An tarraingt mhífhéaráilte is mó a thástálfaidh foireann na hÉireann

Ach más linn greim a fháil ar Chorn Webb Ellis, caithfidh muid na foirne is fearr a chloí ar an mbealach, bíodh sin luath nó mall sa gcomórtas

An tarraingt mhífhéaráilte is mó a thástálfaidh foireann na hÉireann

Sa mbád ceannann céanna atá foireann rugbaí na hÉireann agus a bhí siad ceithre bliana ó shin agus iad an uair sin thall sa tSeapáin ag réiteach don chéad chluiche i gcomórtas Chorn an Domhain sa Rugbaí. Bhí na hÉireannaigh rangaithe mar an fhoireann is fearr ar domhan an uair sin freisin agus iad tar séasúr iontach rugbaí a bheith acu ag baile.

Tá an stádas céanna acu anois arís agus iad sa bhFrainc le cúpla lá ag réiteach don chéad chluiche i gcomórtas domhanda na bliana seo, cluiche a imreofar in Bordeaux i gcoinne na Rómáine an Satharn seo.

Tá stádas agus cáil fhoireann na hÉireann níos airde ná ariamh. Tá Grand Slam eile sa mála acu ó chomórtas na Sé Náisiún agus níos tábhachtaí fós, den chéad uair ariamh, fuair siad an ceann is fearr anuraidh ar na hAll Blacks i sraith trí chluiche a imríodh sa Nua-Shéalainn.

Ní hamháin sin ach tá imreoir idirnáisiúnta rugbaí an domhain an séasúr seo caite, Josh Van Der Flier. Tá neart daoine ar aon fhocal go bhfuil Caelan Doris (uimhir 8), Dan Sheehan (húcálaí) agus Garry Ringrose (lár páirce) i measc na n-imreoirí rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair chomh maith. Agus sin gan tada a rá faoin stádas atá ag baint i gcónaí le Johnny Sexton, captaen na hÉireann, imreoir a bheas ag filleadh don chomórtas seo tar éis tréimhse fhada gortaithe agus fionraíochta aa chur de.

Faraor, ní scéal dearfach amháin atá ann i gcás na hÉireann.

Tharla an tarraingt don cheithre ghrúpa a bheas sa gcomórtas seo ceithre bliana ó shin nuair a bhí leagan amach an-éagsúil ar ordlathas rugbaí an domhain. Sa tarraingt sin bhí sé de mhí-ádh orainne gur sa ngrúpa céanna ina bhfuil Albain agus an Afraic Theas a chríochnaigh muid, sin Grúpa B.

Ní bheidh cead imeartha sna cluichí ceathrú ceannais ach ag dhá fhoireann as chuile ghrúpa, rud a chiallaíonn go gcaithfidh muid Albain nó na Springboks a chloí más linn imirt sa bhabhta ceathrú ceannais, sin ag glacadh leis go mbuailfidh muid An Rómáin agus Tonga, foirne atá i nGrúpa B freisin.

Ach mar bharr ar an mí-ádh, sna babhtaí ceathrú ceannais imreoidh an dá fhoireann a bheas ar bharr Ghrúpa B i gcoinne pé foirne a bheas ar bharr Ghrúpa A, grúpa ina bhfuil foireann an bhaile, An Fhrainc, agus iarchuraidh an chomórtais faoi thrí, an Nua-Shéalainn.

I mbeagán focal, beidh na chéad chúig fhoireann atá ar bharr ordlathas rugbaí an domhain faoi láthair – Éire, An Afraic Theas, An Fhrainc, An Nua-Shéalainn agus Albain –  ag imirt i gcoinne a chéile ar thaobh amháin den tarraingt agus gan áit sna cluichí leathcheannais ach do dhá fhoireann acu.

A mhalairt scéil atá ann maidir leis na dúshláin atá roimh na foirne móra atá ag imirt ar an taobh eile den tarraingt, Sasana, an Astráil, an Airgintín agus an Bhreatain Bheag, foirne nach bhfuil ag imirt rómhaith faoi láthair, faoi mar a tharlaíonn.

Mar sin féin, in ainneoin an leagan amach leataobhach atá ar an gcomórtas ó thaobh chaighdeán imeartha na bhfoirne, ní bheidh iontas ar aon duine má éiríonn le Sasana áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais, fiú agus iad ag an bpointe is ísle ariamh acu – san ochtú háit ar domhan.

Léargas maith é sin ar fad ar na dúshláin atá roimh fhoireann na hÉireann, foireann nár imir sna cluichí leathcheannais den chomórtas seo ariamh.

Ach más linn greim a fháil ar Chorn Webb Ellis, caithfidh muid na foirne is fearr a chloí ar an mbealach, bíodh sin luath nó mall sa gcomórtas.

An aon ábhar iontais é nach raibh an oiread Gael ag dul chun na Fraince ó aimsir Theitheadh na nIarlaí?

Fág freagra ar 'An tarraingt mhífhéaráilte is mó a thástálfaidh foireann na hÉireann'