An Tíogar Gaelach ag ramhrú aríst – an bhfuil Críostaí ar bith fágtha in Éirinn?

Alpadh, sacadh placadh, suthaireacht, , pótaireacht, slogadh na coirre réisc, drabhlás, pléaráca, áineas, ráistéireacht, comhól, carús, ainmheasarthacht, , fleá chraois, craos-scléip. An dtugtar aon tseanmóir fúthu in aon séipéal?

croissant-648803_1920

An dtugann Críostaí ar bith aird sa lá atá inniu ann ar na seacht bpeaca marfach? An múintear in aon scoil iad? An dtugtar aon tseanmóir fúthu in aon séipéal?

Ar fhaitíos go bhfuil dearmad ar fad déanta orthu, seo iad na peacaí atá i gceist: uabhar, saint, drúis, craos, fearg, formad agus leisce.

Ní bhacfaidh mé leis an drúis, cé gurb é an t-ábhar is mó a dhíolann nuachtáin é. An craos a tháinig i m’intinn agus mé ag breathnú an Nollaig seo ar dhaoine ag slogadh agus ag longadh ar chuile thaobh díom.

Is iomaí focal Gaeilge a dhéanfadh cur síos air: alpadh, sacadh placadh, suthaireacht, caitheamh siar, pótaireacht, slogadh na coirre réisc, drabhlás, pléaráca, áineas, ráistéireacht, comhól, carús, ainmheasarthacht, meisceoireacht, fleá chraois, craos-scléip.

Fleá Bhrícriú ceart a bhí ann, anois go bhfuil an Tíogar Gaelach ag ramhrú aríst. Fleá Bacais, lena chur ar bhealach eile.

I bhfad sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn a bhí Brícriú ag cur laochra in árach a chéile i gCúige Uladh. Maidir le Bacas ní raibh aon bhaint aigesean ach an oiread leis an gCríostaíocht. Ba é Dia na talmhaíochta agus an fhíona ag na Rómhánaigh é.

Ní hé nach bhfuil neart bagairtí sa Sean-Tiomna agus sa Tiomna Nua faoin gcraos.

Seo cuid acu:

1.“Ná taobhaigh lucht na síormheisce,

ná craosairí gnáth na feola.

Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin,

Agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.”

2. “Má shuíonn tú ag bord le flaith, tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat. Cuir scian chun do scornaí. Má tá luí le craos agat.”

3. “Mac gaoismhear a choimeádann an dlí. Ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.”

4.“Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine. Agus is fíor an fhianaise í sin. Déansa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu.”

Ós a choinne seo ar fad, tabhair faoi deara go raibh amhras ar dhaoine áirithe faoi Chríost féin i dtaobh ithe agus óil. Tá an tagairt seo i soiscéal Lúcáis:

“Óir tá Eoin Baiste tagtha gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann.’ Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

Cuir é sin faoi d’fhiacail agus bí á chogaint, mar dúirt an té a dúirt.

Bhí an-áthas orm a chloisteáil go raibh an Pápa Proinsias ar aon fhocal liom faoi na cúrsaí seo aimsir na Nollag. Dúirt seisean freisin go bhfuil cuid mhór den domhan caochta ag tomhaltachas, héadónachas, saibhreas, rabairne agus naircisíocht.

Focla iad sin nach dtuigtear rómhaith ar thaobh an tsléibhe anseo in Aill na Brún ach tá siad ann agus is fiú go mór iad a chuartú sa bhfoclóir.

Creidim féin gur cheart go mbeadh an t-ochtú peaca marfach ann – in aghaidh a bheith ag cur bia amú.

Áirítear gur chuig an ionad dumpála a chuirtear an tríú cuid den bhia a cheannaítear in Éirinn. San áit chéanna a chríochnaíonn leath den bhia a cheannaítear i Meiriceá.

Sa mBreatain cuireann Kentucky Fried Chicken feoil milliún sicín de leataobh chuile bhliain mura mbíonn siad ite taobh istigh d’uair go leith a chloig tar éis a mbruith.

Dá stopfadh chuile dhuine in Aontas na hEorpa ag cur bia amú d’fhéadfaí daoine ocracha an domhain a bheathú agus bheadh cruacha bia fágtha fós.

Ina áit sin is é an chaoi a bhfuil údaráis Aontas na hEorpa ag cur rialacha i bhfeidhm a chuidíonn leis an gcur amú bia.

Sé leathanach déag atá sna rialacháin faoi na húllaí. Caithfidh siad a bheith 90g meáchain ar a laghad. Is iomaí leas a d’fhéadfaí a bhaint as na húllaí beaga, ar ndóigh, ach inis é sin dár máistrí sa mBruiséil.

Ní ceadmhach na meacna dearga ná na meacna bána a dhíol mura mbeidh dreach ceart orthu. D’fhéadfaidís a bheith ar an mbia is folláine amuigh ach mura bhfuil slacht agus cuma dhathúil orthu, amach a rachas siad.

An bhfuil Críostaí ar bith fágtha in Éirinn?

Fág freagra ar 'An Tíogar Gaelach ag ramhrú aríst – an bhfuil Críostaí ar bith fágtha in Éirinn?'

  • Mícheál

    Sibhse a leanas an t-ól go mór is feoil Aoine
    Is gach iomlat spóirt ón mbord go leaba aoibhinn
    Flaitheas na glóire más dóigh gur gealladh daoibhse
    Mealladh go mór iad ord na gCaipisíneach.

    • Seosamh Ó Cuaig

      Cá bhfuil an chuid eile den amhrán thuas le fáil?

  • padraig

    ‘Ní ceadmhach na meacna dearga ná na meacna bána a dhíol mura mbeidh dreach ceart orthu. D’fhéadfaidís a bheith ar an mbia is folláine amuigh ach mura bhfuil slacht agus cuma dathúil orthu amach a rachas siad.’ Is deacair e sin a chreidiuint ach ta se fior. Nar thug tu faoi ndeara dala an sceil an ‘chuma dhathuil’ ata ar na tratai atathar a dhiol anois, rudai granna geinmhodhnaithe comhchosula domblasta uisciula muisciula nach lobhann go ceann se mhi. An feidir ‘bia’ a thabhairt air sin a thuilleadh i ndairire? Ca’il an scamhard, an blas an dath agus an mhilseacht imithe? Agus na hulla! Cuid acu chomh mor le tornapai in ainm Chroim, nil aon teora curtha lena meachan de dheallramh agus is ag dul i meid ata siad a bhui leis na ceimiceain agus na ‘boosters’ ar fad a ghaibheann siad. Is i ‘tionscal na talmhaiochta’ faoi deara an craos seo ar fad agus gan ach aidhm amhain leis .i. airgead a charnadh. ‘Tomhaltachas’ a deir Joe an creideamh nua anois…..ceannaigh…ceannaigh …..ceannaigh