanna ar mhaithe le brabús – sin tarlaithe de bharr neamhaird polaiteoirí agus lucht eagair, atá ag caoineachán anois amhail is dá mba as an aer a thit an taom.

Cá raibh siad leis na blianta fada nuair a bhí na 6 chumann Sasanach atá ag iarraidh dul sa tSár-Shraith ag tabhairt cúil do na pobail as ar sníodh iad? Agus tuilleadh lena gcois. Ní gan chúis gur ag Arsenal, Chelsea, Liverpool, Man. City, Manchester United agus ag Tottenham atá na ticéid séasúir is costasaí sa bPríomhroinn – idir €1,000 agus €3,200 an ceann.

Faraor freisin, is cosúil lucht an rugbaí a bheith ag tabhairt faoin gcosán céanna agus atá lucht an tsacair a thaisteal.

Tá 14% de Chraobh na 6 Náisiún anois faoi úinéireacht comhlachta a bhfuil CVC Capital Partners orthu – €413 milliún le fáil ag eagraíochtaí rugbaí Shasana, na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Fraince agus na hIodáile dá bharr.

Tá úinéireacht ag CVC freisin ar chuid de Phríomhroinn Gallaghers i Sasana, mar aon leis an Pro 14 agus is leo tromlach na scaireanna i Formula 1.

Tá sé ar na bacáin go ndíolfar sciar de rugbaí na hAfraice Theas leo freisin.

Le cearta teilifíse agus le carnadh airgid a bhaineann an obair seo ar fad agus bí cinnte go mbeidh mise agus tusa thíos leis ar bhealach éicint faoi dheireadh.

Bíodh nó ná bíodh is iarracht eile é dlúth agus inneach an spórt, mar a thuigimse é, a streachailt óna chéile. Ní bheirim dó ach mo mhallacht.

Moladh go deo le Cumann Lúthchleas Gael agus nach maith againn é. Nár lige Dia go dtiocfadh an lá go bhfaigheadh CVC nó a leithéid deis a lapaí salacha a leagan air.

Idir an dá linn fáisceadh muid chugainn féin na Campaí Samhraidh, na cluichí faoi aois, an lotó áitiúil, ballraíocht, bratacha club agus contae, na turais fhada agus ghearra (nuair a bheidh cead bóthair againn) agus chuile scléip eile nach é boladh an airgid atá uaidh.

Fág freagra ar 'An tSárshraith sacair? Bhí an sionnach i dteach na gcearc i bhfad roimhe seo…'